Nuacht Chonamara
Tearman
Smaoineamh don lá!

Iml 03:Eag 11

éireAn Aimsir

Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTé an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/
An
Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige,
Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Leabhar power ag teacht

15/1/2009: Beidh an fhéile Leabhar Power ar siúl i mbliana ón 3 - 17 Márta, mar chuid d'fhéile Sheachtain na Gaeilge agus é faoi stiúir Chumann Leabharfhoilsitheoirí Éireann. An aidhm atá le Leabhar Power ná feiceáiléacht leabhar i nGaeilge a chur chun cinn agus chun cur ina luí ar dhaoine go bhfuil leabhair iontacha ar fáil do pháistí agus do dhaoine fásta - agus go bhfuil siad go minic ar fáil sna siopaí leabhar gar dóibh. (Galway Advertiser)

Tús le nós* nua!

15/1/2008: Tá an chéad eagrán míosúil clóite de nós* anois ar fáil agus réidh le scaipeadh ar fud an domhain. Gheobhaidh gach síntiúsóir an t-eagrán is déanaí seo roimh dheireadh na seachtaine nó ag tús na seachtaine seo chugainn ar a mhoille. Deireann an fhoireann, "Amach anseo, beidh áthas ar shíntiúsóirí nós* a cloisteáil go seolfar an iris amach chugaibh díreach sa chéad seachtain de gach mí, yee haa!"


Nuacht ón nGaeltacht

14/1/2009: Ag tús na Nollag, bronnadh duaiseanna Ghradam Pobail na Gaeltachta, comórtas de chuid Údarás na Gaeltachta agus TG4, ag mór-shearmanas bronnta nGaillimh.
Bé Comharchumann Forbartha Árann Teo, Inis Mór, a bhuaigh an chéad duais, €20,000 agus trófaí airgid. Tháinig Comharchumann Forbartha Chorca Dhuibhne Teo sa dara háit le duais €15,000 agus Comhar Chaomhán Teo, Inis Oírr sa tríú háit le duais €7,000 chomh maith le trófaí an ceann. Tá an nuacht seo mar aon le tuilleadh in eagrán na Nollag de "Scéal Eile" nuachtlitir Údarás na Gaeltachta.
Suíomh "Scéal Eile."

Fís Foinse

14/1/2009: Tá taithí ag daltaí agus múinteoirí na hArdteiste ar bheith ag léamh Foinse sa Rang , forlíonadh oideachais an nuachtáin Ghaeilge. Ach as seo amach beidh deis acu éisteacht le Foinse sa Rang agus féachaint ar fhíseáin nua atá curtha le chéile ag rannóg oideachais an nuachtáin mar áis teagaisc don bhéaltriail."
(Turascáil Irish Times)

Oíche eolais do dhaoine ar spéis leo freastal ar O.É.G. mar mhic léinn Lánfhásta

13/1/2009: Tionólfaidh OÉ Gaillimh oíche eolais do dhaoine atá ag smaoineamh ar thabhairt faoi chlár fochéime lánaimseartha mar mhic léinn lánfhásta. Eagrófar an ócáid i dTéatar Choilm Uí Eocha, Áras Dán na Mílaoise, OÉ Gaillimh Déardaoin, 15 Eanáir ag 8i.n.

Cos in áirde ar Sráid Dominic!

12/1/2008: Beidh oíche spraoi, ceol agus siamsaíochta as an ngnáth ar siúl i gClub Áras na Gaeil oíche Shathairn seo chugainn, 17 Eanáir. Cuirfear tús leis an bpléaráca ní le port, rince nó amhrán ach le bearradh cosa, áit a mbeidh deichniúr lads cróga ag luí ar an leaba agus na cosa sínte amach acu le go mbainfear uathu gach ribín gruaige atá orthu.
Is ar mhaithe le hOspís na Gaillimhe atá an oíche seo á reáchtáil ag Baba Ní Fhlatharta agus deir sí go bhfuil sí ag súil lena sluaite a bheith i láthair i gClub Áras na nGael (Sr. Doiminic) ag 8.30i.n. nuair a théann na lads "faoi scian."


Club Amhránaíochta Sean-Nós

12/1/2008: Beidh an céad seisiún eile ag tosnú ar an nDéardaoin an 15ú Eanáir ag 8i.n. agus leanfaidh sé ar aghaidh ar bhonn seachtainiúil. Beidh Gearóidín Nic Aodh, ámhránaí den scoth, mar ceannasaí na hoíche. Is ina focail féin is fearr sprioc an chlub a chur i lathair; ³Is mian liom na baill a theagasc i dtimpeallacht réchúiseach, neamhfhoirmeálta². Níl aon táille ann le clárú leis an gClub agus beidh gach áis ann le cabhrú leis na baill nua.

Greamáin dod charr!
12/1/2008: Tá feachtas Mháirtín Tom Sheáinín ag neartú in aghaidh an lae. Bhfuil tusa páirteach ann?

Éacht suntasach bainte amach ag clár nua síolraithe éisc in Éirinn

8/1/2009: Éacht suntasach a bhaineann leis an tionscadal taighde nua síolraithe éisc seo is ea go bhfuil breis is 20,000 trosc óg scaoilte amach san fharraige ar chósta an iarthair. Is í Institiúid Mháirtín Uí Riain in OÉ Gaillimh atá i mbun an tionscadail seo agus tá an trosc óg atá síolraithe go speisialta á stóráil i gcaighin i bhfeirm éisc Trosc Teo. i gConamara. Beathófar na héisc seo, atá síolraithe as tréithchineál sonrach Éireannach, go dtí go mbeidh siad oiriúnach don mhargadh.

Ceardlanna Ionad Scríbhneoirí Chaitlín Maude

8/1/2009: Reáchtálfaidh dhá cheardlann scríbhneoireachta trí Ghaeilge an mhí seo faoi stiúir Ionad Scríbhneoirí Chaitlín Maude. Ag Scríobh don Teilifís: Cúrsa Tosaigh is teideal an chéad cheardlann agus é faoi chúram Ailbhe Nic Giolla Bhríghde, scríbhneoir agus snaitheoir scéil do léiriúcháin ar nós, Ros na Rún, Afraic agus Seacht. Díreoidh an dara cheardlann ar scríbhneoireacht a thrasnaíonn réimse na teilifíse agus an stáitse. Beidh sé á thabhairt ag Diarmuid de Faoite, aisteoir, scríbhneoir, léiritheoir agus feidhmeannach le haghaidh na dTaibh-Ealaíon, in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge. (Galway Advertiser)

Dréachtcháipéis de Phlean 2028 faoi bhráid an Rialtais

Ranganna Rince ar an Sean-Nós

7/1/2009: Beidh Ranganna Rince ar an Sean-Nós Chlub Árus na nGael ag tosú Dé Luain 19 Eanáir 2009.Tá éileamh iontach ar na ranganna agus is é Pádraig Ó hOibicín á bheas ag múineadh na ranganna arís i mbliana. Tá na ranganna á reáchtáil le seacht bliana anuas anois agus an rath orthu. Bíonn idir shean agus óg ag glacadh páirte agus chomh maith le céimeanna snasta a fhoghlaim bíonn go leor spraoi i gceist freisin!

7/1/20098: Fuair Aire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív dréacht de Phlean 2028, plean straitéiseach 20 bliain don Ghaeilge, roimh an Nollaig.
Tá Plean 2028 ar cheann de na fiontair is uaillmhianaí teanga dár cheap an Rialtas riamh agus é mar chuspóir ann cúram a dhéanamh den Ghaeilge i ngach earnáil sa Stát go cionn scór bliain. Mar sin féin, níl rún ag Ó Cuív an dréachtcháipéis a fhoilsiú nó a chur ar fáil don phobal faoi láthair. (Irish Times)


125 Bliain CLG - sraith nua staire teilifíse

7/1/2009: Mar chuid den cheiliúradh 125 bliain ar bhunú an eagrais in 1884, sheol Uachtarán CLG, Nioclás Ó Braonáin, sraith mhór nua teilifíse TG4 ar stair an Chumainn ag ócáid ag Músaem CLG i bPáirc an Chrócaigh inné.
Is í an tsraith seo an chéad stair teilifíse riamh ar an eagras ceannródúil, ilghnéitheach seo a d'fhás agus a bhláthaigh ainneoin cogaidh, bochtaineachta, imirce, amhrais agus aighnis inmheánacha uaireanta.
Craolfar an clár gach Domhnach feasta san iarnóin (athchraoladh oíche Dé hAoine).
An scéal seo ar Ghaelport


Rún athbhliana don Aire Oideachas!
Cad a déanfaidh sé?
Chaith Donncha Ó hÉallaithe, a vóta anuraidh in aghaidh glacadh le Conradh Lisbon. Céard a dhéanfaidh sé i mbliana 2009, nuair a bhéas sé ag vótáil don dara uair ar an gConradh céanna? Ar athraigh sé a intinn? (Beo, Eanáir 2009)

7/1/2009: Tá Conradh na Gaeilge ag éileamh ar an Aire Oideachais agus Eolaíochta Batt O,Keeffe TD agus ar Rialtas na hÉireann tabhairt faoi rún Athbhliana chun deireadh a chur le himlitir 0044/2007 agus rogha an luath-thumoideachais iomláin a fhágáil faoi na Gaelscoileanna féin.


€200,000 do Bhád Tarrthála Charna & na nOileán chun teach báid a thógáil

4/1/2009: Tá fógartha ag an Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuil deontas de €200,000 ceadaithe aige do Bhád Tarrthála Charna & na nOileán Teoranta chun cuidiú leo teach báid a thógáil i gCarna, Co na Gaillimhe. Tiocfaidh €167,000 de sin faoin Scéim Feabhsúcháin Gaeltachta agus €33,000 faoin Scéim CLÁR. Tá bád tarrthála nua ceannaithe ag an gCumann le tamall anuas.
Imní faoi thógáil eastát tithíochta sa Ghaeltacht ina cnámh spairne - i 1978

5/1/2009: Bhí ceisteanna pleanála i mbailte Gaeltachta agus an éifeacht a bheadh ag eastát tithíochta ar labhairt na Gaeilge i gceantair Ghaeltachta ina gcnámh spairne i 1978 díreach mar atá inniu. Ar an gcód i Roinn an Taoisigh a chlúdaíonn dréachtadh Bhille Udaras na Gaeltachta tá comhfhreagras a bhain le cead pleanála a thug an Bord Pleanála d'eastát tithíochta san Spidéal i 1977. I bhfianaise chinneadh an Bhord Pleanála dul i gcoinne comhairle a cuireadh orthu san éisteacht phoiblí, scríobh Seán Mac Mathúna, Rúnaí Chonradh na Gaeilge ag an Aire Rialtais Aitiúil Salbhastair Bairéad agus ag an Taoiseach Seán Ó Loingsigh á ngríosadh chun Udarás na Gaeltachta a bhunú agus cumhachtaí pleanála a thabhairt dó. Sa chás sin theastaigh uaidh go dtabharfaí treoir don Udarás nua dá mbeadh na cumhachtaí aige agus ag an mBord Pleanála an suntas cuí a thabhairt d'impleachtaí teanga agus do chothú na Gaeltachta pé pleanáil nó tógáil a bhí á scrúdú. (Foinse 4/1/2009)


Teorainneacha Gaeltachta le hathrú

Déanfar reachtaíocht nua a thabhairt isteach chun teorainneacha na Gaeltachta a athrú agus déanfar sainmhíniú nua ar cad is Gaeltacht ann mar thoradh ar an scrúdú atá á dhéanamh ag an Rialtas ar an mórstaidéar teangeolaíoch Gaeltachta a foilsíodh ag deireadh na bliana 2007. (Foinse 28/12/2008)

IRL nó ÉIR?
Cad a bheidh ar do charrsa?

Cúigear Ros Dumhach
Troid Ros Dumhach


GLAC LEIS!
CUIR CEIST!
Fadhb agat le seirbhís Ghaeilge a fháil ón earnáil phoiblí?
An Coimisinéir Teanga


Leabhair ó Choiscéim
Díreach foilsithe!