Nuacht Chonamara
Tearman
Smaoineamh don lá!

Iml 03:Eag 02

éireAn Aimsir

Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTÉ an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCárc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/
Cupántae.ie
Baile Átha Cliath
16-18 Aibreán
Airithint: 091 563600

Rua Teil
Seirbhís Gaeilge
Ná bíodh muid...

An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Pádraig Ó hIrighile
Dr Pádraig Ó hIrighile
1923 - 2008
Fógraíodh Dé Sathairn go bhfuair an Dr Pádraig Ó hIrighile, iar-Uachtarán na hÉireann, 1976-1990, bás tar éis tréimhse gearr tinnis.

Ar dheis Dé go raibh sé.

Príomhoifigeach in Oifig an Choimisinéara Teanga

11/4/2008: Tá Oifig an Choimisinéara Teanga ag iarraidh a foireann bainistíochta a fhorbairt agus Príomhoifigeach a cheapadh a bheidh mar Stiúrthóir Oifige sa Spidéal Contae na Gaillimhe.
Beidh an príomhoifigeach mar chomhairleoir sinsearach don Choimisnéir Teanga agus é/í a bheith freagrach as gach gné d'eagrú agus de riaradh na hoifige, lena n-airítear maoirseacht ar an fhoireann agus iad i mbun imscrúduithe agus iniúchtaí. Is é/í an Príomhoifigeach a chinnteoidh go gcomhlíonfar feidhmeanna reachtúla na hoifige.

Cnuasach Nua Amhrán

11/4/2008: Amhráin is teideal do chnuasach nua d'amhráin Chiaráin Uí Fhátharta, curtha in eagar ag Síle Denvir.
Ciarán Ó Fátharta
Tá aithne go forleathan ar Chiarán Ó Fátharta mar iriseoir raidió agus mar chumadóir amhrán, agus cé go bhfuil na hamhráin seo beo i mbéal an phobail is é seo an chéad uair a bhfuil fáil ar na hamhráin uilig in aon chnuasach amháin. Is in ochtóidí an chéid seo caite a tháinig borradh faoi na hamhráin nuachumtha i gConamara den chéad uair agus thug siad ardú croí agus meanman do chách tráth a raibh eacnamaíocht na tíre i ndroch-chaoi. Déanann siad ceiliúradh ar thraidisiúin, ar phearsana agus ar imeachtaí áitiúla agus náisiúnta, mar shampla, traidisiún na badóireachta i gConamara, an dornálaí Seán Ó Mainnín agus staid na mbóithre!
Tá John Beag Ó Flatharta agus Beairtle Ó Domhnaill ar bheirt de na hamhránaithe i gConamara a mbíonn na hamhráin seo á gcasadh go rialta acu agus is meascán den stíl cheol tíre agus den stíl sean-nóis atá iontu. Tá na focail, nodaireacht an cheoil agus cúlra na n-amhrán san áireamh sa leabhar, chomh maith le réamhaiste faoin bhfilíocht bhéil i gConamara.

Duais fograíochta

11/4/2008: Fuair TG4 cúis dhúbailte cheiliúrtha inné nuair a bhuaigh fógraí cló agus craolta de chuid an chainéil duaiseanna móra Eorpacha i gcomórtas Promax/BDA a fógraíodh ag a gcomhdháil bhliantúil i Barcelona na Catalóine.
Thug póstaer fógraíochta do chlúdach an chainéil ar Chraobh TG4 i bPeil na mBan Duais Órga Promax leis sa rannóg d'Fhógraíocht Faoin Aer/Póstaeir agus bhuaigh comhfhógra teilifíse do na sraitheanna drámaíochta Ros na Rún agus Cold Case an duais chéanna leis sa Rannóg Dráma Teilifíse sa gcomórtas céanna.

Freagra na Fraince!
Ráiteas Bhrian Cowan mar Cheannaire-thofa Fhianna Fáil

10/4/2008: Thug Brian Cowan an-chuid dá ráitais i nGaeilge. Seo mar a labhair sé: "I dtosach báire, ba mhaith liom labhairt i mo theanga dhúchais. Is mór an onóir dom ceannaracht an pharti a ghlacadh agus táim fíor bhuíoch do mo chomhpholaiteóirí, mo cháirde, a roghnaigh mé don post fíor-thábhactach seo. Brian & Bertie
Ó bhíos ar scoil, tá grá agam don teanga agus tá sé ar intinn agam gach tacaíocht a thabhairt do fhorbairt na Gaoluinne amach anseo. Cé nách féidir linn go léir ár dteanga a labhairt go liofa, táim cinnte go bhfuilimid báuíl di. De bhárr go bhfuil cónaí orainn ar oileán atá ar imeall na hEorpa, níl brú orainn gaoluinn a labhairt. Dá mbeimís lonnaithe i lár na hEorpa táim cinnte go mbeadh Gaoluinn már chéad teanga again mar bheimís ag eisteacht le teangacha éagsúla agus in iomaíocht leo.
Is cuid dár gcultúr dár n-oidhreacht, dár bhféinionannas í, ár dteanga agus caithimidne, baill Fhianna Fáil, tréan iarracht a dhéanamh chun gaoluinn a chur chun cinn.
Sar i bhfad béimid ag plé Chonradh Liospóin agus tá sé de dhualgas orainn teanga bhinn ár sinnsear a fhorbairt agus féin aitheantas mhuintir na h-Éireann a chothu.
Sé atá a mholadh agam ná stadas na teanga a ardú agus sochaí na tíre a spreagadh agus a ghriosadh chun cuspóirí ár sinnsear a bhaint amach."
An ráiteas ina iomláine (Gaeilge & Béarla).
Cowan agus an Ghaeilge (Eagarfhocal Lá Nua 11/4/2008)


Slánú na Gaeltachta
Comhaireacht na Gaeilge?

10/4/2008: Tá na hAirí a ceapadh i Mí na Samhna seo caite le iniúcadh a dhéanamh ar an Stáidéar Teangolaíoch ar úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus cinneadh a dhéanam ar cad is ceart a dhéanamh lena gcéad chruinniú a bheith acu inniú.
Siad na hAirí atá ar an gcoiste ná Brian Cowan, John Gormley, Mary Hanifin, Noel Dempsey, Micheál Martin, Mary Coughlin agus Éamon Ó Cuív. Táid ag súil go mbeidh torthaí ar a gcuid cainte le fogairt roimh deireadh na bliana.

Treoirleabhair Nua do Thomhaltóirí
9/4/2008: D'fhoilsigh an Rialtóir Airgeadais leaganacha Gaeilge dá threoirleabhair 'Pinsin - an scéal simplí' agus 'Morgáistí - an scéal simplí' inné. Cuireann na foilseacháin seo eolas neamhspleách, saor in aisce ar fáil i dteanga shimplí chun cuidiú le daoine an pinsean nó an morgáiste a oireann dóibh a roghnú.
Togra foghlama Gaeltachta do mhná breacaosta
10/4/10: Sheol an tAire Éamon Ó Cuív, 'An Dara Tonn', tionscadal Gaeltachta de chuid OWN Ireland (Older Women's Network) le haghaidh daoine breacaosta, inné.
Mar chuid de chlár píolótach na bliana seo caite, thug 25 bean bhreacaosta, ó áiteanna ar fud na tíre, faoin teanga agus faoin gcultúr a shealbhú i nGaeltacht Chonamara.(Lá Nua)

Sáruithe suntasacha le linn na bliana 2007 ar reachtaíocht a raibh cur chun cinn na Gaeilge mar aidhm aici
40% de na gearáin ón nGaeltacht!

Don dara bliain as a chéile cuireadh breis agus 600 gearán nua i láthair Oifig an Choimisinéara Teanga sa bhliain 2007 inar thug baill den phobal le fios gur chreid siad go raibh cúis gearáin acu de bharr deacrachta le seirbhísí trí Ghaeilge ón státchóras. Fágann sin go bhfuil beagnach 2,000 gearán curtha i láthair na hOifige ó bunaíodh í ar dtús sa bhliain 2004.
Ó Chontae Bhaile Átha Cliath a tháinig an tríú cuid de ghearáin na bliana anuraidh agus tháinig 42% eile ó na trí chontae seo a leanas - Gaillimh (24%), Ciarraí (12%) agus Dún na nGall (6%). Ón nGaeltacht a tháinig 40% de na gearáin agus as ceantair lasmuigh den Ghaeltacht an chuid eile (60%).

Tuairisc an Chomisinéara Teanga 2007 foilsithe
Ní ceart "'Béarla éigeantach' a bhrú ar an bpobal agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit."

8/4/2008: Ag labhairt dó ag seoladh na tuarascála, dúirt an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, gur chosúil nár leor na córais reatha maidir le hearcaíocht agus traenáil foirne le cinntiú go mbeadh líon leordhóthanach foirne le hinniúlacht sa Ghaeilge ar fáil in eagraíochtaí stáit na tíre le seirbhísí a sholáthar trí Ghaeilge chomh maith lena soláthar trí Bhéarla. "Nílim ag déanamh an cháis ar chor ar bith gur cheart filleadh ar chóras na Gaeilge éigeantaí d'fhostaithe an stáit, ach ní chreidim gur leor ach an oiread 'Béarla éigeantach' a bhrú ar an bpobal agus iad ag déileáil le heagraíochtaí stáit," a dúirt sé.
Is féidir an tuairisc a fháil ar Shuíomh an Choimisinéara!


Teastas Eorpach na Gaeilge

7/4/2008: Tá rogha úr ranganna Gaeilge ag gach leibhéal ar fáil ó Chonradh na Gaeilge, Gaillimh an t-Earrach seo agus beidh daoine in ann cáilíocht Eorpach a bhaint amach sa Ghaeilge.

Galway Advertiser 26/3/2008

Scéim deontas pobail na Chomhairle 2008

Na Deontaisí eile!
Cumann Luacht Capailíní €2,100
Seo Capailíní an Cheathru Rua €1,050
Taispéantas Cois Fharraige Teo €1,050
Coiste an Spidéil Comórtas na Bailte Slachtmhara 2008 €3,000
7/4/2008: Socraíodh ar roinnt mhaith deontais ag cruinniú Chomhairle Chontae na Gaillimh i mí Márta. I measc na deontais bhí €10,000 Bealach an togra iompar pobail le seirbhís breise 40 bealaigh nua a sholáthar. Fuair Crib na nÓg €5000 le haghaidh Oifig Pobal agus Maoiniú do Dhífhibrileoir Phobail
Beidh níos mó deontaisí moladh ag an gcruinniú i mí Aibreáin.


Leathan banda i gConamara

7/4/2008: Tá feabhas ag teacht ar chúrsaí leathan bhanda diadh ar ndiadh sa cheantair. Tá an cuid is mó de na malartáin ag Éircom anois i ndán seirbhís de shaghas éigin a thabhairt sna limistéar thár timpeall ortha. Ach fós tá ceantair nach féidir í fháil mar go bhfuil siad ró fhada ón malartán nó tá caighdeán an cábla ró dhona chun freastail ar an comhartha leathan bhanda.
Tá dhá bhealach eile gur féidir a úsáid, saitilít nó córas gan sreang. Sa léarscáil anseo tá na nódanna atá ag saothrú sa cheantair ag dream deonach theWAN (Béarla) atá ortha. Bíonn ar an té an treallamh a cheannach agus ansin tá an seirbís fhéin saor, ach bíonn tú ag brath ar an céad duine eile sa gréasáin.
Sa mapa beag is féidir na nódanna trachtála atá ag Airwire (Béarla) a fheiscint. Tá costas ar an seirbhís seo ach ós rud é gur córas tráchtála atá ann is ceart go mbeadh an seirbhís níos fearr.
Breis faoin Leathan Bhanda!