Nuacht Chonamara
Tearman
Smaoineamh don lá!

Iml 03:Eag 01

éireAn Aimsir

Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTÉ an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCárc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/
Cupántae.ie
Halla Inis Oírr
4-5 Aibreán
Baile Átha Cliath
16-18 Aibreán
Airithint: 091 563600

Rua Teil
Seirbhís Gaeilge
Ná bíodh muid...

An Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige, Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
An Nua Nós?

4/4/2008: An tEarrach. Beocht úr le mothú san aer, loinnir i súile an domhain mhóir, rudaí nua ag teacht ar an saol. Is leis an splanc corraitheach sin a chuirtear fáilte roimh léitheoirí chuig an chéad eagrán seo de nós*, an iris Ghaeilge don nua-aois.

€220,000 Bronnta ag Ealaín na Gaeltachta Teo

2/4/2008: Tá sonraí na n-iarratasóirí ar éirí leo faoi Scéim Fhorbairt na nEalaíon 2008 fógartha ag Ealaín na Gaeltachta Teo. Tá an scéim maoinithe seo dírithe ar thionscnaimh faoi stiúir ealaíontóirí, ar chleachtas chomhoibritheach agus ar imeachtaí ealaíon sna gnéithe uile ealaíona dúchasacha agus comhaimseartha. Tá €220,000 bronnta i mbliana ar 31 tionscnamh ar fud na Gaeltachta.

"Crochfaidh mé seolta is rachaidh mé siar..."

2/4/2008: Sraith nua seoltóireachta do TG4 ina dtugtar dúshlán mór do dheichniúir bádóirí gan táithí: Thar thréimhse an tsamhraidh, ní h-amháin go mbeidh orthu foghlaim conas seoltóireacht ó thús, ach beidh orthu dul i ngleic le gleoiteog, chun áit a fháil ar fhoireann 'Scaoil Seol,' foireann a bheas ag dul san iomaíocht le bádóirí seanbhunaithe sa rása gleoiteoige is fíochmhara dá bhfuil ann - Cruinniú na mBád i gCinn Mhara. An éireoidh leo? Siad John Deairbé Ó Fláthara, Máirín Ní Chéilleachair & Donncha Mac Con Iomaire an triúir teagascóir.
Tá an sraith ag an tosú ar an Déardaoin, 10ú Aibreán ag 20.00 ar feadh tréimhse sé seachtainí.

Deireadh ré!
'Tá an Rí marbh...go maire an Rí?'

Trevor Ó Clochartaigh
Lá Nua 3/4/2008


Obair scannaíochta Bhob Quinn sa Sean Scoil

24/3/2007: Cuirfidh Club Scannán Sailearna bailchríoch le séasúr scannán an Earraigh ar an Déardaoin seo, nuair a thabharfar spléachadh ar obair scannánaíochta Bob Quinn i nGaeltacht Chonamara. I measc thaispeántais na hoíche beidh "Caoineadh Airt Uí Laoghaire", scannán fada a rinneadh i 1974. Is é Seán Bán Breathnach a ghlac páirt Airt Uí Laoghaire, an phríomhpháirt, sa scannán. Feictear Art ar a fhilleadh ón Eoraip dó tar éis tréimhse a chaitheamh ina shaighdiúir le harm an Rí.
Taispeánfar chomh maith ar an Déardaoin "Flytippers" agus "Sailearna" - dhá chlár teilifíse a deineadh do RTÉ sna hochtóidí, mar chuid de shraith chláracha faoi pobal Chonamara ar imirce.
Cuirfear tús le taispeántais na hoíche ar 8.15pm, Déardaoin an 27 Márta, i Seanscoil Sailearna, an seanteach scoile a úsáideach le linn scannánú "Caoineadh Airt Uí Laoghaire" breis is 30 bliain ó shin.
CineGael (Béarla an chuid is mó!)


2/4/2008: Léarmheas i Lá Nua

Laghdú Mór tuartha do Ghaeltacht na Gaillimhe

23/4/2008: Do réir anailís atá déanta, do Nuacht TG4, ag an léachtóir Matamaitice sa GMIT, Donncha Ó hÉallaithe, faoi usáid na Gaeilge sna ceantair éagsúla Gaeltachta, ta baol ann go gcaillfldh beagnach dhá thrian de Ghaeltacht na Gaillimhe a stádas Ghaeltachta.
An scéal seo i nGlór Chonamara

Ionad Pobail ag Fearann an Choirce

14/3/2008: Tá deontas de €9,600 ceadaithe ag Eamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, do Choiste Forbartha Fhearann an Choirce mar chabhair dóibh fuinneoga agus doirse a chur isteach san Ionad Pobail/Coláiste Uí Dhioráin ar Árainn. Beidh €8,000 á chur ar fáil faoin Scéim Feabhsúcháin agus €1,600 faoin Scéim CLÁR.

An Oíche a Socraíodh Plean Áitiúil na Gaeltachta

4/3/2008: Ar an Luan na seachtaine seo chaite ghlac Comhairle Chontae na Gaillimhe le Plean Áitiúil na Gaeltachta. As seo amach déanfar cinnithe ar iarratais phleanála i nGaeltacht na Gaillimhe do réir na bpolasaithe agus na gcuspóirí atá i bPlean nua na Gaeltachta. Bhí an gníomhaí pobail Donncha Ó hÉallaithe i láthair ag an gcruinniú Dé Luain seo caite, nuair a pléadh, nuair a leasaíodh agus nuair a aontaíodh sa deire an leagan críochnúil de Phlean Áitiúil Ghaeltacht na Gaillimhe. (Foinse 2/3/2008)

An Chéad Mhionbhus Leictreach ar na hOileáin

4/3/2008: Ar Inis Oírr rinne an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta, Eamon Ó Cuív, T.D. seoladh oifigiúil ar an chéad mhionbhus leictreach ar na hoileáin.
Is togra de chuid Chomhar Chaomhán é seo d'fhonn seirbhís taistil a chur ar fáil do mhuintir an oileáin agus do thurasóirí araon. Dúirt an tAire go bhfuil sé thar a bheith tógtha leis an tionscnamh nuálaíoch seo, a bheidh ag cur iompar sábháilte rialta ar fáil do mhuintir an oileáin agus, ag an am céanna, ag cur chun cinn úsáid an fhuinnimh ghlais.

29/2/2008: D'oscail an Aire Éamon Ó Cuív an foirgnimh nua ag Muintearas i dTír an Fhia inniú
Faoi Dheireadh Thiar
Dé Céadaoin 5 Márta - Dé hAoine 14 Márta,
Matinee Dé Luain 10 Márta agus Dé Máirt 11 Márta, i Seanscoil Sailearna, Indreabhán
Ticéid: Eur 15 / 10
Eolas agus áirithintí : 091 563600 Sean Scoil Sailearna
Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2007 bronnta sa cathair

29/2/2009: Fuair Corrib Removals and Storage an céad duais i gComortas Sheosaimh Uí Ógartaigh ag ocáid aréir. Cuireann Corrib Removals and Storage atá lonnaithe i Thonabrucky, seirbhís do bhogadh troscáin agus do storáil ar fáil. "Cuireann muid seirbhís d'athlonnú ar fáil do chlanna, má bhionn siad ag bogadh go háitiúil, go náisiúnta nó go hidirnáisiúnta. Bíonn seirbhís sheachtainiúil ar fáil chuig an Ríocht Aontaithe agus chuig an Eoraip. Táimid lonnaithe i nGaeltacht Chathair na Gaillimhe agus is cúis bhróid dúinn an Ghaeilge a úsáid inár bpleananna díolacháin agus margaíochta. Braitheann muid go mbaineann ár gcustaiméirí taitneamh as Gaeilge a labhairt, má bhíonn siad líofa nó muna mbíonn ach cúpla focal acu."
Suíomh na comhlachta (Béarla agus beagáinín den Gaeilge tríd!)
A scéal seo i Lá Nua
Siad Corrib Removals and Storage a bhog Pádraig Ó Conaire ón bhFaiche Mór go dtí an Iarsmalann nua.


Locht bunúsach sa Phlean Gaeltachta?

29/2/2008: Lá stairiúil a bhí ann, Dé Luain seo caite, nuair a glacadh, den chéad uair riamh, le Plean sonrach forbartha Gaeltachta in Éirinn. Tá iarracht déanta ag Comhairle Contae na Gaillimhe dul i ngleic leis na dúshláin phleanála agus teanga atá i bpríomh-Ghaeltacht na tíre, ach a bhfuil contúirt ann go bhfuil an treoir atá siad ag tabhairt chun an stádas Gaeltachta a chur i mbaol ar fad. (Trevor Ó Clochartaigh - Lá Nua)
Cúrsaí pleanála i nGaeltacht na Gaillimhe


Faoi Dheireadh Thiar sa Sean Scoil

27/2/2008: Tá dráma nua-scríofa le Joe Steve Ó Neachtain, á léiriú ag Taibhdhearc na Gaillimhe. Is in Árus do sheandaoine, áit atá an ghreann nádúrtha ar bharr a ghoib ag an seandream, atá 'Faoi Dheireadh Thiar' lonnaithe. Ní hea an ghreann ar fad atá le feiceáil sa dráma seo áit a thagann eachtraí an saoil chun solais go poiblí agus corr uair go brónach.

Fibín ar Bheo!
27/2/2008: Tá Darach Ó Tuairisc, bunatheoir Fibín, an compántas puipéad, i mBeo Feabhra 2008. Seans go bhfuil níos mó aithne air mar Liamo i Ros na Rún.
Pearsana na Seachtaine 2008!

26/2/2008: Siad Aoife Ní Thuairisc agus Daithí Ó Sé pearsana Seachtain na Gaeilge i mbliana. Tá sé ar siúl 3 - 17 Márta, 2008. Tá clár na himeachtaí le fáil ar www.snag.ie.

Lán dóchas is grá?
27/2/2008:Féach go cúramach ar an ghrianghraf seo.
Munar shíl tú go dtí seo go raibh ciall le feachtas na gCeithearn Coille greamaitheoirí a chur ar chomharthaí bóthair, b'fhéidir go n-athródh an comhartha seo d'intinn duit.
Nuair a chonaic mise é ar dtús é (ar an N6 atá se in aice le Creachmhaoil) bhí mé ag smaoineamh orm cérbh é an file seo, Anthony Raftery. (an scéal seo i Lá Nua)
Ceithear na Coille


Ceannaire nua ag an Ollscoil

15/2/2008: D¹ainmnigh Údarás na hOllscoile Ollscoil na hÉireann, Gaillimh an tOllamh Jim Browne (55) mar Uachtarán nua na hOllscoile. I láthair na huaire tá an tOllamh Browne ag feidhmiú mar Mheabhránaí agus Uachtarán Ionaid in OÉ Gaillimh agus cuirfidh sé tús lena phost nua mar Uachtarán an 6 Márta 2008. Is é an tOllamh Browne an dara hUachtarán déag atá ceaptha san Ollscoil agus mairfidh a théarma oifige deich mbliana.