Nuacht Chonamara
Seachtain na Gaeilge 2007
Imeachtaí na Seachtaine i nGaillimh
Tearman
Smaoineamh don lá!

Iml 02:Eag 15

éireAn Aimsir

Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTÉ an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Rád-out
Caorán na gCárc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Déan Vótáilár nIonadaithe Phoiblí
Toghchán 2007
Dáil Éireann
Teach Laighean
Na hIarrathóirí

Seanad Éireann
Dáithí MacCárthaigh
Fág do rian! Cláraigh chun vótála!

Rua Teil
Seirbhís Gaeilge
Ná bíodh muid...
An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Rabharta Ceoil na Seachtaine

1/3/2007: Beidh togha an cheoil thraidisiúnta le cloisteáil le linn Sheachtain na Gaeilge, idir ceol na seanmháistrí agus ceol ón ghlúin óg atá ag teacht chun cinn go láidir tríd an chontae ar fad.
Cuirfidh an grúpa óg ildánach Ná Bac (ar dheis ar bharr) tús leis an gceiliúradh ceoil ar an Satharn 3 Márta le gig i gClub Áras na nGael. Seo grúpa atá ag cruthú a cháile féin le blianta beaga anuas agus tá súil le oíche spleodrach sa Chlub.
Is é Charlie Lennon (ar dheis lena inío Éilís) agus a chlann a bheidh mar cheoltóirí ag Ceolchoirm an Árais ar Dé Sathairn 10 Márta, ceolchoirm faoi leith ina mbeidh deis ag an lucht féachana sásamh a bhaint as togha an cheoil in amharclann bheag thaitneamhach.
Chomh maith lena gigeanna móra beidh togha an cheoil, amhránaíocht ar an sean-nós agus damhsa ar an sean-nós le cloisteáil fud fad an chontae. Déanfar ceiliúradh ar Raifteirí i gCreachmhaoil agus i gceantar Mhaigh Cuilinn tá béim faoi leith ar imeachtaí don óige, le Caomhán Ó Fatharta i mbun deiseanna a chur ar fáil do cheoltóirí óga an cheantair.
I gcathair na Gaillimhe, beidh ceol ar siúl nach mór gach oíche i gClub Áras na nGael. Tá na sonraí ar fad le fáil i gclár na seachtaine.
Imeachtaí na Seachtaine thar timpeall na Cathrach agus sa Chontae
Suíomh Chonradh na Gaeilge i nGaillimh


Athraithe Suntasacha ar an chlár CLÁR

1/3/2007: D'fhógair Éamon Ó Cuív T.D., An tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta inniu go bhfuil roinnt athruithe déanta aige ar na bearta atá ann cheana faoin chlár CLÁR do 2007. Baineann na hathraithe leis na hábhair seo:
Cartún an Lae
1/3/2007: Shirley Temple!

  • Scéimeanna Beaga Uisce Phoiblí agus Séarachais - méadú 12.5%
  • Grúpscéim Séarachais
  • Grúpscéim Uisce
  • Athrú/ Suiteáil Leictreachas Aonphasach go Tríphasach de chuid CLÁR
  • Bóithre AICME II agus III - caidhp €50,000
    Is é atá i gCLÁR (Ceantair Laga Árd-Riachtanais/Clár le Ceantair Thuaithe a Athbheochan) ná clár infheistithe a ceapadh le dul i ngleic le fadhb an laghdaithe daonra agus easpa seirbhísí i gceantair thuaithe.
  • An Roinn Oideachas ag marú na Gaeilge agus na Gaeltachta le maorlathas?

    Suíomh Coláiste Lurgain28/2/2007: Bhí agallamh ar Iris Aniar (RnaG ar maidin) le Niall Ó Foigheal maidir bleis an bealach atá an Roinn Oideachas ag dáileadh - gan a bheith ag dáileadh - deontaisí le Coláiste Lurgáin. Dár le Ó Foigheal tá sé seo ar siúl ó 2004 táid tar éis scrí chuig an Aire, an Ombusdman agus eile faoi. Deireann an Roinn - i ráiteas a chuir siad i mBéarla chuig Adhmhaidin - ná bhfuaireaadar freagra ar roinnt ceisteanna a chuireadar. Deireann Ó Foigheal nach raibh na ceisteanna a cuireadh le thuiscint agus nuair a glaogh sé ar an Roinn nach raibh an duine a shínigh na litreacha i ndán rudaí a phlé i nGaeilge. Dúirt sé leis nuair a chuala sé gur cuireadh ráiteas chuig Adhmhaidin i mBéarla gur thaispeán sé dearcadh na Ranna i dtaobh na Gaeilge agus muintir na Gaeltachta.
    An Roinn Oideachas (is léir ón suíomh gur Béarla teanga na ranna seo fiú an "leagan Gaeilge!")

    Lán le Folamh!

    28/2/2007: Baile na gcartús folamh agus na bhfón reatha in Éirinn. Ba mhaith le Folamh do hábhair chaite, do chartúis toner agus do shean fóin reatha a cheannach mar sín ná caith amach iad ná híoc as an dramhaíl a chríochnu Tá na milliúin fón i dtarraiceáin sa bhaile, íocann uifigí chun cartúis a dumpail. Gnóthaigh airgead agus ná cur leis an dumpail. Uireann siad seirbhis saor in aisce ar fáil ní íocann tusa ach saothraionn tú. Glaoch orthu anois ar 1850 525 545 nó cniog anseo.


    Cartún an Lae!
    28/2/2007: "Sobalchlár!"

    Duiche Sheoigeach agus na caoire!

    27/2/2007: Beidh an comortas bearadh chaorach na bliana sa Ghaeltacht don céad uair i nDúiche Seoigeach. Is ag deireadh seachtaine Cincíse a bheidh an comórtas ar siúl.

    Cartún an Lae!
    27/2/2007: "Déan Drugaí..."
    Ábhar smaoineamh!

    27/2/2007: "No Gaeilge" i gCois Fhairrige!

    Bóthar nua á phleanáil i gcionn dhá seachtaine!

    27/2/2007: Tá súil ag an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig go mbeidh obair ag tosnú ar réamh-phleanáil ar bhóthar nua Chonamara i gcionn dá seachtaine nó mar sin. Tá an tairgead curtha ar fáil agus níl an Comhairle ag feitheamh ar chead ón roinn i mBaile Átha Cliath chun dul i mbun oibre. Is mian leis an Comhleoir Ó Cuaig agus na comhairleoirí eile go mbeidh an bóthar ag tosú i Scríob ag dul soir chuig an cuar-bhóthar nua thar timpeall na Gaillimhe.


    Gradaim Ceoil TG4

    Is ar phíobaire cáiliúil Chontae Chill Dara, Liam O'Flynn a bhronnfar Gradam Ceoil TG4 2007, an deichiú bliain den duais scéim náisiúnta seo. Fógraíodh an liosta buaiteoirí do na Gradaim éagsúla 2007 ag nuacht ócáid i mBaile Átha Cliath tráthnóna Máirt seo chaite. Bronnfar Gradaim sna rannógaí eile ar cheoltóir óg as Gaeltacht Maigh Eo, ar cheoltóirí as Fear Manach, agus as Sliabh Luachra, ar fhonnadóir binn sean nóis as Iorras Aithneach in iarthar Chonamara agus ar ghuth raidió an cheoil traidisiúnta le caoga bliain anuas.

    Seo an liosta an Ghradaim 2007:

  • Gradam Ceoil TG4: Liam O'Flynn
  • Ceoltóir Óg na bliana: Fiachna Ó Mongáin
  • Gradam Saoil: Paddy Cronin
  • Cumadóir na bliana: Jim McGrath
  • Amhránaí na Bliana: Dara Bán Mac Donnchadha (sa pic)
  • Gradam na gCeoltóirí: Ciarán Mac Mathúna

    Ceol Dhara Bháin MhicDhonnachadha le fáil ó CIC


  • Jude sa Taidhbhearc

    26/2/2007: Beidh Jude á léiriú faoi stiúir Sheáin Uí Thárpaigh i dTaibhdhearc na Gaillimhe, 9 - 16 Márta 2007 ag a 8.00 i.n.. Sa dráma nua seo le Micheál Ó Conghaile (ar dheis) titeann an drioll ar an dreall nuair a scaoiltear fórsaí ollmhóra millteacha an teaghlaigh nuair a sceitear rún Jude.

    An Ceathrú Rua - príomh cathair na Gaeltachta

    26/2/2007: Dúirt Liam Ó Cuinneagáin, Cathaoirleach Údarás na Gaeltachtagur ceart an Ceathrú Rua a ainmniú agus stádas a thabhairt mar príomh baile na Gaeltachta go léir. Ba cheart dúinn smaoineamh ar áit éigin mar lár ionad riaracháin na Gaeltachta ina mbeidh Gaeilge mar gnáth theanga agus go mbeidh an méid gur féidir de sheirbhísí do phoball na Gaeltachta ar fud, gach ranna rialtas gur féidir leis, bancanna, agus mar sin de. "Muna mbeidh baile Gaeltachta ann ní bheidh Gaeltachta ann."


    Suíochán Frank Fahey

    26/2/2007:Dúirt Méara na Gaillimhe, Niall Ó Brolcháin go raibh sé ag lorg suíochán Frank Fahey san olltoghchán atá romhainn amach. Bhí sé ag caint ag Comhdháil na Glasaigh ag Bóthar na Trá ag an ndeireadh seachtaine.
    Toghcháin 2007

    Éire 43 Sasana 13

    26/2/2007: Árdíodh meanma muintir na hÉireann leis an bua íontach a bhí ag Éirinn ar fhoireann Rugbaí Shasana ar a Sathairn i bPáirc an Chrocaigh ar an Sathairn. Ocáid stairiúl a bhí ann idir chanadh Amhráin na Bhanríona agus an bua ba mhó riamh ag Éirinn ar Shasana.
    Staitisticí an cluiche (Béarla)
    Tuairisc ar an gcluiche i Lá Nua


    Féile an Ath Ted faoi lán tseoil!
    Cáirde Fr Ted (Béarla)
    24/2/2007: Tháinig dream ait i dtír i gCill Rónáin inné. Thanadar ann, "sagairt", "mná rialta," agus ar a laghad "easpag" amháin chuig Féile Fr Ted - TedFest '07. Cé nach ionann Inis Mór agus Craggy Island sa tsrath bhí cuid de suite in Inis Oírr agus ar an domhnach tá súil acu cluiche idir an dá oileán a reachtáil ar an dtrá.