Nuacht Chonamara
Seachtain na Gaeilge 2007
Imeachtaí na Seachtaine i nGaillimh
Tearman
Smaoineamh don lá!

Iml 02:Eag 16

éireAn Aimsir

Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTÉ an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Rád-out
Caorán na gCárc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/

Déan Vótáilár nIonadaithe Phoiblí
Toghchán 2007
Dáil Éireann
Teach Laighean
Na hIarrathóirí

Seanad Éireann
Dáithí MacCárthaigh
Fág do rian! Cláraigh chun vótála!

Rua Teil
Seirbhís Gaeilge
Ná bíodh muid...
An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Féasta dhrámaíochta seachtain na Gaeilge
Céilí Fest-Noz ar Oíche Lá Pádraig

15/3/2007: Bain taitneamh as oíche Lá Pádraig i mbliana le damhsa Gaelach agus Briotánach, sár cheol agus creperie! Beidh sár-oíche sa Dubhlann (Black Box) ar an 17ú Márta, le Céilí-Fest Noz don Fhéile Náisiúnta, ag tosaigh ar a 9i.n. san oíche. (Galway Independent)

Eolaire Gnó Ghaillimh le Gaeilge BEO!

165/3/2007: Seoladh Eolaire Gnó Ghaillimh le Gaeilge ag ócáid Shóisialta i mBeár agus Bialann Lohans i mBóthar na Trá Dé Céadaoin 14 Márta 2007. D¹eagraigh Gaillimh le Gaeilge an ócáid i gcomhar le Lohans Bar agus Restaurant mar chuid de cheiliúradh Sheachtain na Gaeilge.
Gliogáil anseo don Eolaire Gnó.


15/3/2007:Is íontach an méad dhrámaí atá á thaispeáint i rith mí Márta i mbliana.
Bhí "An Braon Aníos" le Darach Ó Scolaí ag tosú a camchuairt thar timpeall na tíre Halla na Cathrach ag tús na míosa. Ansin bhí dráma le Biddy Jenkinson á léiriú ag an gcúrsa Ard-Dioplóma sa Dramaíocht ag OÉ Gaillimh i Seanscoil Shailearna.
Ag an am céanna bhí chéad léiriú de "Jude" le Micheál Ó Conghaile i dTaibhdhearc na Gaillimhe.
Tá ómós á thabhairt i gcuimhne Johhn Chóill Mhaidhc ag an ndeireadh seachtaine seo arís san sean scoil.
I rith na seachtaine seo chugainn beidh 3 dhráma de chuid Anton Checkhov á léiriú ag na Crosáin, Amharclann Óige na Taibhdheirce, faoi stiúir Mharc Mhic Lochlainn, arís sa Taidhnhearc.
Agus an fhaid is atá an saibhreas seo le feiscint ar stáitse na Gaillimhe beidh léiriú den scannán nua "Cré na Cille" ar súil i bpictiúrlann an EYE.



Tomhaltóirí le cumhacht an euro Gaelach a léiriú

11/3/2007: Tar éis réamhullmhúchán dian ó mhí Iúil seo caite, tá eagraíocht úrnua ar son tomhaltóirí Gaeilge na tíre ar tí seoladh. Tá an grúpa ag siúl go mbeidh suíomh s'acu suas ar an idirlíon an mhí seo chun eolas a bhailiú agus a scaipeadh ar na táirgí agus ar an seirbhísí atá ar fáil i nGaeilge in Éirinn agus thar lear.
Tá an feachtas nuálach seo á stiúradh ag Seanán Ó Coistín, fear óg ó Chill Choca i gcontae Chill Dara ó dhúchas ach atá i mbun cúrsa aistriúcháin i gCarna faoi láthair (ar dheis), agus Domhnaill Ó Muirí, suirbhéir ó Leamhcán i mBaile Átha Cliath. (Lá Nua)


Fórum na nGaeilge ar na Forbacha

Beag rud nua le rá ag polaiteoirí faoin Ghaeilge
(Irish Times 7/3/2007)
6/3/2007: Chinn Fóram na Gaeilge, ag cruinniú i gCois Fhairrige, inné, fo-choiste a bhunú chun comhairle a chur ar an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar na bealaí is fearr chun tuairimí an phobail faoin nGaeilge a bhailiú.
Reachtáladh cruinniú de chuid Fhóram na Gaeilge chun plé a dhéanamh ar an bpróiseas comhairliúcháin atá ar bun ag an Roinn maidir leis an Plean Straitéiseach 20 Bliain don Ghaeilge, atá á bheartú ag an rialtas. (Lá Nua)


Glór na nGael
5/3/2005: Glacann Seán Ó Rathaile, Cathaoirleach Pharóiste an Chnoic duais Ghlór na nGael thar cheann Pharóiste an Chnoic ó Éamon Ó Cuív. (Pic Lá Nua)
Tuairisc ar an mbronadh i Lá Nua
Suíomh Ghlór na nGael

5/3/2007: Cartún an Lae: Twenty Major
Breis maoinithe don Ghaeilge á lorg

5/3/2007: Ag labhairt roimh chruinniú de Fhóram na Gaeilge i gConamara inniu, an coiste a bunaíodh le straitéis 20 bliain a bheartú don Ghaeilge, dúirt foilsitheoir Lá Nua, Máirtín Ó Muilleoir, go raibh sé riachtanach go n-oibreodh aon rialtas nua thuaidh le Rialtas na hÉireann chun infheistiú cheart a dhéanamh sa Ghaeilge sa Tuaisceart. (Lá Nua)
Deireadh le polasaí na méire fada (Eagarfhocal Lá Nua: 5/3/2007)


Crosántacht sa seanscoil

5/3/2007: Beidh dráma nua Crosántacht leis an scríbhneoir iomráiteach Biddy Jenkinson á léiriú ag an gcúrsa Ard-Dioplóma sa Drámaíocht, faoi stiúir Dharach Mhic Con Iomaire, i Seanscoil Sailearna, Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh, 10 - 11 Márta 2007, ag a 8.00 i.n.
Is ócáid ar leith é léiriú an dráma seo mar gurb é seo léiriú cinn chúrsa an Ard-Dioplóma sa Drámaíocht, cúrsa nua atá á reáchtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gcomhar le Scoil na Gaeilge, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.


Saol agus Saothar an Phiarsaigh!

5/3/2007: Tá léirmheas le Pól Ó Muirí ar an leabhair, An Ród seo Romham: Saol agus Saothar Phádraic Mhic Phiarais (Comhar, ¤12.50) le Liam Mac Uistín, le fáil ar Bheo na míosa seo. Díograiseoir Gaeilge, iriseoir neamheaglach, ceannródaí oideachais, scríbhneoir ildánach, réabhlóidí lasánta, fear duairc tiomanta, múinteoir cneasta spreagúil: tá na teidil seo go léir tuillte ag Pádraic Mac Piarais. Agus sinn ag druidim le comóradh céad bliain Éirí Amach 1916 cén teideal díobh is buaine? Cuirfidh an léirmheas seo ag smaoineamh thú agus an leabhair féin ar ndóigh!

Taispeantais ar an Spidéal

5/3/2005: Osclaíodh taispeántas Taispeantas Éigse an Spidéil inné ag Michael D Higgins, T.D.. Tá saothor na healaíontóirí, Dan Ó Flatharta, Aoife Casby agus Ceara Conway i dteach na Cúirte ann agus thuas staighaire sa Boluisce.
Dialann Uiscedhath a thug Dan ar timpeal 30 pictiúirí beaga thar timpeall teach na Cúirte agus thus sé na dátaí agus ammantaí mar thideal ar an chuid is mó dóibh. Pictiúirí teibí a bhí ionta agus thaitn "Tart Goya" go mór liom mar aon le ceann leis an dáta "13.15 070906" air.
Bhí pictiúirí Aoife an difríuil ar fad, cinn móra "Dreacha" a thug sí ar an taispeántas. Thaitn dhá ceann de na pictiúirí liom go mór. "Amuigh" agus "Istigh" a bhí ortha ina raibh fuinneog ón taobh amuigh agus ón taobh istigh.
Griangrafanna a bhí á theaspáint ag Ceara agus bhí srath ana dheas "Na hOíche Gorma" de dhúthaigh san oíche, spéir scamallach gorma agus soilse na tithe le feiscint mar seoda anseo is ansiúd i bhfad uainn.
Beidh taispeántais ar siúl ag Dan Ó Flatharta i nGalairí Sr an Dáma (BÁC) 2/9/4/2007 agus san Cockelshell Art Centre i Loch Gorman; 17 Lúnasa - 26 Mean Fomhair 2007
Suíomhanna: Dan Ó Flatharta (Béarla):-: Aoife Casby (Béarla)


Urú ghealaí ós cionn Chonamara!
        l4/3/2007: Tógadh an pictiúir seo i gConamara aréir nuair a bhí urú iomlán den gealach faoi lán tseoil!
        Tárlaíonn urú ghealaí nuair a thagann an domhain idir an ghrian agus an ghealach.
        Ní tharlóidh sé arís go dti an 21 Feabhra 2008, ach go déanach idir 3.00 agus 4.00 ar maidin!



        (ar dheis ár bpictiúir i Lá Nua 5 Márta 2007)


Scéim na hiascairí bhradáin

3/3/2007: D'fhógair John Browne T.D., Aire Stáit ag Roinn na Mara, >
ciste nua cabhrach €30 milliún do na hiascairí bhradáin atá go mór faoi bhrú anois de bharr na coníolacha nua hiascaireachta an Rialtas,a tháinig i bhfeidhm anuireadh, a chuir deoreadh le hiascaaireacht le sruth líonta.
Bhí sé ag oscailt teaspeántais iascaireacht intíre i nGaillimh aréir.
Ní mó ná sásta a bhí hiascarrí Chonamara le cúrsaí agus táid chun brú mór a chuir ar na poiliteoirí i rith an toghchán. Cuireann na rialacha nua le slí bheatha le an-chuid hiascairí i gConamara.
Breis faoin Ráiteas ar suíomh Roinn na Mara (Béarla) * An Taispeántas i nGaillimh (Béarla)


Aitheantas do uanfheoil Chonamara

2/3/2007: Ní féidir Uan Chonamara a thabhairt ar aon uanfheoil ach an uanfheoil a thagann as Chonamara amháin.

Déan Uimhir a h-aon de!
3/3/2007: Tá Ceol '07 ar fáil i siopaí ceoil fud fad na tíre inniu!!! Téigh amach agus ceannaigh é le go bhféadfadh sé dul chuig uimhir a haon sna cairteanna!! Ná déan dearmad go dtéann gach brabús chuig Concern.
Breis faoin dluth dhiosca

Pleán iompar na Gaillimhe fógraithe

3/3/2007: D'fhógair an Aire Iompair, Martin Cullan, plean nua iompair don gcathair bunaithe ar Stáisiún Ceannt an seachtain seo caite. Ní hamháin atá stáisiún agus ionad bhusanna ann atá i gceist ach ceantair nua ar fad le siopaí, árasáin agus ionad párchála. Beidh trí árdáin traenach sa stáisiún agus 25 stadanna bhuis ann leis.
Ráiteas ón Roinn Iompair (Béarla)

Cá bhfaighfeá Bus Chonamara?