Nuacht Chonamara
Seachtain na Gaeilge 2007
Tearman
Smaoineamh don lá!

Iml 02:Eag 10

éireAn Aimsir

Clár RnaG Inniú

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Rád-out
Caorán na gCárc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Déan Vótáilár nIonadaithe Phoiblí
Toghchán 2007
Dáil Éireann
Teach Laighean
Na hIarrathóirí

Seanad Éireann
Dáithí MacCárthaigh
Fág do rian! Cláraigh chun vótála!

Rua Teil
Seirbhís Gaeilge
Ná bíodh muid...
An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Duais náisiúnta phodchraolta ag an Imeall!
Digital Media Awards (Béarla)
13/2/2007: Bhuaigh an podchraoladh Gaeilge, An tImeall, príomhghradam na Digital Media Awards ag ócáid a reáchtáladh in Ostán an Burlington i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite. (Lá Nua)
(ar chlé)Bhronnann Graeme Slattery, Ceannaire Ceoil 3 Ireland, an duais don Phodchraoladh Neamhspleách is Fearr ar Chonn Ó Muíneacháin, agus bhronn an tAire Cumarsáide Noel Dempsey an duais Grand Prix air níos déanaí san oíche freisin (inset).
An tImeall
Liosta Bhlaganna
Tá urraíocht á tabhairt ag an Imeall don duais 'An Úsáid is Fearr den Ghaeilge ar Bhlag' atá le baint mar chuid de Duaiseanna Blagadóireachta na hÉireann, a bhronnfar ar 3ú Márta.
Tá blaganna Gaeilge in iomaíocht le haghaidh duaiseanna eile freisin, ina measc an duais don Phodchraoltóir is Fearr, áit atá an Líonra (togra atá mar pháirt den Imeall), An Saol, Cumann Carad na Gaeilge agus Faoi dhein an dorais sa tóir ar an ngradam.
Tuile faoi Duaiseanna Blagaireachta na hÉireann ar An Imeall!

Glas na Gaeilge!

12/2/2007: Rinneamar teangabháil leis na hiomatoirí go léir faoin easpa Gaeilge ar a gcuid suíomhanna idirlíon. Rinne Caoimhín Ó Maolallaigh an méid a bhí ar shuíomh an Chomhaontais Ghlais in dtaobh Niall Ó Brolcháin a aistriú dúinn. Tá sé le fáil anseo. Is trua nach gcuirtear thuas ar a shuíomh idirlíon féin é ach tá siad le moladh mar sin féin mar go dtí seo níor thánaig éinne eile thar n-ais.


Ost an 12 Suíomh an Ostáin (Béarla) An t-ostán ag an gcrosbhóthar! -

12/2/2007: Osclófar ostán nua ar an ionad ina mbíodh na Twelve Pins i mBearna ar maidin. Is minic a deantar gearán faoi an méid tithe agus arasáin atá á thógáil i mBearna ach sa chás seo is foirgineamh nua-aosach atá i gcroí lár an baile. Mar a deireann an suíomh idirlíon an fhorbarthora - atá dhá theangach - tá dearadh nua-aimseartha agus sult measctha le chéile san bhfoirgneamh nua. Glaotar "Óstán an Dó Dhéag" ar an ostán nua agus tá sé le h-oscailt ar dá noméad déag roimh a dó déag inniú an tarna lá déag den mhí! Is forbairt de chuid Harrmack Developments é seo, comhlucht a ainmníodh i gcomórtas Sheosaimh Uí Ógartaigh le déanaí. Is cosúil go n-osclaítear go hiomlán é roimh deireadh mí Márta.

Cúrsaí pleanála in Árainn

12/2/2007: Beidh cruinnithe ar feadh na seachtaine ag feidhminigh Chomhairle na Gaillimhe chun a chuid pleannanaí a léiriú agus a miniú le muintir na háite. Beidh fáilte roimh éinne chuig na cruinnithe.


Paróiste an Chnoic an áit is airde in Éireann

Ainmnithe aríst

9/2/2007: tá an trí ainmniúcháin faighte ag Telegael i gComortas na hEmmys i mbliaina. Ar dheis tá radharc as Tutenstein ceann de na scannáin atá ainmnithe.


Cré na Cille le taispeáint ag Féile Scannán átha Cliath

9/2/2007: Beidh an príomhscannán Gaeilge, Cré na Cille le feiceáil mar chuid de chúigiú Féile Idirnáisiúnta Scannán Bhaile átha Cliath, a thosóidh Dé hAoine seo chugainn.(Lá Nua)


Paráid le dul ar aghaidh!

9/2/2007: Cinneadh ag cruinniú aréir go mbeidh paráid ar an gCeathrú Rua ar Lá l'Phádraig i mbliana.
Ní raibh paráid ar bith acu ansin le roinnt bliana anuas.

9/2/2008: Is é Paróiste an Chnoic an áit is airde in Éirinn an tseachtain seo agus an scéal ag briseadh gur bhuaigh sé príomhdhuais Ghlór na nGael don tríú uair. Cheanna féin bhí an bua acu i 1988 agus 2000. Is fiú €40000 an duais seo.
Sa pic tá baill de Choiste Ghlór na nGael i bParóiste an Chnoic ón chlé; : An tAthair Mícheál Ó Flannabhra, Colm Ó Coistealbha, Morgan Ó Concubhair, Seán Ó Ráighne (leis an trofaí), Lorcán Mac Gabhann, Ceannaire Ghlór na nGael, Máire Denvir, Nóra Welby, Bainisteoir Ghlór na nGael, Máire Áine Ní Fhatharta agus Jimmy Jo Shéamas Ó Fáthartha. (pic: Lá Nua)
Na torthaí ar fad
Achomhairc ar chás dhúnmharú chailín ar an gCeathrú Rua

9/2/2007: tá an acomhairc atá á dhéanamh ar chás John McDonagh a fuarthas ciontach i ndúnmharú chailín i mBaile átha Cliath le críochnú inniu. Duirt an abhcóide don chúisí gur thug an breithimh treoir mícheart don ghiúiré, nach raibh aistriú ceart ar fianaise a tugadh as Gaeilge ann. Comh maith le sin duradh go raibh fainise eile acu a theaspáinadh go bhféadfadh chuid den fhianaise a tugadh a bheith débhríoch. Níor ceadaíodh ceachtar den dhá cúiseann a ardú sa cúirt inniú.


Triúr le seasamh ag na Daonlathaigh

9/2/2007:Is cosuíl go mbeidh triúr ag seasamh don Pháirtí Daonlathach i nGaillimh Thiar. Siad Noel Grealish, atá ina TD faoi láthair, Tom Welby atá in Comhleoir Chontae agus Dónal Lyons atá ar Chomhairle na Cathrach.
Na hIomathóirí go dtí seo

Cúrsaí toghchánaíochta

Seosamh Ó Cuaig Suíomh Sheosaimh Uí Cuaig
8/2/2008: tá píosa scríofa faoin dtoghchán ag Trevor Ó Clochartaigh i Lá Nua gur fiú breathnú air. I meas na rudaí atá le rá aige tá: "Maidir le cúrsaí níos gaire do bhaile, sílim gur beag athrú a bheas i nGaillimh Thiar. tá Ó Cuív, Fahey agus Micheal D. slán go maith, sílim. Beidh dóthain de vóta traidisiúnta ag Pádraig McCormack chun eisean a thabhairt thar an líne agus cé go bhfuil iarracht láidir ar bun ag Niall Ó Brolcháin, ní léír go mbeidh móramh a dhóthain aige le Noel Grealish a chur as a bhróga. tá ráflaí sa timpeallacht go bhfuil Sinn Féin ag iarraidh Seosamh Ó Cuaig a mhealladh le seasamh dóibh.
Ní chuirfeadh sin aon iontas orm. tá cosúlacht réamhthoghcháin ar a chuid geáitsíochta le tamall agus bheadh luí nádúrtha aige le beartais an pháirtí phoblachtánaigh. Ach, is polaiteoir cúramach é agus ní dóigh liom go dtiocfaidh sé sa seans muna gceapann sé go n-éireoidh leis vóta réasúnta a fháil."

Léigh a alt ina iomláine

Gearrliosta an Ghradaim fógraithe

8/2/2007: tá gearrliosta Ghradam Sheosamh Uí Ógartaigh 2006, an Gradam Gnó atá á reachtáil ag Gaillimh le Gaeilge i gcomhar leis an Galway Advertiser agus Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus le tacaíocht speisialta Údarás na Gaeltachta fógraithe inniu ag Gaillimh le Gaeilge.
I mbliana, tá dhá chatagóir ag baint leis an nGradam - comhlachtaí le fiche nó níos lú fostaí agus comhlachtaí le breis agus fiche fostaí.
Sa chatagóir le fiche fostaí nó níos lú bhain; Lohans Bar & Restaurant, Europa Bicycles agus Taaffes amach an gearrliosta.
Sa dara chatagóir le níos mó na fiche fostaí bhain; Aran Direct/Caol Díreach go hárainn, Cumann Peile Ghaillimh Aontaithe agus Harrmack Developments amach an gearrliosta.


Deasún ag labhairt pidgen!
Suíomh Des Bishop (Béarla>
Fear grinn i gConamara

8/2/2007: Rinne Deasún Mac an Easpaigh (Des Bishop) comhra le Ciárán Ó Fatharta ina chlár nua ar an Raidío ar maidin. Is cosúil go bhfuil sé anseo i gConamara ag foghlaim na Gaeilge agus go mbeidh sé thart ar feadh dhá seachtaine agus iarann sé ar dhaoine cabhair a thabhairt dó agus Gaeilge a labhairt leis.

Urlabhraí Shell chun Sáile le seasamh

8/2/2007: tá sé fógartha ag an Dochtúir Mark Garavan, urlabhraí do Shell chun Sáile, go mbeidh sé san iomaíocht do shuíochán sa Seanad. Beidh sé ag seasamh do shuíochán in Ollscoil Náisiúnta na hÉireann. Is é ceist Ghás na Coiribe bunchloch fheachtas toghchánaíochta Garavan agus tá súil aige go mbeidh deis aige an cás sin a úsáid le ceisteanna níos leithne a ardú sa Seanad. (Lá Nua).


Cláracha nua RnaG - Deireadh le Cúrsaí!
8/2/2007: Beartla de Búrca, Cumann Éigse agus Seanchais Ollscoil na hÉireann, Gaillimh le criú Ros na Rún, Eoin Mac Diarmada, Niall Mac Eachmharcaigh, Sorcha Ní Chéide agus Gavin Ó Fearraigh ag seoladh Fís, iris nua an Chumainn. (Pic: Galway Advertiser)

8/2/2007: Cuireadh tús le seacht gcinn de chláracha nua ar Raidió na Gaeltachta Dé Luain seo caite mar chuid d'fhorbairt sceidil an stáisiúin. Craolfar irischlár nua, Iris Aniar, ó Luan go Déardaoin ag 9.15r.n. ina gclúdófar scéalta agus imeachtaí phobal an iarthair, le Ciarán Ó Fátharta sa chathaoir agus Máire áine Ní Chuaig mar léiritheoir. Tagann sé seo in ionad an clár Cúrsaí a bhíodh ar siúl ag Neasa Ní Chualáin.
I measc na cláracha euile tá: i-Club, atá dírithe ar éisteoirí idir dhá bhliain déag agus naoi mbliana déag, gach Céadaoin ag 8.00i.n le Ben Ó Faoláin.
Gnéchlár nua oideachais á chraoladh gach Déardaoin ag 10.15r.n. dar teideal Céim ar Chéim.
Cuirfidh Dónall Mac Ruairí fonn damhsa an deiridh seachtaine ort gach maidin Aoine ag 10.30r.n. leis an gclár ceoil nua Spleodar Ceoil.
Suíomh Raidío na Gaeltachta


Ceadaíonn Ó Cuív Beagnach €150,000 d'Óige na Gaeltachta

8/2/2007: tá deontas €149,057 ceadaithe ag Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, do Choiste Óige na Gaeltachta mar chabhair chun trealamh a chur ar fáil do chlubanna/eagraíochtaí óige sna ceantair Ghaeltachta éagsúla.