Nuacht Chonamara
Ná bíodh muid...

Innéacs
Chonamara&
Árann

Iml 02:ág 10


éireAn Aimsir
Tearman
Smaoineamh don lá!

Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht

Gif Imeall!
An tImeall
PODCHRAOLADHÓN IMáLL. BLAG FUAIME I nGAEILGE.

Bél a' Phobail


Clár RnaG Inniú

Imeachtaí
sa
Cheantair

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Rád-out
Caorán na gCárc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Seanad Éireann
Dáithí MacCárthaigh
Fág do rian! Cláraigh chun vótála!
Rua Teil
Seirbhís Gaeilge

Líonra.com "Tá sé ar an raidio. Tá sé ar an idirlíon. Tá sé thart timpeall ort. Tá sé i do phóca!"
An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,Árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Tús Nua in Inis Meáin
18/1/2007: Tá Comharchumann an oileáin ag iarraidh teagmháil a dhéanamh le daoine a mbeadh spéis acu athlonnú chuig Inis Meáin chun cónaí ansin. Tá an iarracht seo á dhéanamh acu chun cur le daonra an cheantair agus chun beocht bhreise a chur san oileán.
Déan teangabháil le Brídín Ní Choinceanainn, Comharchumann Inis Meáin, Inis Meáin, Co. na Gaillimhe, Éire, guthán 099 73010.

Galway Advertiser

Gaillimh le Gaeilge ag cuardach cairde nua

17/1/2007: Tá Gaillimh le Gaeilge ag iarraidh ar phobal na Gaillimhe a bheith gníomhach ag cabhrú leo éagsúlacht na cathrach a chaomhnú. Tá scéim 'Cairde' Ghaillimh le Gaeilge ar oscailt faoi láthair. Séard atá i gceist le 'Cairde Ghaillimh le Gaeilge' ná grúpa atá spéis acu tacú agus cur le obair Ghaillimh le Gaeilge ag cur chun cinn cathair na Gaillimhe mar phríomhchathair dhátheangach na hÉireann. Chuir Gaillimh le Gaeilge tús le Cairde Ghaillimh le Gaeilge i 2001 i gcomhar le Cumann Tráchtála na Gaillimhe de bharr riachtanais fhorbartha agus chun cabhrú leo déileáil leis an bhfás ar éileamh as sheirbhísí Ghaillimh le Gaeilge. Tá fás agus forbairt tagtha ar an scéim o shin agus tá comhlachtaí o cathair na Gaillimhe (agus roinnt i gContae na Gaillimhe) ag taispeáint greamán 'Cairde' ina bhfuinneoga chun a gcuid tacaíochta a léiriú.

Galway Independent


Lá eile?
17/1/2006: Déanadh ath chéoiriéu ar an nuachtán Lá inniú. Lá Nua a bheidh air as so amach.
Guíaan muid gach rath ar an obair tabhachtach seo.
Fiche post le himeacht ar an Cheathrú Rua

16/1/2007: Tugadh le fios go bhfuil 20 post le himeacht i gcomhlacht déanta cáblaí ar an Cheathrú Rua, i gCo na Gaillimhe. Cuireann an comhlacht Silcotec ceangail cháblaí ar fáil don tionscal cosanta chomh maith leis an earnáil leighis agus an earnáil teileachumarsáide. Creidtear go bhfuiltear ag ligean 20 oibrí chun bealaigh mar gheall ar gur chaill an comhlacht conradh le déanaí.


Seans vótála!

13/1/2007: Tá Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge ag seasamh i dtoghchán don Seanad mar ionadaí neamhspleachi mbliana. Más céimí de chuid Ollscoil na hÉireann thú, tá tú i dteideal vótala chun triúr seanadóirí a thoghadh i mbliana i dtoghdas Ollscoil na hÉireann. Níl formhór na ndaoine atá i dteideal vótála cláraithe nó tá siad cláraithe ag seoladh nach gcónaíonn siad ann níos mó.
Tá feachtas Dhaithí Mhic Carthaigh ag cur béim ortha siúd ionas go mbeidh vótáil árd sa toghchán. Ná caill an deis chun do rian a fhágáil - Cláraigh chun vótála!
Tá tuilleadh eolais agus foirmeacha clárúcháin ar fáil ag www.daithi1.ie.


Rogha á Lorg ag Iascairí

11/1/2007: Tá iarrtha ag Comhdháil Oileáin na hÉireann ar an Aire Cumarsáide, Mara agus Acmhainní Nádúrtha, Noel Dempsey TD, an reachtaíocht atá beartaithe chun na ceadúnais iascaireachta do shruthlíonta bradán a cheannach a leasú le go mbeadh sé déanta ar bhonn deonach i gcás na n-oileánach.

Peadar Mac Fhlannchadha san Galway Advertiser


Cuir Ainm ar Húicéara Nua na Gaillimhe

10/1/2007: Chuir Músaem Cathrach na Gaillimhe fáilte roimh húicéara nua on gCeathrú Rua nuair a sheoladh lucht déanta an bháid, Pat O Cualáin agus Míchéal MacDonncha, isteach go Gaillimh o Chonamara í an tseachtain seo. Tá Leas Stiúrthoir an Mhúsaem, Breandán Ó hEaghra ag lorg cabhrach an phobail chun an húicéara a bhaisteadh.
Is féidir moltaí a sheoladh chuig Breandan féin no i bhfoirm scríbhinn chuig: Músaem Cathrach na Gaillimhe, An Poirse Caoch, Gaillimh.

Galway Independent


600 iarratas sa bhliain ar thithe Comhairle Contae

7/1/2006: Tá 600 duine/teaghlach sa mbliain ag cur iarratais ar thithe sóisialta Comhairle Contae ar cíos faoi bhráid Chomhairle Chontae na Gaillimhe anois de réir na bhfigiúirí is deireanaí atá ar fáil. Níl cathair na Gaillimhe, ná baile mór Bhéal Átha na Sluaighe, sa gcomhaireamh san uimhir seo.

Foinse

Tragóid i mBéal a'Daingin

4/1/2007: Tógadh coirp fhir ón bhfairrge i gCeantair Cuain na Loinge aréir. Tuigtear gur fear 30 bliain d'aois ón gceantair a bhí ag bailliú feamaine é. Tógadh a choirp chuig an Oispidéal i nGaillimh. Anmníodh é níos déanaí mar Máirtín Ó Súileabháin (38) as an gceantair.


Ó Cuaig le Sinn Féin?

4/1/2007: Dúirt Seosamh Ó Cuaig go raibh roinnt daoine chuige ag iarraidh ar seasamh san olltoghchán níos déanaí sa bhliain. Tá sé "ag macnaimh" ar an scéal ach ní dhéanfaidh sé cinneadh go dtí mí roimh an toghcháin. Dúradh i dtuairiscí sna nuachtáin áitiúil gurb é Sinn Féin a bhí ar a thóir go mór mór le Colm Ó Ceannabháin as an bpictiúir.

Teastas Eorpach na Gaeilge

4/1/2007: An bhfuil aithne agat ar éinne atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim ón tús nó an bhfuil sé ar intinn agat féin dul chun cinn a dhéanamh leis an méid atá agat? B¹fhéidir go bhfuil tú ag machnamh ar an Teastas Eorpach na Gaeilge a bhaint amach? Déan teangabháil le Conradh na Gaeilge i nGaillimh ag 091 567 824 nó conradh@bradan.io.ie.


€200,000 go Cill Rónáin

4/1/2007: Tá Roinn na Gaeltachta agus Comhairle Chontae na Gaillimhe ag cur €212míle le fáil chun obreacha feabhsúcháin a chuir i gcríoch ar an tsean ché i gCill Rónáin ar Inis Mór.
Tá airgead curtha le fáil ag an Roinn leis do céibheanna i mBearna, sa Spidéal, i dTír an Fhia, Carna, Leitir Mealláin agus Cé Fhoirnaise Thuaidh.

Sladmhargadh Chló Iar-Chonnachta

14/12/2006: Tá sladmhargadh Nollag Chló Iar-Chonnachta faoi lánseol faoi láthair agus leanfaidh sé go Déardaoin 21 Nollaig. Tá leabhair Chló Iar-Chonnachta ar leathphraghas, dlúthdhioscaí ar díol ar €10 agus téipeanna €1 agus €4.
Tá réimse mór leabhar do pháistí ó fhoilsitheoirí eile ar díol ar lacáiste chomh maith.
Is féidir bualadh isteach chuig oifigí Chló Iar-Chonnachta trasna an bhóthair ó Ghairmscoil Cholmcille in Indreabhán, nó is féidir earraí a cheannach ar líne

Toghchán Colm Ó Ceanabháin

14/12/2006: D'fhógair Colm Ó Ceannabháin, iarrthóir Shinn Féin nach bfuil sé chun rith san toghcháin don Dáil i 2007. D'éirigh sé as ar chuiseanna pearsanta agus oibre. Dúirt sé afach, go raibh sé fós chun tacaíocht iomlán a thabhart d'iarathóir a pháirtí, Ann Marie Carroll.

Mamó Gé sa Taibhdhearc

13/12/2006: Draíocht! Tobar rúnda ina bhfaighidh tú mian do chroí! Seo leat tríd an Spás agus an Am go dtí an taobh eile de Bhealach na Bó Finne! Fuadach! Saint! Grá!
Sin agatábhar Mamó Gé - Geamaireacht Nollag Thaibhdhearc na Gaillimhe na bliana seo, scríofa ag Peadar Cox agus faoi stiúir Dhiarmuid de Faoite, agus Nuala Ní Channain i bhfeidhil an cheoil. Is é Dara McGee atá i mbun dearadh seite, Charmian Goodall i mbun dearadh cultacha agus Jim Faulkner i mbun dearadh soilse. Tá cónaí ar Mhamó Gé agus a clann láimh le Bearna.
Suíomh Thaidhbhearc na Gaillimhe

Bóthar nua amach chuig chén calaphort?

13/12/2006: Is cosúil go bhfuil réamh-phleananna ar intinn ag Coimisinéirí Chalafort na Gaillimhe i dtaobh bóithre nua amach as ceartlár na Gaillimhe le freastal ar na háiseanna nua atá ceaptha a dhul ansinŠ amach anseo.
Tá caint ann faoi bhóthar nua amachó cheantar an chalafoirt i dtreo na Rinne Móire agus Pháirc Mheirlinne. Chuile sheans go mbeadh ceangal idir an bóthar nua sin agus an bóthar mórthimpeall ar an gcathair.
Is cosúil nach bhfuil mórán airde imeasc fhormhór na gCoimisinéirí Calafoirt i nGaillimh faoi láthair ar an moladh atá ag an Aire Stáit, Frank Fahey go mbeadh an duga domhainmhara i Ros a¹ Mhíl. Tuilleadh i bhFoinse

Oiche GnóPleanáil Teanga i gCois Fhairrige

11/12/2006:Fógraíodh suíomh nua ghréasáin i gCois Fhairrige le déanaí. Tá Tionscnamh Pleanála Teanga bunaithe faoi scáth Chomharchumann Shailearna le clár cuimsitheach pleanála agus forbartha Gaeilge a chur chun cinn i gceantar feidhme an Chomharchumainn. Tá aitheantas agus tacaíocht faighte ag an dtionscnamhón Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta.
Ar dheis tá pictiúró o–che gnó de chuid an tionscnamh.


Bóthar immeallach na Gaillimhe
10/12/2006: Seo an léarscáil den bóthar nua thar timpeall cathar na Gaillimhe a bhí sa Chúradh Chonnachtach ar an Aoine seo caite. Téann an bóthar nua seoón mBaile Nua siaró Bhearna thar timpeall na cathrach go an Gearrán Thuaidh (Garraun) in aice le hAerpphort na Gaillimhe. Is cosúil go ndúnfar roinnt de na bóithreó thaidhó Bhearna mar chuid den togra seo.