Nuacht Chonamara
Ná bíodh muid...

Innéacs
Chonamara&
Árann

Iml 02:ág 07


éireAn Aimsir
Tearman
Smaoineamh don lá!

Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht

Gif Imeall!
An tImeall
PODCHRAOLADHÓN IMáLL. BLAG FUAIME I nGAEILGE.

Bél a' Phobail


Clár RnaG Inniú

Imeachtaí
sa
Cheantair

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Rád-out
Caorán na gCárc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Dáithí MacCárthaigh
Fág do rian! Cláraigh chun vótála!
Seanad Éireann

Rua Teil
Seirbhís Gaeilge


Líonra.com "Tá sé ar an raidio. Tá sé ar an idirlíon. Tá sé thart timpeall ort. Tá sé i do phóca!"

An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,Árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
An t-ionad faoi dheireadh?

Buaiteoirí an Oireachtais
Brian Ó Cuinneagáin, Leitheanach, An Caiseal.

Galway Advertiser 16/11/2006

17/11/06: Chuir an Comhairleoir Chontae Seosamh Ó Cuaig fáilte roimh an cinneadh go dtógfaí Ionad Cuairteoirí ag Teach an Phiarsaigh faoi dheireadh.
An Comhairleoir Ó Cuaig ag caint ag Teach an Phiarsaigh um Cháisc 2006.
Beidh sé á thógáil ag Údarás na Gaeltachta agus an Roinn Tuaithe, Pobail agus gaeltachta ar €2.5m. Bhí súil aige nach gealtannas toghchánaíochta a bheidh ann mar gealladh é seo don chéad uair i 2002. Mhol sé Muintir Ros Muc a choimead an brú ar na húdaráis ar feadh na blianta agus go gcoimeatar an brú céanna ortha go dtí go dtógtar an t-ionad.


Aontaithe leis an gCoiminséir

17/11/2006: Go dtí seo, tá tŪíocha seacht de na scéimeanna a leanas daingnithe faoi Alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Mairfidh gach scéim ar feadh tréimhse trí bliana, nó go dtí go mbeidh scéim nua daingnithe, cibé acu is déanaí.

Dar Iúpatar, Conamara!
16/11/2006: Tá daoine ann a shíl go raibh conamara ar dhomhan eile - anois tá an cruthúnas acu. Seo grianghraf a chuir NaSa ar fáíl do Lá inné do réimse ar dhromchla europa, gealach de chuid Jupiter, ar a dtugtar conamara. cén seans go dtabharfaidh eamon O cuív deontas le haghaidh spásárthach a sheoladh ann le fáil amach an mbíonn an sean-nós le cluinstin i gconamara ar europa?

Lá 16/11/2006

Pleananna Caithimh an Rialtais do 2007

17/11/2006: Agus é ag cur pleananna caithimh réamh-Bhuiséadach an Rialtais do 2007 i láthair, dúirt an tAire Airgeadais, Brian Ó Comhain, TD: "Tá geilleagar againn atá ag feidhmiú agus tír atá ag obair. Fiche bliain ó shin bhíomar ar cheann de na geilleagair ba mheasa sa domhan forbartha. Ach anois is eiseamláir den scoth muid agus tá cumas feidhmíochta againn a bhfuil sciar mhaith den domhan forbartha in éad leis. Le linn na ndeich mbliana seo caite, le polasaithe fiúntacha an Rialtais seo agus diansaothar mhuintir na hÉireann tá dea-chlaochlú tar éis teacht ar an tír."
Seo an píosa as a bhaineann leis an Ghaeilge agus an Gaeltacht.


€39,600 le haghaidh Scéim Oiliúna CLG

15/11/2006: Tá fógartha ag Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuil deontas breise de €19,800 in aghaidh na bliana ceadaithe aige don tréimhse phíolótach dhá bhliain atá fágtha ar an mbundeontas don Scéim Oiliúna CLG. Tá sé seo sa mbreis ar an €84,500 a cheadaigh sé do Chomhairle Chonnacht den Chumann Lúthchleas Gael i mí Lúnasa 2005. Bunaíodh an scéim chun oiliúint bhreise i scileanna iománaíochta agus peile a chur ar fáil trí Ghaeilge do dhaltaí bunscoile agus iar-bhunscoile. Cuideoidh an deontas seo chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an Scéim Oiliúna atá i nGaeltacht Chonamara, Dhúiche Sheoigheach agus Árainn.

Ceiliúradh agus Anailís ar TG4

15/11/2006: Reáchtálfar seimineár lae ar ócáid dheich mbliana an stáisiúin teilifíse Gaeilge TG4 ar an Satharn 25 Samhain in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, i gcomhar le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh, atá ag eagrú na hócáide le urraíocht ó Fhoras na Gaeilge.
Tuilleadh faoi seo

Sean-nos na mBan

15/11/2006: Tá oíche mhor rompu siúd a bhfuil toir acu ar amhránaíocht thraidisiúnta na mBan ar an gCéadaoin, 22ú Samhain, nuair a thagann cuid de na hamhránaithe sean-nois is clúití i gConamara le chéile ar ardán Amharclann na Cathrach, Gaillimh, i gcoir Sí-Nos - coirmcheoil sean-nois le corr ann!
An scéal seo san Galway Independent

Lotto i mBaile na hAbhann

14/11/2006: Is féidir ticéid Lotto a cheannach i dTí Dick ar Bhaile na hAbhann anois. Aistríodh Oifig an Phoist ansi níos túisce sa bhliain.

Bánú na tuaithe cáinte.

14/11/2006: In agalamh ar raidío na Gaeltachta ar maidin dúirt an Ceantalaí Proinsias Ó Conaire, ón gCeathrú Rua, go bhful an-éileamh ar tithe i gcónaí. Tá an-thoir ar tithe thuas chun €400000 ach thar sin níl mórán.
Cháin sé an polasaí atá ag luch pleanála an Chomhairle Chontae, daoine óga a bhrú isteach sna bailte in ionad tithe aonair a thógáil faoin tuath mar ba gnáth i gcónaí.


Déan vótáil ach ní mór Béarla a bheith agat!

10/11/2006: Tá feachtas ar bun ag an Roinn Comhshaoil chun clár na vótóirí a thabhairt suas chun dáta roimh olltoghchán na bliana seo chugainn. Foilseofar dréachtchlár vótóirí ar 1 Feabhra na bliana seo chugainn agus tiocfaidh an clár i bhfeidhm i gceann bliana, ar 15 Feabhra.
Cé go bhfuil feachtas fógraíochta dátheangach ar theilifís agus sna meáin eile is beag Gaeilge atá le feiscint anseo. Más mian leatsa gearán a dhéanamh scríobh chuig Info@lgcsb.ie (An Bord Seirbhísí Ríomhaire Rialtais Áitiúil-BSRRA). Is cosúil nach féidir leis an Coimisinéir Teanga a dhéanamh faoi go dtí go gcuireann an BSRRA a phlean teanga isteach cuige.
An scéal seo i Lá
An scéal seo i bhFoinse


Lámhleabhar leighis

10/11/2007: Sheol Feidhmeannas Sláinte an Iarthair (FSI) lámhleabhar leighis as Gaeilge, an tseachtain seo, chun freastal a dhéanamh ar chearta teanga bhunadh Gaeltachta an réigiúin.
Is é aidhm an lámhleabhair, Leaganacha Leighis, cabhrú le dochtúirí agus le haltraí cumarsáid a dhéanamh le cainteoirí dúchais Gaeilge, go háirithe cainteoirí óga agus aosta nach bhfuil líofacht acu i mBéarla.
Ba í an Seanadóir Mary O'Rourke a sheol an lámhleabhar, a scríobh an Dr Nicola De Faoite.
Geamaireacht sa Taibhdhearc

10/11/2006: Bhí éisteachtaí oscailte ar siúl i dTaibhdhearc na Gaillimhe ar an Sráid Lár le déanaí do Gheamaireacht na Nollag, sé sin, "Mamo Gé", le Peadar Cox.
D'éirigh thar cionn leis an nGeamaireacht "Áille agus Allta" anuraidh agus léirmheasanna den scoth faighte aige, ní amháin i nGaillimh, ach sna meáin náisiúnta freisin. 'Sé Peadar a bhí i mbun pinn anuraidh, Diarmuid de Faoite a rinne é a stiúrú agus Nuala Ní Chanainn a bhí i mbun an cheoil. Tá an fhoireann chruthaitheach chéanna seo ag dul ag tabhairt faoi "Mhamo Gé"/Mother Goose i ambliana agus muid ag súil go mor leis an gcraiceáil agus quackáil céanna istigh i nead teolaí Mhamo!
Beidh an seo ar stáitse ansin on 10ú - 17ú Nollaig. Ní mor d'iarrthoirí bheith ar fáil réasúnta minic le linn an tréimhse cleachtadh agus Gaeilge mhaith a bheith acu. Feicfimid ann sibh!


Claíocha Arda Uí Chadhain seolta

10/11/2006: Le linn Oireachtas na Gaeilge sheol Peadar Mac an Iomaire, príomhfheidhmeannach Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, an DVD Claíocha Arda, ina bhfuil cur síos ar shaol agus ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain.
Tugann Claíocha Arda spléachadh ar an bhfís gheal ar chaith Máirtín Ó Cadhain a shaol léi. Tá an DVD Claíocha Arda eisithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh mar chuid den chomóradh 100 bliain ar bhreith Mháirtín Uí Chadhain.
An scéal seo san Galway Advertiser


Forbairt déanta ar Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh

10/11/2006: Tá struchtúr nua ag baint le Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, a bhronntar gach bliain ar lucht gnó agus ar eagraíochtaí i nGaillimh a fhéachann leis an nGaeilge a chur chun cinn. Míníonn Gearóidín Ní Ghioballáin ó Ghaillimh le Gaeilge cad iad na forbairtí atá déanta ar an gcomórtas seo i mbliana. Tá Gaillimh le Gaeilge ar an bhfód ó bhí 1987, ag cur na Gaeilge chun cinn i measc ghnólachtaí na cathrach. Chun aitheantas a thabhairt d'iarrachtaí na ngnólachtaí sin, déantar gradam bliantúil, Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh, a bhronnadh orthu. Tá struchtúr nua, duaiseanna agus buntáistí breise ag baint leis an nGradam i mbliana agus é oscailte d'ainmniúcháin ó mhí Dheireadh Fómhair go dtí 8 Eanáir 2007.
Le Gearóidín Ní Ghioballáin i mBeo