Nuacht Chonamara
Tearman
Smaoineamh don lá!

Iml 03:Eag 08

éireAn Aimsir

Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTÉ an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/
An
Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige,
Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Neamhspleach i gcónai!

12/9/2008: Dúirt an Comhairleoir Seosamh Ó Cuaig ar agallamh ar Athmhaidin ar Raidio na Gaeilge inniú go raibh sé chun fanacht neamhspleaach má théann sé ar aghaidh don toghchán áitiúl i 2009. Bhi an-chuid scriofa sna nuachtáin le deanai go raibh Fine Gael agus Fianna Fáil ag iarraidh é a mhealladh agus cé gur admhaigh an comhairleoir go raibh teangabháil deanta acu leis dúirt sé go raibh traidisiún láidir neamhspleach i gConamara agus gur bhain sé leis sin.
Suiomh Ui Chuaig

Fearg faoi ráiteas Bhatt O'Keefe!

12/9/2008: Cháin Gaelscoileanna Teo, eagraiocht ionadaiochta do 140 bhunscoil lán-Ghaeilge, Batt O'Keeffe, an tAire Oideachais agus Eolaiochta, as ráitis a thug sé inniu i leith aitheantais do scoileanna a roghnóidh sainmheon lán-Ghaeilge sa todhchai. "De réir dealraimh, ceapann an tAire gurb ionann rogha an tuismitheora agus 'scoil ag gach crosbhóthar', meon a léirionn easpa measa nach beag ar thábhacht an chomhphobail sa tsochai Éireannach." a dúirt Bláthnaid Ni Ghréacháin, Ardfheidhmeannach na gluaiseachta.
Suiomh Ghaelscoileanna Teo

An nuacht is déanaí ó ÚnaG

11/9/2008: Tá an eagrán deireannach de "Scéal Eile" don mhí seo (Mean Fomhair) díreach amach. Istigh ann tá an nuacht is deanaí ó an eagraíocht ghníomhaireacht Stáit atá freagrach as forbairt eacnamaíochta, shóisialta agus chultúrtha na Gaeltachta.
I measc na nithe spéisiúla atá ann tá acoimre den tuairisc bliaintúil, tuairisc ar oscailt oifigiúil an ionad nua bithleighis in aice leis an Spidéal agus an aighneacht a rinne Ú na G chuig an gCoimisiún Cánachais le gairid ag moladh dreasachtaí speisialta cánach do na hoileáin amach ó chósta na hÉireann.
Is féidir do chóip féin de Scéal Eile a íoslódáil anseo.

Scéimeanna ealaíona
11/9/2008: Tá dhá scéim á fhógairt ag Ealaín na Gaeltachta faoi láthair. Sa Scéim Fhorbairt na nEalaíon cuirfear fáilte roimh dhaoine aonair agus grúpaí ar suim leo tionscadail nó seirbhísí ealaíon trí Ghaeilge a fhorbairt. Mar shampla: Tionscadail faoi stiúir ealaíontóra, tréimhsí cónaithe, coimisiúin, ealaíon pobail, ceardlanna, seimineáir & taispeántais, léiriúcháin, sparánacht, srl.
Is é Dé Céadaoin 17 Deireadh Fómhair an spriocdháta d'iarratais don scéim seo.
Tá an scéim Sparánacht sna hEalaíona 2009 dírithe orthu siúd atá ag saothrú mar ealaíontóirí gairmiúla. Ní gá go mbeadh ioncam leanúnach aige/aici ón gcleachtas ealaíon, ach is gá cuntas beatha a chur ar fáil a thugann léargas ar do shaothar ealaíon go dáta. Leis an scéim seo tugtar deis d'aon ealaíontóir, am a chur ar leataobh chun díriú ar shaothar áirithe ealaíon, go háirithe tríd iad a shaoradh óna gnáth dualgais a bhíonn orthu.
Is é Dé hAoine 31 Deireadh Fómhair an spriocdháta d'iarratais don scéim seo.
Suíomh Ealaín na Gaeltachta (Lár Sráide - Galway Advertiser!)


Siamsaíocht, iontais agus faisnéis sa chlársceideal nua

11/9/2008: Cuirfidh clársceideal nua Fómhair TG4 rogha leathan ábhair nua tarraingteach ar fáil don lucht féachana. TG4Tráchtaidh na cláracha nua faisnéise ar raon iontach d'oidhreacht na hEireann - ón dreas damhsa a rinne an diabhal i halla in oirthear Mhaigh Eo caoga bliain ó shin, go dtí an tSóivéid Eireannach nár mhair ach trí lá, go dtí an cléireach Ciarraíoch a thug dúshlán an SS agus a rinne tarrtháil ar na mílte príosúnach san Iodáil sa Dara Cogadh Domhanda.

Pearsain TG4
Mná TG4 thar timpeall ar Daithí Ó Sé ag láinseáil an chláir! (Pic i Lá Nua)

Craosaireacht agus Fantaisíocht ó Ré Mheánaoiseach na hÉireann

10/9/2008: Craosaireacht agus Fantaisíocht ó Ré Mheánaoiseach na hÉireann le plé ag Siompóisiam in OÉ Gaillimh An greann agus an fhantaisíocht ba dhual don phobal Éireannach a chleachtadh sa ré mheánaoiseach an téama atá roghnaithe d'imeacht idirnáisiúnta a bheidh ar siúl in OÉ Gaillimh, Dé hAoine (12/9/2008). Is ar cheann de mhórshaothair litríocht mheánaoiseach na hÉireann a bheidh an collóiciam lae seo bunaithe: Aislinge Meic Conglinne.
Téacs na hAislinge ar shuíomh Ollscoil Chorcaí

Ranganna Rince ar an Sean-Nós

10/9/2008: Beidh Ranganna Rince ar an Sean-Nós Chlub Arus na nGael ag tosú Dé Luain 22 Meán Fómhair agus beidh Pádraig Ó hOibicín á múineadh arís i mbliana. Tá na ranganna á reáchtáil le sé bliana anuas anois agus an-rath orthu. Bíonn idir shean agus óg ag glacadh páirte agus chomh maith le céimeanna snasta a fhoghlaim bíonn go leor spraoi i gceist freisin!

Cúrsaí a bhfuil tábhacht leo, seans . . .
10/9/2008: 'Seans go mbeidh Obama ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe lá breá éigin sula n-éagfaidh mo Róisín Dubh''Seans go mbeidh Obama ina uachtarán ar na Stáit Aontaithe lá breá éigin sula n-éagfaidh mo Róisín Dubh' (Gabriel Rosenstock - Irish Times)
Daonlathas de réir do thola
10/9/2008: Leagtar an sean-nath faoin daonlathas "níl sé foirfe ach tá sé i bhfad níos fearr ná aon chóras eile" ar Winston Churchill. Agus an ceart aige. (Seán Ó hÉalaí - Irish Times)

Comhordaitheoir ar an M.A. Ateangaireacht Chomhdhála Susan Folan

9/9/2008: Tá sé fógartha ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge go bhfuil Susan Folan ceaptha ina Comhordaitheoir ar an gcúrsa nua M.A. (Ateangaireacht Chomhdhála) - cúrsa a mbeidh tús á chur leis ag deireadh na míosa seo (Meán Fómhair 2008).
Is as Cnoc na Cathrach í Susan Folan ó dhúchas agus tá sí ar dhuine den bheagán daoine atá cáilithe mar ateangaire gairmiúil le Gaeilge; oibríonn sí go rialta i bParlaimint na hEorpa agus in institiúidí eile den chuid an Aontais Eorpaigh mar ateangaire comhdhála. Tá bunchéim B.A. agus M.A. sa Nua-Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh bainte amach ag Susan chomh maith le Céim Mháistreachta Eorpach san Ateangaireacht Chomhdhála ó Ollscoil Westminster i Londain.


Sceideal nua Raidío na Gaeltachta

9/9/2008: Cuireadh tús le sceideal nua an fhómhair ar Raidió na Gaeltachta ag tosach Mí Meán Fómhair agus más é an ceol, na healaíona, cúrsaí reatha, nuacht nó spórt is spéis leat, tá clár duit ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Ar na cláracha nua atá sa sceideal, tá Léite Pléite, clár litríochta; Amharclann na nÓg, sraith drámaíochta don óige; Blúirín Blasta, clár cócaireachta; agus Sloinne agus Seoladh, clár faoi stair áitiúil, logainmneacha agus ginealas. Tá an clár Dearc ag filleadh ar an aer chomh maith.
Suíomh Raidío na Gaeltachta

Nós Nua ar an líon! Nós

10/9/2008: Tá eagrán 4 de nós* anois amuigh agus istigh ann tá léirmheas ar Barcelona; íomhánna ón bPicnic Leitreach; súil siar ar Chluichí Béising; cuairt ar Ile na hAlban; tuairim faoi Tocco Samsung; ealaíon ó Laura de Búrca agus tuilleadh ceoil, scánnán, teicneolaíochta, polaitíochta agus eile.


Rasaí Ros a'Mhíl Rasaí Ros a'Mhíl i Lá Nua 9/9/2008.

Nós
Cúigear Ros Dumhach
Troid Ros Dumhach


GLAC LEIS!
CUIR CEIST!
Fadhb agat le seirbhís Ghaeilge a fháil ón earnáil phoiblí?
An Coimisinéir Teanga


Leabhair ó Choiscéim
Díreach foilsithe!