Nuacht Chonamara
Tearman
Smaoineamh don lá!

Iml 03:Eag 04

éireAn Aimsir

Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTÉ an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/
An
Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige,
Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Oifigí nua díláraithe le n-oscailt

18/7/2008: Osclóidh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D., oifig nua díláraithe atá ag a Roinn sna Forbacha, Co. na Gaillimhe go hoifigiúil ar maidin.
Aontaíodh faoin gClár Díláraithe go n-athlonnófaí 10 bpost as an Roinn go dtí Na Forbacha. Tá na poist go léir seo athlonnaithe anois agus tá an ghné seo den dílárú curtha i gcrích.

Cruachás na n-iascairí
18/7/2008: Cé go gcuirtear fáilte roimh an scéala go bhfuil pacáiste ¤600 milliún á chur ar fáil do na hiascairí san Aontas Eorpach, ní mór a admháil ag an am chéanna go bhfuil sé, faraor, rómhall do go leor acu. Le blianta, thart ar tháblaí comhdhála na hEorpa, dhíol rialtas na hÉireann oidhreacht na tíre seo, oidhreacht nádúrtha, faoina luach. (Lá Nua)
Nuachtáin Gaeilge na Bruiséile

18/7/2998: Ainm Beo is ainm don chéad nuachtán Gaeilge sa Bhruiséil. Is é "Tír gan teanga tír gan anam" is bun le hainm an nuachtáin nuasheolta. "Ba é an tírghráthóir Éireannach, Tomás Dáibhis, a rugadh  i Magh Eala a chum an ráiteas iomráiteach sin a d'fhág rian dóite ar aigne na nglúnta ina dhiaidh. Is é Pobal labhartha na Gaeilge anam beo ár dteanga náisiúnta a dtugann an tAontas Eorpach comhstádas di leis na 22 teanga eile dá chuid; agus is cruthúnas é Anam Beo air sin.
Beidh eagarthóirí bainistíochta éagsúla ag uainíocht ar a chéile amach anseo. Meastar go bhfoilseofar an nuachtán seacht n-uaire sa bhliain a fhreagfróidh do phríomhfhéilte na bliana Gaelaí agus Ceiltí, mar atá, Imbolc (Lá 'le Bríde), Lá 'le Pádraig, Bealtaine, Lá Fhéile Eoin, Lúnasa, Samhain, Nollaig.
Íoslódáil ANAM BEO (1.7MB pdf).
Tá Pobal Gaeilge na Bruiséile tar éis próiseas comhairliúcháin a thionscnamh faoi na struchtúir is fearr a mhisneoidh úsáid na Gaeilge mar theanga bheo sa Bheilg. Má tá Gaeilge agat nó más suim leat an teanga, cláraigh, le do thoil, le: pobal.gaeilge.na.bruiseile@gmail.com


An Gúm as an áireamh do Ghradam Uí Shúilleabháin

16/7/2008: Ní bheidh aon leabhar de chuid An Ghúim san áireamh i mbliana le haghaidh leabhar na bliana do dhaoine fásta, Gradam Uí Shúilleabháin, ná le haghaidh leabhar na bliana do dhaoine óga. Foilsítear thart faoi 130 leabhar Gaeilge gach bliain agus airítear an gradam mar shaghas Booker Prize na Gaeilge. Dúirt cathaoirleach an Choiste Roghnaithe, Bláthnaid Uí Bhrádaigh go raibh "an-díomá ar an choiste nach bhfuil an Gúm, atá ar cheann de na comhlachtaí is torthúla, go mórmhór ó thaobh foilsiú leabhar do dhaoine óga, páirteach sa chomórtas".
Fógróidh an coiste gearrliosta ag tús mhí Mheán an Fhómhair.(Irish Times)
An Gúm

Síol nua curtha do Dhrámaíocht teilifíse

16/7/2008: Scéim forbartha do Ghearr-Scannáin teilifíse atá i SÍOL a chothóidh tallann nua scríbhneoirí/stiúrthóirí ó bhunstaid scripte go staid craolta ar TG4. Tá sé beartaithe leis an scéim SÍOL go mbeadh deis á tabhairt do 6 scríbhneoirí nó scríbhneoirí/stiúrthóirí ón nGaeltacht, nó atá líofa i nGaeilge, script teilifíse a scríobh agus a chóiriú le haghaidh léiriúcháin teilifíse. Tá an scéim oscailte do scríbhneoirí Gaeilge ó cheann ceann na tíre - bíodh taithí acu ag scríobh don scáileán nó ná bíodh - agus do stiúrthóirí ar mian leo taithí a fháil ar dhrámaíocht teilifíse.

Ceol ag Club Árus na nGael

15/9/2008: Banna bríomhar cheol thraidisúnta sé phíosa iad "Pick of the Litter". Tagann baill an ghrúpa as gach cearn den tír; B'leá Cliath, Laois, Liatroim, Dún na nGall agus Corcaigh. Tá cúlra éagsúla cheoil ag baill an bhanna agus tagann fuaim úr agus saibhir uathu dá bharr. Tugann siad turas ar leith ar an dTraidisiún sa bhealach a dtugann siad gnéithe de ranna cheoil eile le chéile agus is é seo an faobhar indibhiúil atá acu. Beidh siad ag Club Árus na nGael i nGaillimh ar an Sathairn - 19/7/2008.

Glac Leis! Cuir Ceist!

14/7/2008: Ó glacadh le hAcht na dTeangacha Oifigiúla 2003, tá níos mó seirbhísí Gaeilge á gcur ar fáil ag ranna rialtais agus ag eagraíochtaí stáit. Tá na seirbhísí seo á gcur ar fáil de réir a chéile mar chuid de scéimeanna teanga atá á réiteach ag na ranna agus ag na heagraíochtaí éagsúla. Mar thoradh ar an dea-obair seo ar fad tá an iliomad seirbhísí Gaeilge ar fáil anois. Tá sé rídheacair, áfach, do dhuine fios a bheith aige/aici ar céard iad na seirbhísí Gaeilge atá sé/sí i dteideal toisc nach bhfuil aon dá scéim teanga mar an gcéanna.
Chun teacht timpeall ar an bhfadhb éiginnteachta seo, tá Conradh na Gaeilge ag rá dhá rud linn:

* GLAC LEIS go bhfuil an tseirbhís ar fáil; &
* CUIR CEIST!
Aois na teicneolaíochta faisnéise tagtha chuig Cor na Móna!

14/7/2008: Tá ceantair Chor na Móna clúdaithe ag Airwire ón Aoine seo caite. Deintear freastal ar an gceantair ó dhá boinn ríofa, ceann amháin i gCor na Móna féin agus an ceann eile ag an gCnoc trasna an loch uatha.
Is seirbhís faoi leith í má deintar comparáid leis an gcóras líne dhigiteach rannpháirtí (nó DSL), tá coimhlint an íseal ann (20:1 le haghaidh an chóras chónaitheach agus 8:1 do gnólachtaí). Is córas siméadrach atá ann agus níl gá ar bith le líne teileafóin. Mar aon leis sin níl teora ar bith lena húsáid, bíonn sé ar siúl "i gcónaí". Leathnaíonn sé seo cuimsiú Airwire i nGaeltacht na Gaillimhe, mar aon le Carn Mór, An Ceathrú Rua, Casla, Na Forbacha, Indreabhán, Cill Rónáin, Maigh Chuileann, agus an Spidéal agus áiteacha nach iad.
Suíomh Airwire (Bearla)

€150,040 chun comhairleoirí a cheapadh maidir le forbairtí céibheanna

14/7/2008: Tá curtha in iúl ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., go bhfuil deontas €150,040 ceadaithe aige do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun staidéar féidearthachta, réamh dhearadh agus ceadúnais reachtúla a chur i gcrích i ndáil le forbairtí ag Cé an Chalaidh Mhóir, Inis Meáin agus Cé Inis Oírr.


Inis Meáin ceangailte!

11/7/2008: Deireann an grupa bhanda leathan deonach, The WAN, go bhfuil an céad nód togtha acu ar Inis Meáin. Tá breis is scór nodanna anois acu siar ó Loch Coirib. Féach ar an léarscáil.
Mar tá éinne ag iarraidh a bheith ceangailte ní gá dóibh ach dul chuig an Fórum ar an suíomh agus ceist a chuir.
Ceard is leathan banda ann? -
The WAN (Béarla)

Iomhánna ó Ros a'Mhíl

11/7/2008: D'oscail an t-Iar Aire Gnóthaí Eachtracha, David Andrews, taispeántas le Pádraic Reaney, den teideal 'Ros an Mhíl, 1979 -1983', Dé Sathairn seo caite, i Músaem Cathrach na Gaillimhe. Bhí slua mór i láthair don taispeántas seo, ina bhfuil griangrafanna de thithe agus sciobóil i Ros an Mhíl, Caorán na gCearc agus Baile an tSléibhe atá imithe le gaoth ó 1983. (Galway Independent)


Leas-Uachtarán nua um thaighde ceaptha san Ollscoil

10/7/2008: D'fhógair OÉ Gaillimh le déanaí go bhfuil an tOllamh Terry Smith ceaptha mar Leas-Uachtarán um Thaighde san Ollscoil, ceapachán atá curtha i feidhm cheana féin. Is sa réimse bithmhíochaine a bhí obair an Ollaimh Smith bunaithe go dtí seo agus tá blianta fada caite aige i mbun taighde acadúil agus obair sa tionscal.


Fáil éasca ar bhreis agus 12,000 focal Gaeilge...
10/7/2008: Sheol Maithú, comhlacht TF ó iarthar na hÉireann, agus Foras na Gaeilge 'Get the Focal' inné, feidhmchlár le haghaidh gutháin shoghluaiste a sholáthraíonn breis agus 12,000 aistriúchán Béarla-Gaeilge le húsáid as líne. Má sheoltar 'Focal' chuig 53503 (€0.30 CBL san áireamh), tá 'Get the Focal' ar fáil ar bhonn trialach, saor in aisce le teacht ar leath den fhoclóir. Is féidir an foclóir iomlán, le 12,000 aistriúchán, a íoslódáil go hiomlán ar €5, CBL san áireamh, a ghearrfar ar do ghuthán soghluaiste.
RIP
10/7/2008: Is trua linn a chlos go bhfuair Séamus Brennan TD, as Bóthar na Trá ó dhucas, bás inné. Ar dheis Dé go raibh a anam.

Raic Uí Riada

10/7/2008: Tá sé ina raic idir Raidió na Gaeltachta agus Oireachtas na Gaeilge tar éis don chraoltóir a fhógairt nach ndéanfaidh siad craoladh ar Chorn Uí Riada nó ar aon chomórtas amhránaíochta eile de chuid an Oireachtais, i mbliana. Dúirt ceannaire an stáisiúin, Edel Ní Chuireáin, go ndearnadh an cinneadh de bharr imní faoi cé acu a bheadh i gceannas ar chraoladh an chomórtais, Raidió na Gaeltachta nó TG4. (Colm Ó Broin - Lá Nua)


'Sprioc uaillmhianach ach is maith ann é mar sprioc'

10/7/2008: PLEAN 2028 an t-ainm coitianta atá an Rialtas ag tabhairt ar an chéad phlean straitéiseach don Ghaeilge riamh. Is é is cuspóir leis an phlean áit na Gaeilge sa Stát a bhuanú go ceann 20 bliain. Earrach na bliana seo, cheap Aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, Scoil Fiontar, ionad gnó agus teicneolaíochta Gaeilge Ollscoil Chathair Átha Cliath, le dul i mbun taighde don phlean. (Pól Ó Muirí - Irish Times)


Athrú Focail sa gCoinníoll Teanga

7/7/2008: Athrú i bhfocal amháin sa choinníoll teanga, a úsáideann Comhairle Chontae na Gaillimhe is cúis le dhá achomharc a bheith curtha ag Airdeall os comhair an Bhord Pleanála agus an conspóid faoi chosaint na Gaeilge tríd an córas pleanála dúisithe in athuair. Bhí neart cainte sna meáin Ghaeilge faoi na achomhairc céanna, le coicíos anuas: an Chomhairleoir Séamas Breathnach ó Uachtar Ard (ar dheis) ag cur i leith Airdeall go bhfuil siad ag iarraidh forbairt a stopadh sa Ghaeltacht. (Donncha Ó hÉallaithe - Foinse)

Stádas saor ó cháin á lorg ag Údarás na Gaeltachta do na hOileáin

9/7/2008: Tá aighneacht seolta ag Údarás na Gaeltachta chuig an gCoimisiún Cánachais ag moladh stádas saor ó cháin do na hoileáin amach ó chósta na hÉireann. De réir an mholta, ní bheadh cáin ioncaim ar bith ar thuarastal faoi bhun E100,00 in aghaidh na bliana le híoc ag daoine atá ina gcónaí?ar oileán ar feadh sé mhí sa bhliain. Moltar stádas speisialta cánach do chomhlachtaí atá lonnaithe ar na hoileáin chomh maith. (Lá Nua)


TG4 ar lorg scripteanna nua drámaíochta

7/7/2002: TÁ TG4 le síol úr a chur agus barr nua scríbhneoirí agus stiúrthóirí a thabhairt. "Síol" is ainm do scéim a bhfuil sé mar chuspóir aici deis a thabhairt do scríbhneoirí agus stiúrthóirí na Gaeilge agus na Gaeltachta a gcuid oibre a fheiceáil ar scáileán beag na teilifíse. (Pól Ó Muirí - Irish Times)


Go dTaga do Ríocht!

6/7/2008: Cuirfear tús le Féile Ealaíon na Gaillimhe 2008 ar an 14ú Iúil agus is mór an onóir do Thaibhdhearc na Gaillimhe go mbeidh dráma nua-scríofa le Micheál Ó Conghaile - Go dTaga do Ríocht - á léiriú ag Taibhdhearc na Gaillimhe agus á stiúradh ag Brendan Murray i gcomhair na féile. Cé go bhfuil an Taibhdhearc féin fós dúnta de bharr na tine a bhí ansin faoi Shamhain na bliana seo caite, tá Taibhdhearc na Gaillimhe fós i mbun léirithe. (Galway Independent)
Seo é an tríú ceann den triológ drámaí - suite i gConamara - a chum Micheál Ó Conghaile. Léirigh Taibhdhearc na Gaillimhe an péire eile cheana: Cúigear Chonamara sa mbliain 2003 agus Jude in 2007. Beidh sé á theaspaint in Áras na Gaeilge, san Ollscoil, 14/19 Iúil 2008 .

Dioplóma sa Cheol Traidisiúnta

6/7/2008: Sheol Muiris Ó Rócháin, Stiúrthóir Fhéile Willie Clancy, an clár is nua de chuid OÉ Gaillimh a mhúinfear go hiomlán trí Ghaeilge, Dioplóma sna Dána (Cóiriú & Stáitsiú an Cheoil Thraidisiúnta). Beidh an Dioplóma á reáchtáil ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge i gcomhar leis an gceoltóir cáiliúil an Dr. Charlie Lennon.
Iarrtar iarratais anois ar an gcúrsa lánaimseartha bliana seo a thosóidh i Meán Fómhair 2008 i stiúideonna taifeadta den scoth Stiúideo Cuan, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. Glacfar le cúigear mac léinn déag ar an gclár chun a chinntiú go gheobhaidís siad an oiliúint acadúil is fearr chomh maith leis an taithí phraiticiúil ar an teicneolaíocht ceoil is nua.

GLAC LEIS!
CUIR CEIST!
Fadhb agat le seirbhís Ghaeilge a fháil ón earnáil phoiblí?
An Coimisinéir Teanga

Leabhair ó Choiscéim
Díreach foilsithe!
Eagrán 3 Le fáil anois

Go dtaga do ríocht


Rua Teil
Seirbhís Gaeilge