Nuacht Chonamara
Tearman
Smaoineamh don lá!

Iml 03:Eag 07

éireAn Aimsir

Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTÉ an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/
An
Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige,
Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach

An Mhaighdean Mhara sa tosach

8/9/2008: Bhí an bua ag An Mhaighdean Mhara (ar dheis) i rásaí Ros a'Mhíl inné. Bhí an aimsear ciúin go leor agus ní raibh báisteach ar bith ann.


Iarnród eatrom don gcathair!

8/9/2008: Cuirfear moladh os comhar Comhairle Cathrach na Gaillimhe inniu, ag tacú le feachtas le haghaidh córas iarnróid éadroma, ar chostas €20 milliún. (Lá Nua)

An Mhaighdean Mhara faoi lán tseoil ar a bealach istigh chun bua!

An t-ádh leis na Puisíní

8/9/2008: Bhí an lá, agus an t-ádh, le Cill Chainnigh i gcluiche ceannais na mionúr inné. Bhí an lámh in uachtar ag na Puisíní sa chéad leath le 2-5 scóráilte acu i gcomparáid le 0-6 don Ghaillimh. (Lá Nua)


Gaelscoileanna na Gaeltachta

4/9/2008: Tá liosta de scoileanna na Gaeltachta agus teanga Ag dul ar Scoil! theagaisc na scoileanna sin de réir tuairiscí a sheol na scoileanna chuig an Roinn Oideachais don scoilbhliain 2006/2007 foilsithe ag Lá Nua inniú.
Rangaítear na scoileanna ar bhealaí éagsúla, idir scoileanna a dhéanann gach ábhar trí Ghaeilge, bhunscoileanna a dhéanann roinnt ábhar trí Ghaeilge, mheánscoileanna a dhéanann ábhar amháin trí Ghaeilge agus scoileanna a dhéanann teagasc trí mheán an Bhéarla.
De réir na Roinne Oideachais, níl dualgas ar scoileanna na Gaeltachta múineadh trí mheán na Gaeilge, ach dar le saineolaithe dlí, ciallaíonn mír san Acht Oideachais 1998, gur cheart do scoileanna "cuidiú leis an nGaeilge a choinneáil mar theanga pobail na Gaeltachta" gur chóir go mbeadh fáil ar oideachas lánGhaeilge sa Ghaeltacht.
An alt le Colm Ó Briain i Lá Nua (pdf)

Tráthnóna Beag Aréir!

4/8/2008: Beidh glór mealltach Albert Fry le cloisteáil arís den chead uair le fada ar dlúth diosca de chuid Gael Linn. Bhí cáil forleathan ar Albert mar amhránaí, go háirithe sna seachtóidí. Lena stíl deas séimh, thug sé amhráin Rann na Feirste agus Chúige Uladh os comhair an tsaoil mhóir. Bain sult as na leaganacha fíor-áille atá aige de Úrchnoc Chéin Mhic Cáinte, Aird Tí Chuain agus ar ndóigh, Tráthnóna Beag Aréir, teideal an albaim nua seo a bheidh le fáil ó Amarárach!


Feidhmeannach Imeachtaí &Riaracháin
1/9/2008: Tá post mar Fheidhmeannach Imeachtaí agus Riaracháin fógraithe ag Áras na nGael. Is post nua é seo a bheidh dírithe ar chur leis an réimse imeachtaí a gcuirtear ar fáil san Áras agus i gClub Áras na nGael. Tá iarratais á lorg faoi láthair ó dhaoine ar spéis leo an post nua dúshlánach seo. I measc na tréithe atá ag teastáil uaidh iarrthóirí tá: cumas bainistíochta, margaíochta agus cuntasaíochta; Scileanna cumarsáide, ríomhaireachta agus eagartha; Cumas oibriú as a stuaim féin agus ardchaighdeán Gaeilge, idir chumas labhartha agus scríofa. Tá an post nua á thairiscint ar chonradh dhá bhliain. Is féidir iarratas a dhéanamh ach litir iarratais agus CV a sheoladh chuig An Rúnaí, Gael-Fhorbairt na Gaillimhe, 45 Sr. Doiminic, Gaillimh. Is é Dé hAoine 19 Meán Fómhair an dáta deireadh iontrála.
Cúinne an Ghiorria Cúine an Giorria

1/9/2009: Is veidhleadóir agus seinnteoir méarchláir é Colm Mac Con Iomaire, arb as an gCarraig Dhubh i mBaile Átha Cliath ó dhúchas é. Tá sé ina bhall den bhanna clúiteach The Frames ó bhí 1990 ann, ach bhí sé ar dhuine de na ceoltóirí a bhunaigh Kíla sna hochtóidí chomh maith. Rinne sé albam aonair dar teideal Cúinne an Ghiorria a thaifeadadh i mbliana agus rachaidh sé ar camchuairt náisiúnta le hé a chur chun cinn i mí Mheán Fómhair. Chuaigh Caoimhe Ní Laighin chun cainte leis le gairid faoi chúrsaí ceoil, faoin tionscal ceoil agus faoin dóigh a mbraitheann sé faoin chlú. (Beo Lúnasa)
Chúinne an Ghiorria

Club Scannan Sailearna - An Séasúr Nua

29/8/2008: Cuirfidh Club Scannán Sailearna tús le séasúr nua de scoth scannáin idirnáishúnta ar an Déardaoin, an 25 Meán Fómhair, i Seanscoil Sailearna, Indreabhán, nuair a thaispeánfar "The Violin", scannán nua ó Mhexico a bhaineann le éiri amach na cosmhuintire i gceantar Guerrero le linn na seachtóidí.
Bunaíodh Club Scannán Sailearna anuraidh agus émar aidhm aige scannáin den céad scoth ó thiortha ar fud an domhain a thaispeáint go rialta i Seanscoil Sailearna in Indreabhan. (Glór Chonamara)

Feachtas na mBóithre ar TG4

29/8/2008: Craolfar clár teilifíse dar teideal Feachtas na mBóithre ar TG4 níos déanaí i mbliana, clár atá déanta ag Sharon Ní Loideáin, bean óg as Conamara.
Scrúdaíonn Sharon an feachtas a thosaigh i gConamara sa bhliain 1983 mar gheall ar an drochbhail a bhí ar na bóithre. I rith an fheachtais chaith cúigear seal i bpríosún agus chur an feachtas cruth nua freisin ar chúrsaí polaitíochta i gConamara. (Galway Advertiser)


Cuívo - gaffer na Gaeilge!

27/8/2008: Dúirt Ó Cuív go raibh sé "fíorshásta" leis an chinneadh agus gurbh "aitheantas é dár dteanga náisiúnta". Mhol sé príomhfheidhmeannach an FAI, John Delaney, as an cheist a ardú leis an eagras i ndiaidh gur chuir Ó Cuív an moladh faoina bhráid. (Irish Times)

  • An tAire sásta!...
  • Ionad Nua Spóirt OÉ Gaillimh oscailte le tacaíocht na Mac Léinn

    27/8/2008: Tá Ionad nua Spóirt OÉ Gaillimh, ar chostas €22 milliún, oscailte do mhic léinn, don fhoireann agus don phobal. Tá achar 6,500 m(c)~ san ionad ina bhfuil linn snámha 6-lána 25 méadar. Is féidir an t-urlár a ardú agus a ísliú inti. Tá cúirteanna scuaise agus raicéadaíochta, halla ina bhfuil trí chúirt cispheile, stiúideonna ilchuspóireacha, giomáisiam an-mhór agus balla dreapadóireachta ann chomh maith. Is ar an gcampas atá an t-ionad in aice leis an droichead, agus beidh sé á rith ag an Kingfisher Fitness Group.

    16 teaghlach eile ceangailte le córas uisce

    D'fhógair Éamon Ó Cuív T.D., an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, inniu go bhfuil maoiniú sa bhreis ó CLÁR, ar fiú €120,437 é, leithdháilte aige ar Ghrúpscéim Uisce Poppyhill (TC Cill Odhráin) i gCo. na Gaillimhe. Bainfidh 16 theaghlach tairbhe as an scéim.

    An Chré-Uamhaois - 4,000 bliain ar aghaidh

    20/8/2008: Beidh Umha Aois 2008 ag tárlú i mbliana idir 31ú Lúnasa agus an 10ú Meán Fómhair in Áras Éanna, Inis Oírr. Séard a bhéas ann ná saotharlann do ealaíontóirí agus seandálaithe ag déanamh taighde ar mhódhanna agus teicnící teilge chré-uamha ag úsáid fia-ghuail agus tinte beaga amuigh faoin spéir. Trealamh simplí a bheidh in úsáid: múnlaí déanta as clocha agus cré, agus an teicníc ar fad iontach simplí ionas gur féidir é a dhéanamh i do chúl-chlós féin.
    Tá breis eolas le fáil faoin liosta lóistín, srl. ag e-phost go araseanna@eircom.net.

    Cúigear Ros Dumhach
    Troid Ros Dumhach


    GLAC LEIS!
    CUIR CEIST!
    Fadhb agat le seirbhís Ghaeilge a fháil ón earnáil phoiblí?
    An Coimisinéir Teanga


    Leabhair ó Choiscéim
    Díreach foilsithe!