Nuacht Chonamara
Tearman
Smaoineamh don lá!

Iml 03:Eag 10

éireAn Aimsir

Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTé an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/
An
Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige,
Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Peigín Leitir Móir

7/12/2008: Ón bhfoireann chéanna a chuir Gugalaí Gug i láthair an tsaoil (a bhfuil 7,000 cóip de díolta ón uair ar foilsíodh i ndeireadh na bliana 2005 é), seo cnuasach álainn eile, i bhfoirm leabhair agus dlúthdhiosca de rannta agus amhráin ón traidisiún.


Sladmhargadh na Nollag

3/12/2008: Tosóidh Sladmhargadh Nollag Chló Iar-Chonnachta ar an Luan, 1 Nollaig agus leanfaidh sé go Máirt, 23 Nollaig. Beidh Cló Iar-Chonnachta ar oscailt ar an 13 Nollaig (Satharn) & 14 Nollaig (Domhnach), ar an 20 Nollaig (Satharn) & 21 Nollaig (Domhnach), ó 12 meánlae go 4pm. Beidh formhór leabhair Chló Iar-Chonnachta ar leathphraghas, beidh dlúthdhioscaí ar díol ar €10 agus beidh téipeanna idir €1 agus €4. Beidh réimse mór leabhar do pháistí ó fhoilsitheoirí eile ar díol ar lacáiste chomh maith. Galway Independent

Neart féiríní sa stoca Nollag

10/12/2008: Beidh ceol, greann, damhsa, súil siar, báid seoil agus spórt ar fáil go fairsing sa rogha iontach clár ar TG4 an Nollaig seo. Gheobhaidh idir óg is shean díol suime agus ábhar siamsaíochta ó chlársceideal spleodrach físiúil ina bhfuil an bhéim ar ár ndúchas féin agus ar charachtair a shaibhríonn ár stair agus ár saol.

Tá buaicphointí ar fáil sa gcáipéis faoi iamh, in ord lae agus tá an clársceideal iomlán ar fáil ar www.tg4.ie Seo cuid de na seoda:

  • Kings - an chéad chraoladh teilifíse ar an scannán aitheanta faoin bhuíon fear as Conamara a chuaigh ar imirce go Londain le chéile 25 bliain ó shin agus atá bailithe le chéile arís i Kilburn anois ar shochraid dhuine acu.
  • Scoth an cheoil traidisiúnta ­ ó Gheantraí na Nollag le Sharon Shannon, clár nua faoi Dhónal Lunny agus dar ndóigh damhsa ar an sean-nós le Steip.
  • Clár nua faoi Niall Tóibín, aisteoir agus fear grinn na scórtha canúint ­ ag breathnú siar ar a shaol agus ar a shaothar ilghnéitheach.
  • Cláracha ceiliúrtha ar oidhreacht na mbád seoil traidisiúnta agus na n-iomróirí curach a thuill clú ag an Tóstal leathchéad bliain ó shin.
  • Inis Airc ­ súil siar le cumha agus gean ar an oileán a tréigeadh leathchéad bliain ó shin.
  • Saol agus oidhreacht cheoil Phroinsias Uí Mhaonaigh, fidléir, cumadóir ceoil agus amhrán Ghaoth Dobhair.
  • Aonach Tailteann - an fhéile lúthchleas a thug curaidh Oilimpeacha go hÉirinn ochtó bliain ó shin.
  • Uachtaráin - sraith thábhachtach faoi na fir agus na mná a bhain amach an post is airde faoi Bhunreacht na hÉireann.
  • An Canónach Goodman ­ Ministir Protastúnach a bhailigh taisce luachmhar cheoil Chorca Dhuibhne céad go leith bliain ó shin.
  • Séasúr na síochána i Ros na Rún ­ nó i gcuid de ar aon nós!
  • Rogha spreagúil scannán nach bhfuil ar aon chainéal eile.
  • Cluichí móra spóirt 2008 agus súil siar ar chúil na bliana.
  • Spraoi agus greann do pháistí ar feadh an lae ar Cúla4