Nuacht Chonamara
Seachtain na Gaeilge 2007
Tearman
Smaoineamh don lá!

Iml 02:Eag 14

éireAn Aimsir

Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTÉ an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Rád-out
Caorán na gCárc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Déan Vótáilár nIonadaithe Phoiblí
Toghchán 2007
Dáil Éireann
Teach Laighean
Na hIarrathóirí

Seanad Éireann
Dáithí MacCárthaigh
Fág do rian! Cláraigh chun vótála!

Rua Teil
Seirbhís Gaeilge
Ná bíodh muid...
An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Gradam faighte ag Caol Díreach go hÁrainn
"Sea a Thaoisigh!"
Foireann Fhianna Fáil
23/2/2007: Ar eagla nach raibh fhios agaibh tá olltoghchán le bheith ann go luath. Seo pic deas d'fhoireann Fhiannaa Fáil sa chathair ag an deireadh seachtaine seo caite nuair a thug an Taoiseach don Dáilcheantair. Tá an Taoiseach bailiú vótaí le Michael Crowe, Éamon Ó Cuív agus Frank Fahey na hiomatheoirí.
Tá leathanach againn féin leis na hiomatheóirí go léir anseo againn!
(Pic: Mike Shaughnesy - Galway Advertiser)
Tá ceannaire Fhine Gael le bheith sa cheantair inniú agus beidh Cruinniú Bliantiúil an Chomhantas Glas i rith na Deireadh Seachtaine!
23/2/2007: Bronnadh an duais shuntasach Gradam Sheoasamh Uí Ógartaigh ar Arandirect/Caol Díreach go hÁrainn (Béarla) ag searmanas speisialta in Óstán an Ard Oileáin (Béarla) aréir. Is iad Gaillimh le Gaeilge, le tacaíocht speisialta ón Galway Advertiser (Béarla) agus i gcomhair le Cumann Tráchtála na Gaillimhe (Béarla) atá i mbun an Ghradaim, agus déantar é a bhronnadh ar comhlacht nó eagraíocht gach bliain mar aitheantas go bhfuil an Ghaeilge in úsáid acu agus de bharr sin go bhfuiltear ag cur Gaillimh chun cinn mar phríomhchathair na hÉireann.
Fógraíodh Tigh Taaffes mar bhuaiteoirí an darna catagóra, comhlachtaí le fiche nó níos lú fostaithe. Tá an-cháil ar Taaffes ar Shráid na Siopaí de bharr a n-atmaisféar Gaelach. Cloistear an Ghaeilge agus ceol traidisiúnta go minic sa bpub agus is ann a théann go leor cainteoirí Gaeilge agus turasóirí i gCathair na Gaillimhe. Tá go leor comharthaí i nGaeilge laistigh den phub agus ar na fuinneoga. Tá siad ag cur lena gcomharthaíocht Ghaeilge (boscaí cipíní, t-léinte atá ar díol, t-léinte d'fhostaithe, biachláir 'srl). Tapaíonn an fhoireann gach deis chun an Ghaeilge a úsáid agus iad sásta í a labhairt agus seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil.
(Cé nach bhfuil Gaeilge le fáil ar na suíomhanna ghréasáin bhí an breithiúntas bunaithe ar úsáid na Gaelge sa gnó go ginearálta agus ní ar an idirlíon amháin. Sé an nós againn príomh teanga an suíomh a lua idir lúibíní muna bhfuil siad scríofa as Gaeilge!)

Bua ag na Breathnaigh!

22/2/2007: Bhí clúiche iontach ag Cumann Péile Mhichéal Breathnach Dé Satharn seo caite. Bhí buagh maith acu ar Salthill Knocknacarra. Ní raibh ann ach dhá phoint faoi dheiredh. Michéal Breathnach 1-7 Salthill 0-8. (LocalLotto.ie)

Duaiseanna ar líon!
Tá suíomh LocalLotto.ie (Béarla ach aithníonn siad an Ghaeilge!) atá á eagrú ón Spidéal an spéisiúil mar is féidir cabhrú le do fhoireann áitiúil go héasca.
I measc na clubanna anseo tá:
  • Carna/Caiseal (Dhá theangach)
  • Mícheál Breathnach
  • Baile Chláir/Carn Mór (Béarla)
  • Na Piarsaigh (Ros Muc)


  • Go Maith - Mac n'Ollie
    Branar sa Bhunscoil

    21/2/2007: Seolfar "An Chéad Chéim" le Branar Drámaíochta mar chuid de scéim Infheistíocht Chultúir na cathrach ar an Luain i dTaibhdhearc na Gaillimhe.
    Beidh an dráma An Chéad Chéim á chur ar an stáitse ina dhiaidh an seoladh oifigiúil mar réamhamharc do mhúinteoirí & do phríomhoidí.
    Tá an scéim seo á reachtáil ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe i gcomhar le Branar Drámaíochta faoin scéim 'Infheistíocht Chultúir', ina dtugtar deis do pháistí na Gaillimhe a gcuid Gaeilge a fheabhsú trí na healaíona traidisiúnta Gaeilge. (Galway Independent)
    Suíomh Bhranar
    An scéal seo i Lá Nua (23/2/2007)


    An talcól: dúshlán na measarthachta

    21/2/2007: D'éisigh cliarlathas Caitlicí na hÉireann tréadlitir an Charghais ar an Domhnach seo caite. Díríonn sé ar fhadhb an iomarca ólacháin mheisciúla i measc an phoball. "Cuireann an t-alcól faoi ndeara dúinn díriú ar dhá ghné dár saol - Ár laige agus os rud gur neacha daonna muid, atá inár mbaill de Eaglais Dé, táimid in aon phobal le chéile. Is neacha sóisialta muid, táimid ag braith ar a chéile agus tá orainn cothú agus neart a fháil ó chumhacht atá níos láidre ná muid féin...Tá sé de dhualgas orainn i leith na nglúnta a thagann inár ndiaidh, bealaí a chur ar fáil dóibh nach bhfuil scriosúil ná contúirteach chun sásamh a bhaint as an alcól mar bhronntanas ó Dhia." a deireann sé.
    Tá sé le fáil i nGaelge (agus Polainnis agus Béarla) ar shuíomh An Oifig Cumarsáide Caitlicí cé gur Béarla teanga an suímh!


    Oifigeach Oideachais & Óige
    (Conradh bliana, ag brath ar maoiniú leanúnach)

    Beidh an té a cheapfar freagrach as Comhordnú agus cur i bhfeidhm clár Oideachais & Óige do Chumas teo. Beidh orthu riachtanais don réimse seo agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste sa gceantar feidhme a aithint agus clár a ullmhú le dul i ngleic leis na dúshláin seo. Freisin, beidh orthu 'Scéim na gCúntóirí Teangan' agus 'Ciste na Mílaoise' a chomhordnú agus a stiúrú i gcomhair leis an mBainisteoir agus Oifigigh eile.

    Duine atá líofa agus cruinn i labhairt agus scríobh na Gaeilge agus an Bhéarla atá ag teastáil, a bhfuil cáilíocht iarbhunoideachais acu, nó dhá bhliain taithí ar a laghad i bhforbairt Oideachais & Óige a sholáthar. Ní mhór go mbeadh bunscileanna ríomhaireachta, idirlíon agus úsáid bunachar sonraí ag iarrthóirí chomh maith le hardscileanna eagrúcháin, taithí ar dhaoine eile a stiúrú agus ar thuairisciú scríofa agus béil a dhéanamh. Beidh teastas glan tiomána riachtanach.

    Glacfar le h-iarratais maraon le C.V. suas go dtí an 28 Feabhra, 2007 ag 5.00 i.n.
    Is cóir iarratais a sheoladh 'Faoi Rún' chuig: An Bainisteoir,
    Cumas teo.,
    Ionad Fiontair,
    Rosmuc
    Fón: 091-574353

    Ar sheol tú bád cheana?
    21/2/2007: Tá TG4 sa tóir ar deichniúir nár sheol bád ariamh cheana le páirt a ghlacadh i sraith nua Scaoil Seoil a bheas á thaifead le linn Samhradh 2007.
    €2 Milliún leithdháilte ar ghrúpaí/chlubanna óige áitiúla

    21/2/2007: D'fhógair Noel Ahern T.D., an tAire Stáit sa Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta agus Máire Ní Ainiféin T.D., an tAire Oideachais agus Eolaíochta, go bhfuil leithdháileadh de os cionn €2m ceadaithe ag an Rialtas as Ciste na gCuntas Díomhaoin chun deontais trealaimh ar scála beag a chur ar fáil do ghrúpaí agus do chlubanna óige áitiúla.


    Deireadh leis an bPost faoin dtuath?

    20/2/2007: Tá breis agus 1300 oifigí phoist ar fud na tíre agus is cosúil go bhfuil an-chuid ann nach bhfuil ag déanamh brabús airgid. Táid anois chun scrudú a dhéanamh ar chonas an scéal sin a laigheas agus i measc atá i mbéal an phobal tá caint go mbeidh ar 500 oifigí tuaithe a dhúnadh. Chuile seans go mbeidh an cheist ina cnamh spáirne i rith an toghachán atá amac romhainn.
    Cá bhfuil do oifig phoist áitiúil? (Béarla)
    An scéal seo i Lá Nua


    Gaillimh ar dTús! - Nuachtáin nua sa chathair!

    19/2/2007: Foilsíodh nuachtán nua i gCathair na Gaillimhe ar maidin. Saor nuachtáin atá ann a bheidh le fáil ar fúd na cathrach ar an Luain as so amach. Tá súil ag na foilsitheoirí Galway Advertiser go mbeidh sé ar fáil ar fúd an chontae amach anseo.
    Suíomh Galway First (Béarla)


    Cúnamh Éireann

    19/2/2007: Cuireadh tús le feachtas poiblíochta ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha ag miniú céard tá ar siúl ag an roinn chun chabhrú leis "na daoine is boichte ar domhain." Mar chuid de sin táid ag chur bhilleog eolais chuig gach taighleach sa tir. Is billeoig i mBéarla atá á chuir thar timpeall fiú sna ceantreacha Ghaeltachta agus má tá leagan Ghaeilge uait ní mór duit scríobh chuig irishaid@dfa.ie


    Ainm faighte

    16/2/2007: Socraíodh ar ainm ar an Huicéar a bheas san Iarsmalan nua i gCathair na Gaillimhe le déanaí. Fograíodh go mbeadh sé ainmnithe don duine dearanach a bhí bád oibre den cineál si i gCladach na Gaillimhe, Rí an Chladaigh, Máirtín Oliver.

    Airdeal ar airdeal

    16/2/2007: Tá Airdeall ag iarraidh ar an mBórd Pleanála iniúcadh ar forbairt ag An Spidéal Thiar. Seo an chéad uair a rineadar a leithéad de iarrats. Roimhe seo is ar forbairt estáit tithe sa Ghaeltacht a bhí i gceist acu. Táid ag iarraidh a deimhniú go mbeidh na coinníolacha céanna ag duine nach as an áid iad agus atá ar duine ón áit .i.Nach mbeidh siad i ndán an teach a dhíol ach chuig duine le Gaeilge ar feadh tréimhse áirithe. (Cás 07 221770)
    Liosta cásanna an Bhoird Phleanála (Béarla)


    Cás caillte sa cúirt

    15/2/2007: Theip ar chás John McDonagh (ar dheis) sa Chúirt Achomhairc Choiriúil gur dhún mharaigh Siobhán Ní Eidhin as Leitir Móir a chur ar neamhní. Fuarthas coirp an chailín ar an dtrá i mí na Nollaig 1998.

    Duaiseanna breátha ag Óige na Gaeltachta

    15/4/2007: Tá trí chomórtas nua fógraithe ag an eagraíocht Óige na Gaeltachta a gcuirfidh óige Chonamara an-spéis iontu agus gach seans go gcuirfidh siad níos mó spéise fós sna duaiseanna breátha a bheidh ag dul do na buaiteoirí. (Galway Advertiser)
    Is comórtais ealaíon, fhilíochta, agus aistí atá á n-eagrú ag Óige na Gaeltachta agus i measc na nduaiseanna atá le buachan tá iPods, fóin pócaí, Nintendo DS Lites agus seinnteoirí DVD soghluaiste.

    Clár SNAG ar fáil anois

    Tá clár Sheachtain na Gaeilge 2007 ar fáil anois don fhéile a bheidh ar siúl i mbliana ón Satharn 3 - Dé Sathairn 17 Márta. Beidh clár leathan imeachtaí á reáchtáil ar fud chathair agus chontae na Gaillimhe. (Galway Advertiser)
    Imeachtaí Chontae na Gaillimhe

    Forbairt mór á phleanáil ag Coláiste Lurgan

    14/2/2007: Tá Coláiste Lurgan ag pleanáil forbairt as an nua a thógáil ar an suíomh atá acu. "Is í fís Choláiste Lurgan don fhoirgnimh nua ná go mbeadh sé mar ionad oideachasúil / cultúrtha / agus sóisialta a bheadh in úsáid i gcaitheamh na bliana ar fad agus a bheadh ag freastal ar réimse an-leathan imeachtaí," arsa Micheál Ó Foighil, Bainisteoir Choláiste Lurgan.
    Suíomh Choláiste Lurgan

    Scéim teanga aontaithe ag Maigh Eo

    14/2/2007: Tá an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD, tar éis an chéad scéim teanga de chuid Údaráis Áitiúil Chontae Mhaigh Eo a dheimhniú faoi alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. (Lá Nua)
    Tá na sceimeanna atá aontaithe go dtí seo ar suíomh an Choimisinéara Teanga.
    SuIomh Chomhairle Chontae Muigheo (Béarla)