Nuacht Chonamara
Tearman
Smaoineamh don lá!

Iml 03:Eag 03

éireAn Aimsir

Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTÉ an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCárc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/
An
Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige,
Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Gaeltacht Mhaigh Eo marbh

Áibhéil déanta ar bhás Ghaeltacht Mhaigh Eo? (Lá Nua 30/4/2008)
29/4/2008" 'Tá Gaeltachtaí Mhaigh Eo Marbh'. Is mar sin a thosaigh Comhdháil Lae ar an Déardaoin seo caite faoi thodhchaí Ghaeltacht Mhaigh Eo. Máirtín Mac Donnchadha ó RTÉ Raidió na Gaeltachta atá ag obair sa chontae le roinnt blianta a thug an léargas duairc sin. Is é Séamus Mac Philib as Ard-Mhúsaem na hÉireann - Saol na Tuaithe, Páirc an Turlaigh lámh le Caisleán an Bharraigh a d'eagraigh an Chomhdháil 'Gaeltachtaí Mhaigh Eo, mar atá agus mar a bheidh'. (Foinse)
Féach ar Gaeltacht Mhaigh Eo 'chomh marbh le hArt' agus 'Raidió na hIar-Ghaeltachta' tuartha ag láithreoir (Lá Nua)


Lá breá gréine rothaíochta i gConamara ar an Sathairn! Seo beirt a ghlac páirt sa Rás carthannachta ar son Ionad Bruach na hAbhann.
Suíomh Bruach na Mara (Gaeilge & Béarla)
File Árann
"Faoiseamh a gheobhadsa seal beag gairid. Ag siúl cois cladaigh thiar ag baile..." Tom Kenny ó Shiopa Leabhar Kenny le Niamh Ó Díreáin, iníon leis an bhfile, Máirtín Ó Díreáin, ag nochtadh leacht i gcuimhne an mhórscríbhneora ar an bProm i mBóthar na Trá, Gaillimh. (Pic:- Mike Shaughnessy - Foinse 27/4/2008
Pléaraca buailte linn

28/4.2008: Beidh Féile Phléaráca 2008 i Leitir Mealláin. Leanfaidh sé ón gcéad lá Bealtaine go dtí an 5ú lá. Tosóidh sé le Seoladh taispeántas ealáin scoil Náisiúnta Leitir Mealláin agus críochníodh sé ar an luain le bairbiciú agus Seisiún Ceoil na Féile ag Óst na n-Oileán. Mar a thárla le blianta beaga anuas tá eagrán nua "Pléaraca 08" foilsithe leis an gcaighdeán céanna a bheifí ag súil leis agus é lá le scéalta agus eolas ar ceantair agus muintir Chonamara.
Clár na Féile 2008


Leigheasfadh tuairim €20.000 conspoid Westdoc! - Ó Cuaig

27/4/2008: Dúirt Ó Cuaig gur féidir dochtúir a thabhairt isteach ar feadh tréimhse deireadh seachtaine ar chostas tuairim is €2.000. Tá an HSE agus Westdoc meáite ar chóras a thabhairt isteach a d'fhágfadh an taobh tíre as Leitir Mealláin siar no Carna agus amach don Chaiseal taobh le haon dochtúir amháin ar feadh 10 dtréimhse deireadh seachtaine sa mbliain. Bhíodh beirt dhochtúirí ar dualgas ansin ag an deireadh seachtaine go dtí sco. Tá cuimse daoine sa taobh Sin tíre imníoch go gcuirfear daoine i mbaol de bharr an athraithe go dochtúir amháin. Tháinig na céadta chuin cruinnithe poiblí i gCill Chiaráin agus i dTír an Fhia an tseachtain seo. (Foinse 27/4/2008)


Na hOileán agus Liosbón

27/4/2008: Ag labhairt dó inniu ag Cruinniú Ceann Bliana Chomhdháil Oileáin na hÉireann ar Oileán Arcáin, Co. Chorcaí, rinne Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, cur síos ar chomh tábhachtach is a bheidh sé do na hoileáin go vótálfar i bhfabhar an Chonartha um Athchóiriú an AE.


Cearc an Phrompa i bPáras

28/4/2008: Tá Cearc an Phrompa (Colmán Ó Raghallaigh / Annie West) roghnaithe mar leabhar ionadaíoch de chuid na hÉireann do thaispeántas Eorpach leabhar do phaistí a bheas ar bun sa Leabharlann Naisiúnta i bPáras na Fraince.
Roghnaíodh pictiúrleabhar amháin as chuile thír san AE le haghaidh an taispeántais seo. Bhí 2 leabhar de chuid Chló Mhaigh Eo ar na ngearrliosta de 4 as Éirinn, An Táin agus Cearc an Phrompa!
Rithfidh an Taispéantas, dar teideal Turas na hEorpa i 27 Pictiúleabhar, idir an an 11 Deireadh Fómhair 2008 agus an 4 Eanáir 2009 sa Bibliotheque Nationale de France i bPáras. Tá an liosta iomlán leis seo.


Cuairt na bhFilí Albanacha in gConamara is Árann

24/4/2008: Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag eagrú Chuairt na bhFilí Albanacha ón 3-9 Bealtaine i mbliana. Rachaidh na filí ar chamchuairt thart timpeall Chonamara agus Árann, agus críochnóidh an chuairt i mBaile Átha Cliath. Cuirfear tús le himeachtaí An Chuairt le léamh filíochta agus ceol traidisiúnta i Leabharlann na Ceathrún Rua, áit a gcloisfear na filí Máire Holmes agus Jackie Mac Donncha. Beidh filíocht Gáidhlige le cloisteáil freisin le Maletta Nic Phail agus Bill Innes, chomh maith le neart ceoil ón dá thraidisiún.(Galway Advertiser)

Fáilte roimh Gaeilge ag na Gárdaí?

24/4/2008: Léiríonn fógra na nGardaí Síochána i mBéarla, i bPolainnis agus i Sínis ach gan tagairt ar bith don Ghaeilge san Irish Times inné, 22 Aibreán 2008, an géarghá atá le cúrsaí fógraíochta a chur san áireamh sna Rialacháin um Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 (Alt 9), a d'fhoilsigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív i 2006 ach nach bhfuil sínithe aige fós, dar le Conradh na Gaeilge.


Aighneachtaí á lorg ag an gComhairle

24/4/2008: Tá sé i gceist ag Comhairle Chontae na Gaillimhe a dara Scéim Teanga a dhréachtadh de réir Alt 11 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 ina mbeidh scéimeanna do Chomhairlí Baile Bhéal Atha na Sluaighe, Bhaile Locha Riach agus Thuama san áireamh. Is é bun-chuspóir an Achta ná a chinntiú go mbeadh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí trí Ghaeilge agus go mbeadh siad ar chaighdeán níos airde.
Tá aighneachtaí maidir le hullmhú na dréacht-scéime á lorg ag Comhairle Chontae na Gaillimhe anois ó aon pháirtithe leasmhara. Ba chóir nach rachadh na haighneachtaí sin thar 4,000 focal (c. 8 leathanach). Ba chóir freisin, go hinmhianaithe, aighneachtaí a sheoladh isteach go leictreonach chuig gaeilge@galwaycoco.ie. nó sa gnath phost chuig Oifigeach Forbartha na Gaeilge, Comhairle Chontae na Gaillimhe, Aras an Chontae, Cnoc na Radharc, Gaillimh.
Is é an dáta deireanach d'aighneachtaí a bheith faighte ná 5.00i.n. ar an 23 Bealtaine, 2008.

Feisirí Eorpacha i Ros a'Mhíl!

23/4/2008: Thug toscaireacht ó Choiste Iascaireachta Pharlaimint na hEorpa cuairt ar Ghaeltacht na Gaillimhe le gairid. Bhí sé mar aidhm ag an toscaireacht, chúigear Feisire Eorpach, eolas a bhailiú agus eolas a roinnt le heagraíochtaí agus grúpaí cuí a bhfuil baint acu le cúrsaí mara agus iascaireachta.
Thug an toscaireacht cuairt ar Ardoifig an Údarais áit ar pléadh straitéis forbartha mara an Údaráis don Ghaeltacht. Lena chois sin, thug an toscaireacht cuairt ar Institiúid Mháirtín Uí Riain i gCarna, bhuail siad le foireann oibre ISPG (Irish Seafood Producers Group) i gCill Chiaráin, le grúpa iascairí agus lucht próiseála éisc i Ros an Mhíl agus thug siad cuairt i mbád ar na feirmeacha bradán i gCuan Chaisin, Leitir Mealláin.
Dúirt an Feisire Eorpach, Séan Ó Neachtain, a d'eagraigh an chuairt, gur "deis é seo do na heagraíochtaí atá ag plé le cúrsaí forbartha mara agus cúrsaí iascaireachta agus lucht déanta polasaithe na hEorpa tuairimí a mhalartú sa chaoi gur féidir linn bogadh chun tosaigh agus na tionscail iascaireachta agus uisceshaothraithe a fheabhsú agus a fhorbairt sa todhchaí. Bhí mé an-sásta gur chaith siad lá dá gcuairt i gConamara." (Iris UnaG "Scéal Eile" Eagráin eile)

Bunachar na mbád

23/4/2008: Tá Comhairle Contae na Gaillimhe ag dhéanamh iniúchadh agus Bunachar na mBad Oidhreachta i gContae na Gaillimhe (idir bháid intíre agus agus mhara) a chur le chéile. Tá sé i gceist freisin liosta práinne a chur le chéile de na báid is mó atá i mbaol agus ráiteas a chur le chéile chun iad sin a chaomhnú.
Iarrtar ar dhaoine a mbaineann sé leo (úinéirí báid, eagraíochtaí bád, lucht seolta báid, nó daoine eile a bhfuil spéis acu i mbáid) bheith páirteach i gcomhairliúchán agus leas a bhaint as an deis seo riachtanais agus ceisteanna a shonrú go háitiúil ar féidir aghaidh a thabhairt orthu san Iniúchadh ar Bháid Oidhreachta. Bhí Cruinniú Comhairliúcháin Poiblí in Órán Mór aréir.
Féadfar aighneachtaí a dhéanamh freisin i scríbhinn faoi 4.00pm, Dé hAoine an 2 Bealtaine chuig Bríd Higgins, Oifigeach Oidhreachta Sealadach, Pleanáil Chun Cinn, Comhairle Contae na Gaillimhe, Cnoc na Radharc, Gaillimh nó a sheoladh ar ríomhphost chuig: mmannion@galwaycoco.ie.

Dráma den scoth

23/4/2008: Nuair a fheiceann tú Joe Steve Ó Neachtain i bpáirt Taimín Chualáin agus é ina shuí ar an stáitse, a mhaide láimhe sínte amach uaidh, a cheann ag luascadh anonn is anall, caillte agus uaigneach, tá a fhios agat go bhfuil tú gafa aige, a scríobhann Catherine Foley. (Irish Times)
Tathar ag súil go mbeidh an dráma á theaspeáint arís sa Sean Scoil ag tús mí Bealtaine.

Oíche Chonamara agus Ráth Cairn ag Sult

23/4/2008: Beidh oíche speisialta dírithe ar thraidisiún Chonamara agus Ráth Cairn ag Club Sult i mBaile Atha Cliath, amárach. Tosóidh an oíche ag a 8.30in nuair a sheolfaidh Bríd Óg Ní Bhuachalla ó RTÉ an leabhar/dlúthdhiosca, Aniar, ón gcomhlacht, Futa Fata. (Lá Nua)

Kings! Duais eile!
Spiorad na Féile Ceiltí 2008 buaite!

21/4/2008: Thug scannán a chómhaoinigh TG4 an phríomhdhuais leis ag Féile na Meán Ceilteach i nGaillimh. B'air an scannán Kings a bronnadh an duais Spiorad na Féile, an ceann is s airde ar fad ag an bhFéile.
Scéal faoi sheisear ógfhear as Gaeltacht Chonamara a chuaigh ar imirce go Londain breis is chúig bhliana fichead ó shin é an scannán ina dtagann siad le chéile arís do shochraid an té is óige acu.
Féile na Meán Cheilteach (Béarla)

Spreagadh Pobail

21/4/2008: Is scéim é seo a bhfuil sé mar aidhm aige grúpaí pobail Ghaeltachta a ghríosú agus a spreagadh le tabhairt faoi ghníomhaíochtaí forbartha pobail thar na tréimhse trí bliana 2008-2010.
Tá ceithre rannóg sa scéim
Comharchumainn agus Comhlachtaí Pobalbhunaithe
Coistí Deonacha Forbartha;
Eagraíochtaí Spóirt agus Caitheamh Aimsire
An Baile Beo (i gcomhar le Comhairlí Contae áirithe).

Chelsea FC ar an gCeathrú Rua

18/4/2008: Is beag ceangal, a cheapfá, a bheadh ag Príomhroinn sacair Shasana leis an gCeathrú Rua, ach tá beagán de Chelsea FC anois ar an mbaile Gaeltachta, ó thárla na toisí agus caighdeáin ceanna céanna ag an bpáirc nua Astroturf atá tógtha trasna an bhóthair ó Pháirc an Cháthanaigh leis an bpáirc nua traenála atá tógtha ag foireann sacair Chelsea i Cobham, Surrey. (Galway Independent)

Strainséirí
21/4/2008: Ciníochas ceilte Éireann an lae inniu is cúlra don úrscéal seo le Colmán Ó Raghallaigh faoin gcairdeas a fhásann idir bheirt chailíní óga ó dhá chúlra éagsúla agus a thugann dúshlán na muintire lena mbaineann siad beirt.
Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge
Cruinnithe Comhairliúcháin Phoiblí

18/4/2008: Tá fógartha inniu ag Eamon Ó Cuív, T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go bhfuil a Roinn ag reáchtáil sraith cruinnithe poiblí chun deis a thabhairt don phobal plé a dhéanamh ar na saincheisteanna i ndáil leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Tá an cruinniú i nGaillimh le bheith san Ardilaun ar an 13 Bealtaine 2008.


Mar a tuairscíodh an nuacht seo i Lá Nua
Thár n-ais chuig 1915
Glactar le bhunreacht nua do Chonradh na Gaeilge

15/2/2008: Ghlac móramh thar na bearta le bunreacht nua a fhógraíonn ré spleodrach úr do Chonradh na Gaeilge ag Ard-Fheis speisialta spreagúil de chuid na heagraíochta i mBaile Átha Cliath Dé Sathairn seo caite, 12 Aibreán 2008.
Chruinnigh idir óg agus aosta ó chraobhacha an Chonartha ó cheann ceann na tíre in Ostán Wynn, Sráid na Mainistreach le vóta a chaitheamh ar cheann de na rúin is radacaí riamh a cuireadh chun tosaigh le buncháipéis cuspóireach na heagraíochta a athchóiriú, agus ghlac móramh mhillteanach leis an mbunreacht leasaithe sna salaí ar dhíospóireacht spreagúil ón urlár.
D'éirigh Dúbhghlás de hÍde (ar chlé), céad Uachtarán an chonartha as nuair a athríodh an bunracht i nDún Dealgan i 1915. Is cinnte go mbeadh sé sásta leis an athrú seo!
Bunreacht Chonradh na Gaeilge 2008 (pdf)

Strainséirí
Díreach foilsithe!


2-9 Bealtaine 2008
Seanscoil
Airithint: 091 563600


An Campa
le hAodh Ó Domhnaill
á léiriú ag Garrett Keogh agus Aisteoirí Bulfin
Inis Oírr
5 Iúl 2008.


Rua Teil
Seirbhís Gaeilge