Nuacht Chonamara
Ná bíodh muid...

Innéacs
Chonamara&
Árann

Iml 02:ág 09


éireAn Aimsir
Tearman
Smaoineamh don lá!

Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht

Gif Imeall!
An tImeall
PODCHRAOLADHÓN IMáLL. BLAG FUAIME I nGAEILGE.

Bél a' Phobail


Clár RnaG Inniú

Imeachtaí
sa
Cheantair

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Rád-out
Caorán na gCárc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Seanad Éireann
Dáithí MacCárthaigh
Fág do rian! Cláraigh chun vótála!
Rua Teil
Seirbhís Gaeilge


Líonra.com "Tá sé ar an raidio. Tá sé ar an idirlíon. Tá sé thart timpeall ort. Tá sé i do phóca!"

An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,Árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
P McCormackPádraig McCormack thár n-ais!

6/10/2006: Tá an TD Pádraig McCormack chun seasamh don Dáil arís son toghchán I 2007. Dúirt sé go raibh sé chun éirí as ach nuair a chinn Brian Walsh, iar-méara na Cathrach as an iomaíocht bhí Fine Gael i bponc. D'iarr Enda Kenny, ceannaire an pháirtí ar ath smaoineamh a dhéanamh. Deireann an ceannaire go gceapann sé go gnóthaigh Fine Gael dhá shíocháin i nGaillimh Thiar.

Leabhair don Ceathrú Rua agus Cill Rónáin

5/10/2006: Clódóirí Lurgain ag comóradh 25 bliain ar an saol agus á céiliúradh san thugadar mear mór leabhar don gCeathrú Rua agus Cill Rónáin mar comhartha buíochas do mhuintir Ghaeltachta na Gaillimhe as a ndílseacht don chomhlacht leis na blianta.

Ros a'Mhíl nó Gaillimh?

5/10/2006:Tá conspóid idir Gaillimh agus Ros a'Mhíl ar chén áit gur ceart calaphort domhain uisce na Gaillimhe a bheith. Tá pleanna móra ag an dá áit agus cé go bhfuil an gach rud réidh ó thaobh cead pleanála agus eile ag Ros a'Mhíl tá lucht na Gaillimhe go láidir ag troid ar son port nua le thógáil ansin.

Céadléiriú na Cille
Gaillimh faoi gheasa ag scannán Uí Chadhain, féile scannán Bheirlín anois an sprioc - Ó Cofaigh (Lá 4/12/2006)
Ócáid Chuimhneacháin cois uaigh Mháirtín Uí Chadhain
Reilig Chnocán Jerome, Crois Araild, Baile Átha Cliath 6W
3.00 p.m., Dé Domhnaigh, 10 Nollaig 2006
(Casadh le chéile ag 2.45 p.m. taobh amuigh de gheata na Reilige)
Léifidh na haisteoirí Mac Dara Ó Fathartha agus Bríd Ní Neachtain míreanna as saothar an Chadhnaigh agus seinnfidh Néillidh Mulligan ceol ar an bpíb uilleann.
Leanfar leis an gCuimhneachán i gClub Chonradh na Gaeilge, ag tosú ag 4.30 p.m.
Forbairt Acadamh na Gaeilge i gConamara

4/12/2006: Tá foirgneamh nua ar an gCeathrú Rua le thógáil ag an Acadamh agus forbairt eile i gCarna. Tá sé seo so bhreis ar an forbairt atá fógraithe ag OE Gaillimhs istigh sa cathair.
Pleananna ar fiú €400 milliún iad do 'Champas na Todhchaí' fógartha ag OÉ Gaillimh


Bunracht nua ag Coláiste.

4/12/2006: Tá Coláiste Connachta le bunreacht nua a dhéanabh leis an iontaobhas a reachtáil as so amach. Tá na hiontaobhaithe atá ann faoi láthair sásta fanacht mar bhaill den iontaobhas go dtí go mbeidh na socraithe nua déanta.


Bliain iontach ag an Spailpín Fánach

An Spailpín Fánach
30/11/2006: Bhí bliain iontach againn sa Spailpín Fanách i 2006. An bhuaicphointe ar ndóigh ná gur ghnóthaigh siad ceann den 5 mórghradaim i mBarr 50 na Gaeilge, do na comhlachtaí is fearr a bhain úsáid as an nGaeilge ins an ghnó. Bhíodar thuas ansin i gcomhluadar mór le rá, comhlachtaí ar nós Microsoft, Google agus an Luas. Deireann Gearóid Ó Murchú, "Bhí an siopa ag borradh i lár an tsamhraidh agus bhí foireann iontach cuntair againn, Gearóid Ó Fatharta agus Marie Ní Chonghaile, beirt daoine óga ón gceantar. Cuireadh na múrtha fáilte romhainn freisin ins na coláistí Gaeilge, áit a raibh an-éileamh ar ár gcuid táirgí, go speisialta na cochaill "Cailín Dána" agus "Buachaill Dána".
D'fhreastail An Spailpín Fánach ar fhéile an Oireachtais i nDoire chomh maith. Ciallaíonn na teagmhálacha nua sin ar fad go bhfuil méadú suntasach ar ar méid daoine atá ag bualadh isteach go dti ár suíomh idirlíon agus táid díreach tar éis an suíomh a thabhairt suas chun dáta agus tá neart tairgí nua againn.....smaointe maithe do bhrontannais Nollag. Agus tá réimse breá cártaí Nollag sa siopa a bheidh ar oscailt go dtí na Nollag.
Mórsheoladh bliantúil leabhar ón nGúm

29/11/2006:sheol An Gúm, rannóg foilsitheoireachta Fhoras na Gaeilge, os cionn leathchéad teideal i gceannáras an Fhorais, 7 Cearnóg Mhuirfean, Baile Átha Claith 2. Tá idir eachtraíocht, scéalaíocht, eolas agus éagsúlacht cultúir ar fad á gcur i láthair daoine óga i saothair na bliana seo.


Airgead ceadaithe ag Ó Cuív do bhóithre na Gaillimhe

29/11/2006: D'fhógair Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, inniu go bhfuil €454,175 leithdháilte aige chun oibreacha a dhéanamh ar bhóithre faoin Scéim Feabhsúcháin Áitiúil (SFÁ) i limistéir CLÁR i gContae na Gaillimhe.
€454,175 de Mhaoiniú CLÁR do Bhóithre faoin Scéim Feabhsúcháin Áitiúil i gContae na Gaillimhe


Uisce sna Doireadh

28/11/2006: Ag cruinniú ag coiste Phoball Ros a'Mhíl deineadh gearán låidir maidir leis an caighdeán uisce sna Doireadh. Tár éis an-chuid gearán agus an-chuid gealltanais níl feabhas ar bith tagtha ar an scéal. Leanfar leis an mbrú ar an Chomhairle Chontae.


Cothrom na Féinne don Ghaeilge

comhartha
28/11/2006: Léirsigh Conradh na Gaeilge taobh amuigh de Oifig Dháilcheantair an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív i nGaillimh, Oifig Dháilcheantair an Aire Iompair, Martin Cullen i bPort Láirge, agus an Dáil, ar Dé Máirt, 28 Samhain 2006, le samhlacha ollmhóra de chomharthaí bóthair.
Éilíonn Conradh na Gaeilge ar na hAirí seo agus ar an Rialtas trí chéile dearadh na síneacha tráchta a leasú chun go mbeidh an téacs Gaeilge chomh feiceálach agus chomh hinléite leis an téacs Béarla orthu.
"Agóid na gcomharthaí" i Lá

Alex i mBraisil
Alex Hijmans
27/11/2006: Tá léitheoirí Foinse ag léamh faoi taistil Alex Hijmans gach seachtain. Ach anois is féidir é a leanúint ar a bhlag taistil, Na Ceithre hAirde sa Bhrasaíl.
Coimhlint idir ÚnaG agus an Roinn
27/11/2006:Tá sé admhaithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i bhfreagra Dála go raibh imní orthu faoin tslí ar bronnadh conradh comhairleoireachta le hAcadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar iar-Phríomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta, Ruán Ó Bric.
An scéal i bhFoinse
Cré na CilleCré na Cille le h-oscailt!

27/11/2006: Tá sé fógartha go dtaispeánfar an fadscannán Cré na Cille ag ócáid speisialta i gCathair na Gaillimhe ag deireadh na seachtane. Dé Sathairn 2 Nollaig, in Amharclann na Cathrach, Gaillimh, a bheas an première ar siúl agus is é an tAire Éamon Ó Cuív a dhéanfaidh an seoladh, mar aon leis an fhoireann iomlán agus aíonna speisialta.
Ar dheis: Brí Ní Neachtain agus Macdara Ó Fatharta sa léiriú de Cré na Cille ar stáitse sa Taibhdhearc.
An scéal seo i Lá


Ceist an líne cumhachta ardaithe arís

27/11/2006: Tá an fógra poiblí go bhfuil comhlacht a bhfuil seoladh acu i gCorcaigh le iarratas a chur isteach ar chead pleanála i gCluais in aice leis an gceantar foraoiseacha gar de bhóthar Sheana Phéistín théis aird a tharraingt arís ar cheist an líne cumhachta as Gaillimh go Conamara.


Gearóid Ó Tuathaigh Cathaoirleach nua ar RnaG

27/11/2006: Sé Gearóid Ó Tuathaigh ceaptha ina cathaoirleach ar Chomhairle Raidío na Gaeltachta don trí bhlian seo chugainn. Is Ollamh le Stair in Olscoill na Gaillimhe agsu bhí sé ina cathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta agus ar Taidhbhearc na Gaillimhe tráth agus bhí sé mar cathaoirleach ar an gcoimisiún bhunaithe Theilifís na Gaeltachta (TG4).

Comharchumann Iorras Aithneach le hathbheochain

27/11/2006: Bhí idir céad and céad caoga daoine ag cruinniú a tionóladh ar an Domhnach chun chás Comharchumann Iorras Aithneach a phlé. Mhair an cruinniú timpeall dhá uair a chloig agus ag an deireadh socraíodh go lorgóidh siad bainisteoir don Chomharchumann cé nach bhfuil deontas lena aghaidh le fáil ón Údarás ó d'imigh an bainisteoir deireannach.