Nuacht Chonamara
Tearman
Smaoineamh don lá!

Iml 03:Eag 12

éireAn Aimsir

Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTé an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/
An
Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige,
Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Tuarthéacs faoi dheire! Fón Phóca

29/1/2008: Tá Vodafone tar éis bogearra fóin a fhorbairt chun teachtaireachtaí téacs a scríobh i nGaeilge le cabhair tuarthéacs. Tá an bogearra saor in aisce (costais íoslódála níos lú ná €1.00) agus feidhmíonn sé ar fhormhór na bhfón póca (Nokia, SonyEricsson 7rl).
Chun é a fháil, ní mór dul go roghclár (menu) an fhóin agus "Web" nó "Browser" a roghnú agus an seoladh wap.teacs.ie a chur isteach. Lean na treoracha agus nuair atá gach rud déanta, is féidir úsáid a bhaint as trí dhul go roghchlár an fhóin arís agus "Applications" a oscailt.


Liam Mac An IomaireUachtarán as Conamara ar Oireachtas na Gaeilge

Ceardlann Scríbhneoireachta
Le cúnamh ó Foras na Gaeilge, beidh an chéad cheardlann lae eile ar siúl in Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh, ag na Scríbhneoirí Gaeilge, ar an Satharn, 21 Feabhra: 10.30a.m. go dtí 5.00p.m. mar is gnách.
Stiúrthóirí ceardlainne: Pádraig Ó Snodaigh, file & staraí, Mícheál Ó Ruairc, úrscéalaí & Pádraig Mac Fhearghusa, eagarthóir FEASTA.
Áras na nGael, Sráid Doiminic, Gaillimh
Satharn, 21 Feabhra 2009
10.30a.m. go 5.00p.m.
28/1/2009:Insealbaíodh an scríbhneoir agus craoltóir, Liam Mac Con Iomaire (clé), mar Uachtarán an Oireachtais 2009, ag searmanas speisialta i mBaile Átha Cliath inné. Is as Doire an Fhéich i gConamara ó dhúchas do Mhac Con Iomaire agus tá a shaol oibre ar fad caite i mBaile Átha Cliath aige.
Fear ildánach é a bhfuil aithne mhór air de bharr a chuid oibre mar údar agus theagascóir. Tá spéis mhór aige san amhránaíocht ar an sean-nóis agus bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí Sean-Nós Cois Life, féile amhrán bliantúil Bhaile Átha Cliath. (Irish Times)


52 post do Ghaeilgeoirí san Aontas Eorpach

Stampa 48c Brat na hEorpa28/1/2009: Cruthaíodh 52 post do Ghaeilgeoirí san Aontas Eorpach o rinneadh teanga oifigiúil den Ghaeilge ann tugadh le fios inné. Bhuail an feisire Eorpach Seán Ó Neacháin le hionadaithe ó Stádas, ó Pobal, ó Chonradh na Gaeilge, ó Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, ó Fiontar, ó Ghaelchultúr, agus ó Fhoras na Gaeilge nuair a thug siad cuairt ar an Bhruiséil inné chun freastal ar chruinniú de Chosite na Reigiúin den Aontas. Dar leis an fheisire Ó Neachtáin go méadóidh an lion postanna do Ghaeilgeoirí san Aontas faoi thrí dá nglacfaí le Conradh Liospóin. (An Druma Mór)


Cruinnithe maidir le Rialacháin déanta faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla

27/1/2009: Tá Rialacháin déanta ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta maidir le húsáid na Gaeilge agus an Bhéarla ag comhlachtaí poiblí i stáiseanóireacht, comharthaí agus fógairtí taifeadta béil (I.R. Uimh.391 de 2008). Is é an spriocdháta is túisce faoi na Rialacháin úra ná 1 Márta 2009 nuair a thiocfaidh dualgais faoi leith i bhfeidhm maidir le húsáid na Gaeilge i gcomharthaí nua agus i stáiseanóireacht.
Tá sé i gceist ag Oifig an Coimisinéara Teanga seisiúin eolais/seimineáir réigiúnacha maidir leis na Rialacháin a reáchtáil thar timpeall na tíre (i nGaillimh - 10/2/09).

Treoirleabhair
Tá treoirleabhar faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla foilsithe ag Oifig an Choimisinéara Teanga. Tá an treoirleabhar dátheangach 68 leathanach ar fáil go príomha i bhfoirm leictreonach agus is féidir é a íoslódáil ón suíomh. Cabhróidh an treoirleabhar le comhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil siad ag comhlíonadh a ndualgas reachtúil.

Údar dhochais do mhuintir na Gaeltachta - Ó hAoláin
Príomh pointí
  • An líon post sa Ghaeltacht coinnithe slán in 2008
  • 1,269 post nua lánaimseartha cruthaithe
  • 1,024 post nua lánaimseartha ceadaithe le hinfheistíocht iomlán de €100m
  • Na hearnálacha seirbhísí agus déantúsaíochta nua-aimseartha fós ag fás
  • Fás i bhfostaíocht i bhfiontair dhúchasacha
  • An aeráid eacnamaíochta náisiúnta agus domhanda ag cruthú deacrachtaí do chomhlachtaí Gaeltachta.
  • 26/1/2009: "Cruthaíodh 1,269 post nua lánaimseartha in 2008. Tháinig fás ar fhostaíocht sna hearnálacha seirbhísí agus déantúsaíochta nua-aimseartha agus laghdú ar fhostaíocht sna hearnálacha déantúsaíochta traidisiúnta ar nós teicstílí, éadach agus obair ar línte táirgeachta chomh maith le titim ar fhostaíocht sa tionscal tógála," dár le Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach, Údarás na Gaeltachta, a h-éisíodh le déanaí.
    Tá an ráiteas ina iomláin le híoslódáil ar Shuíomh an Údaráis


    Gradam Pobail na Gaeltachta ag árainn
    Inis Mór & Inis Oírr

    25/1/2009: I dtuairim na moltóirí is sampla eiseamláireach forbartha pobail é Comharchumann Forbartha árann Teo. - ó thaobh bainistíochta, feidhmiú an Choiste, bainistiú airgid, cinnireachta pobail agus an réimse leathan tograí sóisialta, eacnamaíochta agus teanga atá idir lámh acu ar son a bpobail oileánda. Is é Comharchumann Forbartha árann Teo, Inis Mór, a bhuaigh an chéad duais, €20,000 agus trófaí airgid. Tháinig Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo sa dara háit le duais €15,000 agus Comhar Chaomhán Teo, Inis Oírr sa tríú háit le duais €7,000 chomh maith le trófaí an ceann. (Saol Ean 2009)

    Is eagras pobail é Comharchumann Forbartha árann Teo atá ag cur réimse leathan seirbhísí sóisialta agus pobail ar fáil dá bpobal. Rinne an Comharchumann ionad athchúrsála bruscair a fhorbairt as an nua, bhí ról lárnach acu i bhforbairt ionad don aosach agus aonaid chónaithe sóisialta ar an oileán (áras Rónáin) chomh maith le hionad turasóireachta (Ionad árann), seirbhís bhreosla cárta-bhunaithe, ionad traenála agus oideachais, naíonra agus seirbhís bhus do phobal an oileáin. Bhí baint lárnach ag an Chomharchumann san fheachtas stocaireachta agus pleanála a bhain le forbairt Chalaphoirt Chill Rónáin ar an oileán atá idir lámha faoi láthair.

    Deirdre na mbrón

    24/1/2008:"Éad gan chuimse de bharr a háilleachta oidhe ar chlann uasal de bharr a huaibhreachta agus creach ar Eamhain Mhacha féin mí-ádh thú ar gach a fhéachann ort anois!" Leis na focail sin a thuar Cathfach, an draoi, an tragóid a leanfadh Deirdre ó lá a breithe, tragóid a thug dúinn ceann de mhórscéalta na Gaeilge, é inste go cumasach anseo dúinn ag Colmán Ó Raghallaigh. Maisithe ag Barry Reynolds agus Audrey O'Brien.

    Barak ar bharr nuachtáin nua

    21/1/2008: Bhí eagrán ar leith de Nuacht24 ar fáil go luath tráthnóna amárach ag plé ní amháin leis na scéalta reatha nuachta ach le insealbhú Barak Obama. Beidh foireann Nuacht24 ag iniúchadh imeachtaí an lae inniu. Orthu sin beidh Gearóid O Cairealláin, Fearghas O hIr, Robert Mc Millen, Tomaí O Conghaile, agus Brian O Broinn. Beidh Nuacht24 ar fáil saor in aisce ar an suíomh seo ach más mian leat cuidiú le forbairt Nuacht 24 agus an suíomh seo thig leat síntiús a thógáil don eagrán clóite den nuachtán.
    Bíonn neart nuachta atá suas cun dáta ar an suíomh acu An Druma Mór
    Gabh chuig Paypal ar an suíomh seo agus tóg rogha na Gaeilge, nuachtán Gaeilge do phobal Gaeilge

    "Rachainn go Gaillimh" - Scoil Merriman!
    21/1/2009: Sé "Rachainn go Gaillimh - le filí agus le fonnadóirí" téama Scoil Gheimhridh Chumann Merriman na bliana seo. Beidh an scoil ar siúl in Óstan Meyrick, Gaillimh, idir an 6 agus 8 Feabhra.

    Aer árainn le leanúint a dtrial go hárainn!

    20/1/2009: Tá sé fógartha ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D, go bhfuil síneadh cúig mhí go dtí 31 Bealtaine 2009 curtha ag a Roinn leis an gconradh atá aici le Aer árann chun seirbhísí aeir a chur ar fáil chuig na hOileáin árann. Is é an fóirdheontas atá i gceist ná €487,500.

    IRL nó ÉIR?
    Cad a bheidh ar do charrsa?


    Cúigear Ros Dumhach
    Troid Ros Dumhach


    GLAC LEIS!
    CUIR CEIST!
    Fadhb agat le seirbhís Ghaeilge a fháil ón earnáil phoiblí?
    An Coimisinéir Teanga


    Leabhair ó Choiscéim
    Díreach foilsithe!