Nuacht Chonamara
Ná bíodh muid...

Innéacs
Chonamara&
Árann

Iml 02:ág 08


éireAn Aimsir
Tearman
Smaoineamh don lá!

Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht

Gif Imeall!
An tImeall
PODCHRAOLADHÓN IMáLL. BLAG FUAIME I nGAEILGE.

Bél a' Phobail


Clár RnaG Inniú

Imeachtaí
sa
Cheantair

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Rád-out
Caorán na gCárc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Seanad Éireann
Dáithí MacCárthaigh
Fág do rian! Cláraigh chun vótála!
Rua Teil
Seirbhís Gaeilge


Líonra.com "Tá sé ar an raidio. Tá sé ar an idirlíon. Tá sé thart timpeall ort. Tá sé i do phóca!"

An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,Árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Fine Gael i bponc i nGaillimh Thiar

P. McCormack25/11/2006: Baineadh geit as muintir Fhine Gael nuair a dúirt an ionadaí is tabhachtaí atá san iomaíocht don suíochán i nGaillimh Thiar, Brian Walsh, go raibh sé ag éirí as an iomaíocht ar chúinsí pearsanta. Tá beirt eile acu, Fidelima Healy-Eames as Órán Mór agus Seán Kyne as Máigh Chuileann ach b'é Brian Walsh, d'réir tuairisce, iar méara na Cathrach, an iomathóir is láidre acu. Is cosúil go bhfuil an teachta Pádraic McCormack (ar dheis), a bhí chun éirí as an bpolataíocht ag smaoineamh ar a aimn a chuir san iomaíocht arís.

Comórtas Chúrsaí an Lae faoi lán tseoil

Neasa Ní Chualáin 24/11/2006: Tá an vótáil faoi lánseol i gcomórtas cumadóireachta Chúrsaí an Lae ar Raidió na Gaeltachta agus ochtar sa rás ag iarraidh aithrise a dhéanamh ar bhua Helen Uí Dhunáird anuraidh leis an amhrán Suantraí, a chum Seán Ó Coisdealbha on Spidéal.
Is féidir éisteacht leis na hamhráin atá ar ghearrliosta an chomórtais ar shuíomh idirlín Raidió na Gaeltachta.
Pic ar dheis: Neasa Ní Chualáin, Láithreoir Chúrsaí an Lae.


Gnolachtaí na Gaillimhe ag tacú le Gradam Sheosamh Uí Ogartaigh

24/11/2006: Bhí lainseáil Struchtúr nua Ghradam Sheosamh Uí Ogartaigh, le tacaíocht speisialta o Údarás na Gaeltachta, ar siúl ag preas ocáid ar an Déardaoin 23 Samhain in oifigí Chumann Tráchtála na Gaillimhe ag 6.00pm. Beidh deis ag an bpobal casadh le hurraí nua an Ghradaim agus eolas a fháil faoin struchtúr nua atá curtha i bhfeidhm i mbliana.
An scéal seo san nGalway Independent


Feachtas d'Acht Gaeilge sa Tuaisceart

24/11/2007: Tá na páirtithe náisúnacha ó thuaidh le cur leis an bhrú ar rialtas na Breataine cloí leis an ghealltanas a rinneadh i gComhaontú Chill Rímhinn Acht Gaeilge a reachtú.
Tacaigh le hAcht na Gaeilge


Bailiúchán Bhairbre!
23/11/2006: Cuirfear tús le sraith nua dhá chlár déag an tseachtain seo romhainn ar Raidió na Gaeltachta ina gcraolfar ábhar a thaifead an tÁrainneach Bairbre Quinn, née Ní Chonghaile, (1935-1987) in Árainn agus i gConamara ó dheireadh na gcaogaidí go dtí na seachtóidí. Cuirfear tús leis an sraith nua ar Raidió na Gaeltachta ar Dé Domhnaigh 26 Samhain ag tosú ag 10.30in.
An Roinn ar Mheastacháin 2007
21/11/2006: Ag cur fáilte roimh na Meastacháin inniu, dúirt an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D., go bhfuil méadú suntasach tagtha ar an airgead reatha a bheidh ar fáil dá Roinn an bhliain seo chugainn le caitheamh ar an nGaeltacht, ar an nGaeilge agus ar na hOileáin.
FÉILe Na MÍ:
20/11/2006: Nasairín el Safti agus Éilís Ní chonghaile ag Féile na Mí, a bhí ar siúl thar an deireadh seachtaine i Ráth Cairn. Ghlac os cionn 40 iomaitheoir sna comórtais sean-nós damhsa do dhaoine óga is daoine fásta agus bhí ard-ócáid amach ag gach duine.

Pic: Lá 20/11/2006


Blagaireacht Gaelach!
20/11/2006: Tá roint mhaith blaganna a dhéanamj tré Ghaeilge agus tá liosta beag déanta againn anseo!
Rún tacaíochta don Daingean os comhair ÚnaG

24/11/2006: Pléifidh Bord Údarás na Gaeltachta ceist na logainmneacha ag cruinniú sna Forbacha, inniu, tar éis don Aire Éamon Ó Cuív iarraidh orthu an t-ábhar a scrúdú. Tá rún curtha chun tosaigh ag Seán Ó Tuairisc (FF) ó Chonamara Œgo dtacaíonn Bord an Údáráis le forálacha Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 maidir le logainmneacha Gaeltachta' agus is cosúil go nglacfar leis an rún seo gan stró. An scéal i Lá


Ceiliúradh Choláiste an Eachréidh

22/11/2006" Tháinig daltaí, tuismitheoirí, múinteoirí agus cairde Choláiste an Eachréidh le chéile, oíche Luain, le ceiliúradh a dhéanamh ar an méid atá curtha i gcrích le meánscoil Ghaeilge a bhunú in Oirthear na Gaillimhe i mbliana.
An scéal i Lá
An scéal san Galway Independent


€1.6m ceadaithe don Ionad Tacaíochta Teaghlaigh i gCois Fharraige

21/11/2006" Tá €1,645,963 ceadaithe ag an Aire Éamon Ó Cuív don Ionad Tacaíochta Teaghlaigh atá le tógáil ag Comharchumann Shailearna in Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Cheana féin, tá €1m ceadaithe faoin EOCP (An Clár Cúraim Leanaí um Chomhdheiseanna), agus fágfaidh seo go mbeidh €2.6m san iomlán ceadaithe ag an Stát don togra seo.
Dónall Mac Giolla Chóill i Lá.
Ráiteas ón Roinn


Dochtúirí ag bagairt ceardchumainn nua

20/11/2006: Tá conspóid eile sa mhullach ar an gcóras dochtúirí WestDOC in iarthar na hÉireann. Tá grúpa dochtúirí i gcathair na Gaillimhe ag bagairt anois go dtosóidh siad comharchumann dochtúirí dá gcuid féin, ar bhonn príobháideach, beag beann ar WestDOC uilig.
An scéal seo i bhFoinse


Seanadóir as Ráth Chairn? Dáithí MacCárthaigh 19/11/2006: Tá Dáithí Mac Cárthaigh, an Uachtarán Reatha ar Chonradh na Gaeilge ag lorg tachaíochta dá hiarracht ar suíochán i Seanad Éireann ar . Chuige sin tá sé ag moladh d'iarr scoláirí Olscoil na hÉireann a bheith cinnte go bhfuil siad cláraithe don toghchán a bheidh ann i 2007.
Tá foirmeacha clárúcháin ar a shuíomh idirlíon
Fuaim eile? Nuacht na Gaeltachta as Baile Átha Cliath

19/11/2006: Thosaigh Raidío na Gaeltachta ag craoladh Nuacht a hAon as Baile Átha Cliath i rith na seachtaine seo caite. Is de bharr nach bhfuil go leor craoltóirí, idir saoire agus tinneas, i gCasla atá seo ag tarlú. Deireann lucht banaastaíochta gur rud sealadach é seo agus go mbeadh gach rud tár n-ais mar a bhí ón 5ú lá Eanáir 2007.


Smionagar i measc Fhine Gael faoi bhóthar Mhaigh Cuilinn

19/11/2006: Tá roinnt smionagair fanta i mease lucht Fhine Gaeil ar Chomhairle Chontae na Gailimhe i gcónaí faoin bhóta a chaith an Comhairleoir Fidelima Healy-Eames as Mearaí - gearr d'Órán Mór - ar cheist an bhóthair "faoiseamh tráchta" i Maigh Cuilinn.
Bhótáil an Comhairleoir Healy-Eames in aghaidh an bhóthair fiú agus go raibh a comhghleacaí ina páirti féin arbh as Maigh Cuilinn é, Seán Kyne, i bhfábhar an bhóthair.
Lena chois sin, tá an bheirt ina n-iarrthóiri ag Fine Gael san Olltoghchán i nGailliinh Thiar. Vótáil an chuid eile do dhream Fhine Gael uilig i bhfábhar an bhóthair "faoisimh" ar an taobh ó dheas don bhaile.

Máirtín Ó Catháin Foinse 19/11/2006