Nuacht Chonamara
Tearman
Smaoineamh don lá!

Iml 03:Eag 09

éireAn Aimsir

Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTé an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/
An
Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige,
Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Fáilte roimh an bpobal teacht ag Lá Oscailte OÉ Gaillimh 2008

30/9/2008: Fáilte roimh an bPobal teacht ag Lá Oscailte OÉ Gaillimh 2008 Beidh Lá Oscailte OÉ Gaillimh ar siúl ó 9am go 3pm, Déardaoin, 9 Deireadh Fómhair, 2008. Táthar ag súil go dtabharfaidh na mílte mac léinn meánscoile ó cheann ceann na tíre cuairt ar an Ollscoil i dteannta a dtuismitheoirí agus múinteoirí.

Potaireacht Judy Greene ag ceiliúradh 26 bliana

30/9/2008:Tá Judy Greene, an potaire a bhfuil cáil ar fud an domhain uirthi, ag ceiliúradh 26 bliana i ngnó i gCathair na Gaillimhe i mbliana! Chun an ócáid iontach seo a cheiliúradh, tá sí ag déanamh réimse nua potaireachta faoi láthair ag úsáid na Gaeilge le cabhair ó Ghaillimh le Gaeilge.
Suíomh Judy Greene (Béarla); - Ar dheis: Cupán tae don Aire!


Ciarán Ó Súilleabháin
Gaeilge agus do Ríomhaire

29/9/2008: Tá go leor áiseanna amach ansin atá le fáil as Gaeilge, agus má léiríonn daoine suim sna háiseanna sin, tiocaidh fás agus forbairt ortha. Mar shampla Tá Microsoft tar éis aistriúcháin Windows a dhéanamh dúinn. Is dócha gur thosaigh nuair a aistrigh Google a leathanach chuig Gaeilge. Tá Ciarán Ó Súilleabháin, (Mac Léinn san DCU) ag iarraidh na deiseanna ríomhaireachta pearsanta atá as Gaeilge a chur i láthair ar aon suíomh amháin. Tá an suíomh ag fás agus á fhorbairt aige agus má tá fhios agat faoi aon uirlishí nó ríomhchláracha nach bhfuil ar a liosta aige bheadh áthas air cloisteáil uait.

Uachtarán nua ar an gConradh

27/9/2008: D'éirigh le Pádraig Mac Fhearghusa ó Chraobh Thrá Lí Uachtaránacht Chonradh na Gaeilge 2008 - 2009 a bhuachaint ag Ard-Fheis na heagraíochta in Óstán Meadowlands, Trá Lí, Co. Chiarraí inniu, 27 Meán Fómhair 2008. Bhí an bua aige ar Thomás Mac Ruairí ó Chraobh Bhréanainn.
Is Cathaoirleach ar Chraobh Thrá Lí é Mac Fhearghusa mar aon le ball gníomhach de Bhuanchoiste agus de Choiste Gnó an Chonartha le tamall maith de bhlianta. Is eagarthóir cumasach na hirise míosúla FEASTA é faoi chúram Clódhanna Teoranta, comhlacht foilseacháin an Chonartha.

Turas na bhFilí

27/9/2008: Tá an t-amhránaí sean-nóis ón Spidéal Mairéad Ní Fhlátharta i measc iad siúd atá ar chuairt faoi láthair ar Gharbhchríocha na hAlban mar chuid de Thuras na bhFilí. (Galway Advertiser)


An bua ar Rua?

27/9/2008: Tá Rua Telecom ar an saol le breis is cúig bliana anuas agus idir an dá linn tá an-athrú tagtha ar chúrsaí chumarsáide. Anois tá i bhfad níos mó bhéim á chur ar phacáistí de ghlaaonna agus seirbhísí leathan bhanda. Níl na maoine ag comhlucht beag mar Rua thabhairt faoi leathnú amach mar sin a dhéanamh agus mar sin táid chun deiredh a chur leis an seirbhís ag deireadh Mí Deiredh Fomhair.
D'úsáideamar féin Rua agus bhíomar thar a bheith sásta leis an seirbhís uatha. Guín muid gach rath ar Ruairí agus Seán amach anseo.

Fáil ag mic léinn ar na healaíona cruthaitheacha

19/9/2008: Beidh fáil níos éasca ag mic léinn Oé Gaillimh ar na healaíona cruthaitheacha ó seolfar clár na nEalaíon Cruthaitheach 2008-2009. Seo an tríú bliain a bhfuil an clár á reáchtáil. Tá an clár deartha go háirithe d'fhochéimithe agus eagrófar imeachtaí agus léirithe Drámaíochta Idirnáisiúnta, Scannán, Ceoil Chlasaicigh, Rince, Ealaíon Traidisiúnta, Amharcealaíon agus Litríochta Gaeilge mar chuid de.

Grúpscéim Uisce Dubhrois le forbairt

19/9/2009: Tá fógraithe ag Éamon Ó Cuív T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go bhfuil deontas de €39,624 ceadaithe aige chun Grúpscéim Uisce Dubhrois, Cor na Móna a fhorbairt.


Bóithre Chonamara

19/9/2008: Inniu, d'fhógair Éamon Ó Cuív, T.D. agus Noel Dempsey, T.D., Aire Iompair tionscadail na mbóithre áitiúla i gceantair CLÁR a bheidh á maoiniú sa bhliain 2008 i gContae na Gaillimhe (an cuid is mó acu i gConamar Thuaidh). Is clár infheistíochta é CLÁR (Ceantair Laga Ard-Riachtanais) atá saincheaptha le dul i ngleic le fadhb an bhánaithe, an mhaolaithe agus easpa seirbhisí i gceantair thuaithe.

Cluas eile!

17/9/2008: Tháinig RTé Raidió na Gaeltachta ar shocrú craolacháin le hOireachtas na Gaeilge i ndiaidh cruinnithe inné. Mar thoradh ar an socrú seo craolfar:

  • Corn Cuimhneacháin Sheáin Óig Uí Thuama (d'Amhránaithe faoi bhun 35 bliain d'aois)
  • Comórtas na bhFear is na mBan
  • Corn Uí Riada, príomhchomórtas amhránaíochta an Oireachtais
    Síneofar conradh craolacháin leis an Oireachtas ina ndearbhófar go mbeidh beochraoladh na gcomórtas faoi cheannas eagarthóireachta RTé Raidió na Gaeltachta.
    Ranganna Rince ar an Sean-Nós

    16/9/2008: Beidh Ranganna Rince ar an Sean-Nós Chlub Árus na nGael ag tosú ar an Luain se chugainn agus beidh Pádraig Ó hOibicín á múineadh arís i mbliana. Tá na ranganna á reáchtáil le sé bliana anuas anois agus an rath orthu. Bíonn idir shean agus óg ag glacadh páirte agus chomh maith le céimeanna snasta a fhoghlaim bíonn go leor spraoi i gceist freisin!

  • Uisce Shailearna á ghlacadh ag Gaillimh? braoinín uisce!

    14/9/2008: Tá Comhairle Chontae na Gaillimhe sásta grúpscéim uisce Chomharchumann Shailearna a thógáil ar láimh. Tá an coiste stúirtha den Comhairchumann sásta gur cóir é sin a dhéanaamh mar dár leo, deanadh sé cinnte go mbeidh seirbhís uisce den scoth le fáil ag muintir na h-áite.
    Cuireann an grúpscéim seo uisce ar fáil i ngach baile ó Bholuisce siar comh fada le Ros a'Mhíl agus níl an maoiniú caoi ag an gComharchuman le uasghradú a go caighdeán na fiche aoise déag. Tá na píobaí ag éirí sean aagus tá meadú mór tagtha ar líon tithe san áit. Mar sin tá an comhairchumann ag lorg cead ó na scairsealbhóirí an tathrú seo a dhéanamh.
    Suíomhanna: Comharchumann Shailearna - Comhairle Chontae na Gaillimhe

    Nós
    Cúigear Ros Dumhach
    Troid Ros Dumhach


    GLAC LEIS!
    CUIR CEIST!
    Fadhb agat le seirbhís Ghaeilge a fháil ón earnáil phoiblí?
    An Coimisinéir Teanga


    Leabhair ó Choiscéim
    Díreach foilsithe!