Nuacht Chonamara
Tearman
Smaoineamh don lá!

Iml 02:ág 10


éireAn Aimsir
Déan VótáilÁr nIonadaithe Phoiblí
Innéacs
Chonamara&
Árann

Ná bíodh muid...

Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht

Gif Imeall!
An tImeall
PODCHRAOLADHÓN IMáLL. BLAG FUAIME I nGAEILGE.

Bél a' Phobail


Clár RnaG Inniú

Imeachtaí
sa
Cheantair

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Rád-out
Caorán na gCárc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Seachtain na Gaeilge 2007
Toghchán 2007

Dáil Éireann
Teach Laighean


Seanad Éireann
Dáithí MacCárthaigh
Fág do rian! Cláraigh chun vótála!
Rua Teil
Seirbhís Gaeilge

Líonra.com "Tá sé ar an raidio. Tá sé ar an idirlíon. Tá sé thart timpeall ort. Tá sé i do phóca!"
An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,Árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Sean nós san Ollscoil!

30/1/2007: Tá an file Micheál Ó Cuaig ceaptha mar Amhránaí Cónaitheach Sean-nóis ag Ollscoil na hÉireann, Gaillimh Tá sé fógartha ag Ionad an Léinn Éireannaigh, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, go bhfuil Micheál Ó Cuaig, as Aill na Brún i leathpharóiste Chill Chiaráin, ceaptha mar Amhránaí Sean-Nóis Cónaitheach as seo go ceann bliana.
Bhí Máire Pheter sa phost seo anuireadh.

Olltoghchán 2007 - An Ghaeilge agus Do Vóta

30/1/2007: Tionólfaidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Comhdháil Lae san Óstán Alexander, BÁC 2, ar an 27 Feabhra 2007 chun éilimh phobal na Gaeilge a chloisteáil agus a chur faoi bhráid na bpáirtithe polaitiúla. Is deis ar leith í seo do phobal na Gaeilge tuairimí a chur chun cinn ar na ceisteanna is mó is cás leo faoin nGaeilge.
Tá fáilte roimh chách ag an gComhdháil nó glacfar le moltaí ar r-phost, ar an bhfón nó i scríbhinn freisin ach iad a chur ar aghaidh chuig Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Féach ar ár leathanach Toghchán 2007 faoi chúrsaí i nDáil Cheantair Gaillimh Thiar; Gaelport.com- Suíomh na Comhdhála.


Seachtain Ghnóthach chun a bheith ag Ainmnithe Ghradam Sheosamh Uí Ógartaigh
  • Caol Díreach go hÁrainn
  • Banc na hÉireann
  • Seodóirí an Chladaigh agus Ceilteacha
  • Lasair Choille
  • Rothair Europa
  • Tacsaithe na Gaillimhe
  • Club Peile Aontaithe na Gaillimhe
  • Forbairtí Harrmack
  • Busanna Lally
  • Beár & Bialann Lohan
  • Manage IT
  • Neylon & Co
  • Ó Cearbhaill & Co.
  • Grúpa Uí Mháille
  • Staid an Phiarsaigh
  • Taaffes
  • The King's Head
  • The Malt House
  • 29/1/2007: Tá an mholtóireacht do Ghradaim Sheosamh Uí Ógartaigh, eagraithe ag Gaillimh le Gaeilge i gcomhair leis an gCumann Tráchtála, agus le tacaíocht speisialta ó Údarás na Gaeltachta agus an Galway Advertiser, faoi lán seoil anois. Tá comhlachtaí ó go leor earnálacha rannpháirteach ann i mbliana, agus iad á gcur chun cinn mar ambasadóirí ar son na Gaeilge i gCathair na Gaillimhe. Cuireann Gaillimh le Gaeilge fearadh na fáilte roimh na gnólachtaí nua atá rannpháirteach don chéad uair i mbliana chomh maith leo siúd a bhí rannpháirteach sa nGradam roimhe seo.
    Gaillimh le Gaeilge

    An feisire is fearr

    26/1/2007: Rognaíodh an Feisire Eorpach as Chonamara, Seán Ó Neachtain mar an ball is fearr i bPairlimint na hEorpa as Éirinn. sa bhliain 2006. Rinne grúpa, An Conradh Eorpach, atá lonnaithe sa Ginéibh, an rogha níos luath sa tseachtain.
    Suíomh Sheáin Uí Neachtain (Béarla)

    SnaG ag teacht inar dtreo!

    26/1/2007: Ó bunaíodh Seachtain na Gaeilge tá sé ag dul i dtreise in aghaidh na bliana, ní hamháin in Éirinn, ach ar fud na cruinne i dtíortha éagsúla cosúil leis An Gearmáin,an mBrasaíl, Ceanada, Na Stáit Aontaithe, agus Sasana. Agus beidh sé ar siúl i mbliana ón 3ú lá go dtí Lá 'le Padraigh.
    Chun suim a spreagadh in imeachtaí na Seachtaine, eiseofar CD dubalta le réalta móra roimh an tSeachtain, agus tá súil ag na heagratheoirí go mbainfear na cairteanna amach i mbliana arís, le feabhsú ar an uimhir 4 ó anuraidh. Téigí amach agus tugaigí tacaíocht do. Beidh fíorfháilte romhaibh.
    Imeachtaí i nGaillimh

    25/1/2007: Loch an tSean Bhaile ar an gCaorán, Baile na hAbhann um thrathnóna.
    Linn snáma ar an Ceathrú Rua

    25/1/2007: Molann an tuairisc ó ILAM an Ceathrú Rua mar ionad don Linn Snámha i gConamara.
    Suíomh Fhoilsitheora

    25/1/2007: Tá suíomh idirlín anois ag an bhfoilsitheoir Coiscéim. Is íontach an méid leabhair atá curtha amach ag an gcomhlucht beag seo agus tugann an suíomh seo eolas ortha go léir ó 1980 ar aghaidh. Tá Pádraig Ó Snodaigh le moladh as an obair go léir atá déanta aige ar son mhuintir na hÉireann agus a dteanga.
    Féach ar www.coisceim.ie

    Údarás na Gaeltachta agus Comhairle Chontae na Gaillimhe a d'iarr ortha an tuairisc a dhéanamh. Bhí cruinnithe ag ILAM thár timpeall an cheantair i mí Feabhra seo caite. Deirtear san tuairisc nach ndéanadh an linn snámha brabús ríomh agus moltar ionad fóilíochta a thógáil ar an láthair chéanna. Chuir cathaoirleach coiste phobal an Cheathrú Rua, Trevor Ó Clochartaigh roimh an tuairisc.


    Oíche Oscailte Choláiste an Eachréidh

    25/1/2007: Oíche Dé Máirt seo chugainn, 30 Eanáir, ag 7.30i.n., beidh deis ag daltaí agus tuismitheoirí eolas a fháil faoi Choláiste an Eachréidh nuair a bheidh oíche oscailte ag an gColáiste. Beidh an oíche eolais ar siúl sa scoil ag An Coiléar Bán, Baile Átha an Rí agus beidh múinteoirí i láthair chun gach eolas a chur ar fáil faoin scoil. (Galway Advertiser)

    Tadgh mar Uachtarán ar an Oireachtas

    24/1/2006: Tá Tadhg Mac Donnagáin roghnaithe bheith ina Uachtarán ar Oireachtas na Gaeilge i mbliana. Tá cáil ar Thadhg mar amhráiní agus mar chumadóir cheoil. Is leisean Futa Fata lipéad ceoil agus foilsitheoir leabhar atá lonnaithe sa Spidéal. D'éirigh leis duais liteartha an Oireachtais don Script Teilfíse is fearr a thabhairt leis as Aifric - An Craiceann is a Luach anuireadh.
    Is as Con Muigheó é Tadhg agus beidh an tOireachtas i gCaisleán a' Bharraigh i mbliana.
    An scéal seo i Lá Nua

    €184,000,000,000.00 le caitheamh!

    24/1/2007: Dearbhaíonn an Rialtas a thacaíocht d'fhorbairt agus do chaomhnú na Gaeilge, é ag déanamh tagartha don phlean straitéiseach 20 bliain a réiteofar le húsáid agus leathnú na Gaeilge a chur chun cinn go náisiúnta.
    25/1/2007: Éacht cuimsitheach a deireann Eoin Ó Murchú i Lá Nua.
    Dar leis an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, gur aitheantas é seo don tábhacht a bhaineann leis an Ghaeilge mar chéad teanga oifigiúil agus don stádas nua atá aici faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla.
    Faoin chlár Ghaeltachta agus Oileán - a chuireann le bonneagar sóisialta agus fisiciúil na Gaeltachta, an bunstruchtúr a bhaineann le cur chun cinn na teanga ach go háirithe - cuirtear €98 milliún ar fáil d'fhochlár na Gaeltachta, €233 milliún d'fhochlár Údarás na Gaeltachta agus €126 milliún d'fhochlár na nOileán. (Lá Nua 24/1/2007)
    An Plean iomlán i bhfoirm PDF (2.6mp); Acoimre den bPlean (.9mb)

    Scéim na nAistritheoirí

    24/1/2006: Bhronn an tAire Éamon Ó Cuív, TD, An Roinn Gnothaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, teastais inniu ar 54 aistritheoir ar éirigh leo an nuachreidiúnú a bhaint amach - na chéad aistritheoirí ar tugadh creidiúnú doibh faoi choras nua a d'fhorbair Foras na Gaeilge, (an Gúm agus an Coiste Téarmaíochta, san áireamh) i gcomhar le Rannog an Aistriúcháin. (Galway Independent 24/1/2007)


    Bliain rathúil fostaíochta ag an Údarás
    Athbhreithniú 2006 le híoslódáil anseo
    "Bliain bisigh Údarás na Gaeltachta"
    (Eagarfhocal Lá Nua)

    23/1/2007:Ba é 2006 an bhliain ab fhearr, ó bhí 1998 ann, maidir le cruthú post sa Ghaeltacht de, a dúirt Údarás na Gaeltachta, inné. Agus iad ag seoladh Athbhreithniú 2006 s'acu, dúirt an tÚdarás chomh maith go raibh 'athrú suntasach' ó phoist déantúsaíochta go poist seirbhíse le sonrú. "Cruthaíodh 1,186 post nua in 2006 agus sábháladh a thuilleadh post, rud a chiallaíonn gur baineadh amach 295 post iomlán glan, an líon is airde ó 1998," arsa Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach an Údaráis.
    Colm Ó Broin - Lá Nua


    Bóthar nua ag teacht inár dtreo

    23/1/2007: Dúirt an Comhleoir Seosamh Ó Cuaig go bhfuil dóchas mór aige go mbeidh and bóthar nua as Chonamara go Gaillimh san chéad plean eile ag an pleán forbartha náisúnta. Cheana féin dúirt an Teachta Frank Fahey (Foinse 7/1/2007) go raibh an bóthar nua ar an mapa ar bhealach i bhfad níos feiceálaí. "Tá an plean don bhóthar curtha isteach go hoifigiúil i bpleananna Chomhairle Chontae na Gaillimhe anois don tréimhse 2007-2009."


    Vótáil ar son Dhaithí!

    22/1/2007: Tá ainmniúchán faighte ag Dáithí Ó Sé do Ghradam IFTA 2007 in san rannóg Pearsa Teilifíse na Bliana agus is féidir vóta a chaitheamh dó anois.
    Agus muid ag caint faoi ghradaim tá trí ainmniúchán faighte ag RTÉ Raidió na Gaeltachta do Fhéile na Meán Ceilteach a bheas ar siúl ar an Oileán Sciathánach ó 28 - 30 Márta 2007. Fuair an clár faisnéise Seachtar Laoch ainmniúchán sa rannóg Cláracha Faisnéise Raidió; ainmníodh Rónán Mac Aodha Bhuí do ghradam Phearsa Raidió na Bliana agus ainmníodh an tseirbhís trí chéile le haghaidh gradam Stáisiún Raidió na Bliana..

    Clár teilifíse ar thaispeántas ealaíon le Caoimhghin Ó Croibheáin (Scannán 21 Neomad)

    Toni Christofides

    22/1/2007: Fuair Toni Christofides bás i rith na seachtaine seo caite. Gréigeach a bhí ann ina chónaí i gCois Fhairge. Ghlach sé pairt i nGluaiseacht Ceart Sibhialta na Gaeltachta sna seascadaí agus na seachtaidí. Bhunaigh se Cine Gael le Bobb Quinn agus Seosamh ó Cuaig agus bhí sé páirteach san agóid chun raidío ghaeltachta.
    Bhí sé mar léachtóir Matamataice san Ollscoil agus san GMIT.
    Scéal Cine Gael (Béarla)

    Triúr cáirde as Aifric!
    Telegael (Bearla)
    Concorde Anois ceannaithe!

    22/1/2007: Tá sé fógraithe ag Telegael go bhfuil Concorde-Anois ar an Tulaigh ceannaithe acu. Is ansin a deineadh an sobal dráma Aifric. Tá siad cun Stiudeo Solais a thabhairt ar an láithreán nua.