Nuacht Chonamara
Tearman
Smaoineamh don lá!

Iml 02:Eag 10


éireAn Aimsir
Déan VótáilÁr nIonadaithe Phoiblí
Innéacs
Chonamara&
Árann

Ná bíodh muid...

Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht

Gif Imeall!
An tImeall
PODCHRAOLADHÓN IMáLL. BLAG FUAIME I nGAEILGE.

Bél a' Phobail


Clár RnaG Inniú

Imeachtaí
sa
Cheantair

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Rád-out
Caorán na gCárc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Seachtain na Gaeilge 2007
Toghchán 2007

Dáil Éireann
Teach Laighean Na hIarrathóirí


Seanad Éireann
Dáithí MacCárthaigh
Fág do rian! Cláraigh chun vótála!
Rua Teil
Seirbhís Gaeilge

Líonra.com "Tá sé ar an raidio. Tá sé ar an idirlíon. Tá sé thart timpeall ort. Tá sé i do phóca!"
An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,Árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Leabhar nua faoi Shéamus Ennis

7/2/2007:'Mise an fear ceoil': Séamus Ennis - Dialann Taistil 1942-1946 is teideal do leabhar nua atá le foilsiú go luath, dialann taistil Shéamus Ennis on tréimshe a chaith sé ag bailiú amhrán agus ceoil i gContaetha na Gaillimhe, an Chláir, Mhaigh Eo, Dhún na nGall, Luimnigh agus an Chabháin do Choimisiún Béaloideasa Éireann. Ní raibh Séamus Ennis ach fiche is a trí bliain d'aois nuair a ceapadh mar bhailitheoir é leis an gCoimisiún. Ní raibh Séamus Ennis ach fiche is a trí bliain d'aois nuair a ceapadh mar bhailitheoir é leis an gCoimisiún. Is éard a bhí gceist leis an bpost, taisteal chuig ceantair éagsúla ar fud na tíre leis an gceol agus na hamhráin a bhí beo i mbéal na ndaoine a bhreacadh síos. (Galway Independent)

Ciorcail Léitheoireachta

7/2/2007: Buailfidh ciorcal léitheoireachta Chois Fharraige le chéile arís ag 8.30 i.n. Déardaoin 1 Márta i Seanscoil Shailearna.
Ingne Dearga Dheaideo le Pádraic Breathach a bheidh faoi chaibidil. Má tá tuilleadh eolais de dhíth, tá sé le fáil ó Bhrian Ó Baoill.

Lillis ag Scoil na Gaeilge

6/2/2007: Ceapadh an Dr. Lillis Ó Laoire mar léachtóir i Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, agus chuaigh sé i mbun dualgas ar an chéad lá de mhí Eanáir. Is céimí de chuid Ollscoil na Gaillimhe an Dr. Ó Laoire. (Lá Nua)

Gearrscéalta ár Linne

6/2/2007: Rogha de na gearrscéalta is fearr i nGaeilge a foilsíodh le tríocha bliain anuas atá sa chnuasach seo ó Cló Iar-Chonnachta.Cúig ghearrscéal is fiche atá sa chnuasach in iomlán a thabharfaidh blaiseadh don léitheoir den saibhreas atá le fáil sa ghearrscéal comhaimseartha Gaeilge agus a thugann ardán do chuid de na gearrscéalaithe is fearr atá ag saothrú sa ghort sin.

Gaeilge ó mhalartán OÉ Gaillimh

5/2/2007: Mar chuid de chur i bhfeidhm Scéim Teanga na hOllscoile a aontaíodh mar chuid d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, cuirfear seirbhís iomlán trí mheán na Gaeilge ar fáil do chustaiméirí a ghlaonn ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Beidh custaiméirí in ann teacht ar an tseirbhís nua ón 1 Feabhra 2007 ar aghaidh. Is í príomh aidhm na Scéime ná go gcuirfí le soláthar seirbhísí trí Ghaeilge san Ollscoil i réimse na hacadúlachta, an riaracháin agus na seirbhíse ginearálta.

Easpa Gaeilge ag an gComhairle ag chuir moill ar phlean Bhearna

5/2/2007: Chuir Comhairle deireadh le proiséas pleanála scéim forbartha Bhearna toisc nach raibh siad i ndán leagan Gaeilge den phlean a chuir ar fáil. Cé go ndearnadh Údarás na Gaeltachta tagairt agus gearán faoin easpa pleanáil teanga i gcúrsaí pleanála roint bhlianta ó shoin ní dhéanadar aon uiríll faoin scéim áirithe seo. Ní dhearna coiste Phoball Bhearna aon ghearán ach an oiread.

Suíomh Phobal Bhearna (Béarla)
An plean i mBéarla sular tarraingíodh siar é (Béarla)
Bua ag an Ceathrú Rua!

5/2/2007: Rinne an Ghaillimh an dúbailt i gComórtas Díospóireachta Uí Chadhain Gael Linn 2007 oíche Dheardaoin nuair a bhuaigh Scoil Chuimsitheach Chiaráin ón gCeathrú Rua an comórtas sóisir agus Coláiste na Coiribe an comórtas sinsir. Bhí daltaí an Cheathrún Rua ag argóint ar son an rúin, 'Tá an troid ar son chaomhnú na timpeallachta á cailliúint againn in Éirnn' agus d'éirigh leis an bhfoireann ó Chathair na Gaillimhe a chur ina luí ar na moltóirí go bhfuil muintir na hÉireann 'níos cóngaraí do Bhostún ná Beirlín.' (Lá Nua)

Slí Athchóirithe' Do Mhúineadh Na Gaeilge seolta

5/2/2007: Ag preas ócáid i mBáile Átha Cliath ar maidin, sheol Dáithí Mac Cárthaigh, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, Colm Hamrogue, Uachtarán Aontas na Mac Léinn in Éirinn agus Nikolai Trigoub-Rotnem, Uachtarán Aontas na Mac Léinn Iar-Bhunscoile feachtas náisiúnta le haghaidh ollchúirithe ar mhúineadh na Gaeilge inár scoileanna.


Máistreacht ar an Nua Ghaeilge
3/2/007: Bronnadh Máistir Dán - Nua Ghaeilge ag searmanais in Ollscoil na hÉireann Gaillimh inniú. Seo pictiur de na céimithe le hUachtarán na hOllscoile an Dr Iognáid Ó Muircheartaigh.
Ó chlé tá Belinda McHale, Muigheó, Aoileann Ní Riain, Baile Átha Cliath, Siobhán Seoige, Rath Chairn, An tUachtarán Ó Muircheartaigh, Susan Folan, Cnoc na Carra, Sailí-Áine Ní Dhroighneáin, An Spidéal agus Aingeal Ní Chualainn, Maigh Chuileann.

"Níl mé ag seasamh!"

2/1/2007: Dúirt Tomás Ó Curraoin (Sinn Féin Poblachtach) nach mbeidh sé ag seasamh don Dáil sa cheantair seo i mbliana. Níor thug sé ríomh agus ní thurfaidh sé go deo aitheantas don Dáil. Bhí sé sásta seasamh don Comhairle Chontae agus don Údarás mar go seasann siad san don bpoball áitiúl agus go raibh suim agam sa phobal i gcónaí. Ach ní fhéadfadh sé seasamh d'aon institiúid a thabhradh aitheantas don stáit 26 chontae.

Cúnamh do mhná tí

2/2/2007: Tá sé fógartha ag an Aire Éamon Ó Cuív go bhfuil cinneadh déanta aige cúnamh eisceachtúil aonuaire a chur ar fáil do na mná tí sa Ghaeltacht a choinníonn scoláirí Gaeilge sa samhradh faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. D'eisigh an Roinn Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil treoirlínte ³Sábháilteacht Dóiteáin i dTithe Gaeltachta a chuireann Lóistín ar fáil d'Fhoghlaimeoirí Gaeilge² anuraidh maidir leis na tithe atá aitheanta faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge. Is é cuspóir na dtreoirlínte cúnamh a thabhairt do ŒMhná Tí' a chuireann lóistín ar fáil d'fhoghlaimeoirí Gaeilge ionas go bhféadfaidh siad a gcuid freagrachtaí reachtúla faoin Acht Seirbhísí Dóiteáin 1981 & 2003 a chomhlíonadh. Mar thoradh ar na treoirlínte seo beidh ar úinéirí na dtithe atá i gceist oibreacha áirithe a dhéanmh sula dtosóidh cúrsaí 2007.

Suíomh Nua
1/2/2007: Tá suíomh nua seolta ag an iarathóir Michael Crowe (FF) le déanaí. Cé go bhfuil sé ag seasamh sa Dáil Cheantir ina bhfuil aan Ghaeltacht is mó sa tír níl Gaeilge ar bith le feiscint ann.
Fadhbanna uisce i Ros Muc

1/2/2007: Tá sé ina chruachás ag roinnt mhaith teaghlaigh i Ros Muc de bharr cúrsaí uisce le scaitheamh anois ...idir dhaoine a bhfuil soláthar poiblí ceaptha a bheith acu agus daoine nach bhfuil soláthair poiblí ar bith acu fós. (Foinse)


Ainm do húicéara nua na Cathrach

1/2/2007: Beidh ainm á roghnú an tseachtain seo chugainn do Húicéara Nua na Cathrach, a bheidh á chrochadh i Músaem Cathrach na Gaillimhe. Tháinig na céadta moltaí isteach chuig an Músaem, le ríomhphoist o dhaoine ag teacht chomh fada i gcéin le Méiriceá, Nua Shéalainn agus fiú an Rúis! (Galway Independent).


Bád farantóireachta Árainn

1/2/2007: Tá sé fógartha ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D, go bhfuil síneadh sé mhí go dtí an 31 Iúil 2007 curtha ag a Roinn leis na conarthaí atá aici le Island Ferries Teo. chun seirbhísí farantóireachta paisinéirí a chur ar fáil chuig Oileáin Árann. Is iad na fóirdheontais atá i gceist ná ¤5,150 i leith Árainn agus ¤319,500 i leith Inis Oírr/Inis Meáin.
Tá i gceist ag an Roinn tairiscintí poiblí i gcomhair conarthaí cúig bliana do na seirbhísí seo a lorg go luath.


An fairrige ag briseadh ar chéibh Inis Oírr i rith stoirm geimhriúil.

Ceardlanna Scríbhneoireachta
Suíomh Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge

1/2/2007: An bhfuil aon Shakespeare amuigh ansin? No Joyce, no Beckett no fiú fear no bean a bheadh ag iarraidh a gcuid tuairimí a chur ar pháipéar? Má tá, tá sé fogartha ag Acadamh na hOllscolaíochta go mbeidh ceardlanna sa scríbhneoireacht chruthaitheach ag tosú ar an gCeathrú Rua Dé Luain 28 Eanáir agus gach Luan dár gcionn. (Galway Independent).