Nuacht Chonamara
Má tá nuacht a'tsa a bheadh oiriúnach - .i. sa nó faoin gceantair nó a bheadh tioncar aige ar an gceantair - chur chugainn ag eor@read-out.net é.
Níl na haicmainí aistriú teangan againn dá bhrí sin níl mórán seans ráiteas i dteanga seachas Gaeilge a bheith foilsithe!
Iml 03:Eag 14

Tearman
Smaoineamh don lá!

Visit the Widget Gallery

éire
An Aimsir


Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTé an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/
An
Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige,
Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Bua ag iGaeilge

22/2/2009: Bhí an bua ag suíomh idirlín Chonchúir Uí Liatháin iGaeilge ag Gradaim na mBlaganna i gCorcaigh aréir. Bronnadh an Gradam le h-aghaidh an Blag is Fearr a Bhain Usáid as an Ghaeilge orm ag an ocáid anocht ag Ostán Aerfort Chorcaí. Sháraigh sé ar go leor blaganna eile chun an chraobh a thabhairt leis. Comhghairdeas a Chonchúir! (An Druma Mór)

Timpist i Ros a'Mhíl

22/2/2008: Maraíodh fear óg Mairtín Small ón gCaisleán Gearr, 28 bl d'aois, ar an gCaorán, Baile na hAbhann, aréir. Thárla sé ag cúinne géar ar bhóthar an chósta idir Ros a'Mhíl agus Baile na hAbhann. Thárla an timpist nuair a bhuail an carr a bhí á thiomáint aige teach caidéil uisce ann. Tagann a mhathair ó Mhuintir Gannon i gceantair na n-oileán. Ar dheis Dé go raibh sé.

Eagrán nua de Nuacht 24 le fáil!
19/2/2009: Tá an céad eagrán eile den bpáipéar le fáil ar an líon inniú! Cé gur nuachtáin ón dtuaisceart é seo /a altanna spéisiúla ann ó chuile céard de domhain, na Státaí, Iosráil, An Astráil, fiú ón Moll Thuaidh! Leis sinn tá alt ó Ghearóid Ó Cearraláin ar a dhearcadh ar pholasaí Shinn Féin i leith na teanga.
Agus muid ag caint faoi deireann igaeilge agus é ag caint faoi pholasaí Shinn Féin i leith na Gaeilge ag a Árdféis atá ar siúl ag an Deireadh Seachtaine : "Léiríonn sé easpa cur chuige SF ar cheist na Gaeilge arís eile.....ach sin mise ag gabhail do mo phort 'frith Shinn Féineach' arís is dócha....."
Tá Trevor Ó Clochartaigh mar iarrathóir ag Sinn Féin sna toghcháin i mí Meitheamh seo chugainn. Bheadh sé spéisiúl a dhearcadh fháil ar an gceist seo!

Triúr gafa i ndiaidh iarracht robála

18/2/2009: Tá triúr á gceistiú ag an Gharda ar maidin i ndiaidh dóibh teacht ar bhaicle a choinnigh fear gnó agus a chlann mar ghialla thar oíche. Tharla an t-eachtra ag teach an fhir ghnó, duine de Mhuintir Flynn, in Leacach i gContae na Gaillimhe. Ghabh na Gardaí duine den bhuíon ag an teach agus beirt eile sa chóngar. Tá siad i mbun cuardaigh faoi láthair chun teacht ar an bheirt eile acu. (An Druma Mór)

Coinníoll teanga soiléirithe

18/2/2009: Don chéad uair riamh tá cinneadh tógtha as a stuaim féin ag Comhairle Chontae na Gaillimhe coinníoll teanga soiléir a chur le forbairt tithíochta sa Ghaeltacht. Baineann an coinníoll teanga seo le hiarratas ar chead pleanála ón bhforbróir Gerard Kilcoyne 15 tigh a thógáil sna Forbacha i gConamara. (Foinse)

Fianna Fáil agus Toghcháin na hEorpa 18/2/2009: Deirtear i bhFoinse gur trí chóras agallaimh a roghnófar iarrthóirí Fianna Fáil do thoghcháin na hEorpa a bheidh ar bun i mí an Mheithimh seo chugainn.
Cuirfear litreacha amach chuig cumainn Fhianna Fáil ar fud na tíre an tseachtain seo chugainn ina dtabharfar cuireadh dóibh moltaí a chur chun cinn faoin toghchán Eorpach. Tá an t-athrú seo á dhéanamh agus Fianna Fáil chun deiridh ar pháirtí an Lucht Oibre don chéad uair riamh de réir pobalbhreith a foilsíodh san Irish Times an tseachtain seo caite. (Foinse)

Aifric ar bharr don tríú uair!

18/2/2009: Thug tograí de chuid TG4 trí dhuais leo ag duaisbhronnadh IFTA i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine. Fuair Troid Fhuilteach an gradam don Chlár Teilifíse Spóirt is Fearr. Den tríú bliain as a chéile is í an tsraith Aifric sraithdhráma teilifíse TG4 do dhéagóirí a thug leis an gradam do Pháistí/Óige agus thug an t-aisteoir Aidan Gillen leis an duais don Phríomh Aisteoir is Fearr (Teilifís) dá pháirt sa sraithdhráma The Wire a craoltar ar TG4.


Scamall an bhróin ar imeachtaí Chumann Merriman Ciarán Ó Con Cheanainn

11/2/2008: Búíonn ceol i gcónaí ag Scoil Gheimhridh Chumann Merriman, a bhí ar siúl sa chathair ag an deireadh seachtaine, is cuma cén t-ábhar a bhíonn faoi chaibidil ag na léachtaí.
B'íoróineach an ní é ámh, an bhliain a cinneadh "filí agus fonnadóirí" bheith mar théama na scoile go raibh scamall an bhróin anuas ar imeachtaí na scoile le briseadh an scéil go bhfuair duine de na hamhránaithe sean-nóis is iomráití sa tír, fear óg 27 bliain d'aois, Ciarán Ó Con Cheanainn, bás cúpla lá roimhe. (Irish Times)
Suíomh Chumann Merriman


Taispeántas ealaíne i Músaem Cathrach na Gaillimhe
11/2/2009: Tá taispeántas nua ealaíne i Músaem Cathrach na Gaillimhe faoi láthair ó Elaine Conneely, a chuireann áilleacht Chois Fharraige go mór faoi bhráid an phobail, le pictiúirí ildaite, ola ar chanbhás, d'áiteanna bhreátha ar nós bóithrín na reilige in Indreabhán.
Is as Nua Amhrac ó dhúchás í Elaine ach phós sí fear ón Spidéal agus d'fhill siad beirt, agus a clann, ar Chois Fharraige trí bliana déag ó shin. (Galway Independent)
Suíomh Elaine Conneely (Béarla)
Sraith nua ar RnaG
11/2/2009: Scéala Eireann is teideal do shraith nua cláracha staire ar RTE Raidió na Gaeltachta ar cuireadh tús leis ag an deireadh seachtaine. Stair na hEireann a bheidh á ríomh sa tsraith nua seo, atá á léiriú ag Tomás Mac Con Iomaire.

Gearrliosta fógartha do Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh

11/2/2009: D'fhógair Méara na Gaillimhe, an Comhairleoir Pádraig Conneely, an gearrliosta le haghaidh Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ag preas-ócáid ar an Luan 9 Feabhra 2009 i gComhlachas na Gaillimhe. Roghnaíodh seacht ngnó i gCathair na Gaillimhe ó raon d'earnálacha le haghaidh ghearrliosta Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh.
Sa Chatagóir le fiche fostaí nó níos mó: cuireadh B & Q, Glenlo Abbey agus Lohans Bar & Restaurant ar an ngearrliosta.
Sa Chatagóir le níos lú ná fiche fostaí: cuireadh Cava, Judy Greene Pottery, Orla Murray Financial Services agus Ryan McGinty ar an liosta iomaitheoirí le haghaidh an ghradaim i mbliana.

Ó Cuív ina Éarlamh ar Foras Gnó na hÉireann

10/2/2009: Tá an tAire Éamon Ó Cuív, T.D, tar éis glacadh leis an gcuireadh dul i gcomharbacht ar Tony Gregory, T.D., go ndéana Dia grásta air, mar Éarlamh ar Fhoras Gnó na hÉireann.
Eagraíocht í Foras Gnó na hÉireann, do lucht gnó a thagann le chéile i mBialann na gComhaltaí i dTeach Laighean uair sa mhí chun lón a chaitheamh in éineacht agus cúrsaí gnó an lae agus eile a phlé.

Tithe Ghlinsce

10/2/2009: Thug an Bórd Pleanála breithiúnas i dtaobh sé theach cónaithe a thógaint, bealach isteach, córas cóireála fuíolluisce príobháideach chomh maith le na hoibreacha uile a bhaineann leis an bhforbairt ag Glinsce, An Caiseal.
"Caithfear cúig theach, sé sin 80% den pháirt cónaithe na forbartha, a bheith dírithe amhain i dtreo daoine ina bhfuil líofacht Ghaeilge réasúnta maith léirithe acu don údarás pleanála." Deaineadh an cinneadh seo " chun oidhreacht teanga agus cultúrtha an limistéir Ghaeltachta seo a chosaint."
An cás ar shuíomh an Bhoird Phleanála (Béarla - Tá na tuairisce dhá theagach áfach!)

Na Síoga agus an gréasaí ar chamchuairt timpeall na cathrach

10/2/2009: Sheol Méara na Gaillimhe Cllr. Pádraig Conneely Na Síoga agus an Gréasaí, dráma nua de chuid Branar, ar an 4ú Feabhra 2009 i Scoil Iognáid sa chathair. Tá an dráma seo maoinithe ag Comhairle Cathrach na Gaillimhe agus faoi lán tseol idir Branar agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe le 4 bliain anuas ina dtugtar deis do pháistí na Gaillimhe a gcuid Gaeilge a fheabhsú trí na healaíona traidisiúnta Gaeilge.

Éigse an Spidéil
Beidh Éigse an Spidéil ar siúl sa Spidéal i gContae na Gaillimhe ón 28 Feabhra - 8 Márta 2009.
Cuirfear tús le imeachtaí tráthnóna Déardaoin ag 8:00.in in Óstán na Páirce le oíche bríomhar de cheol, sean-nós filíocht, amhránaíochta le scoláirí atá ag tógáil páirt i gcúrsa Traidisiúnta in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoi láthair. Beidh seisiún ceol i dteach tábhairne Tigh Hughes ina dhiaidh sin.
Beidh neart imeachta éagsúla ar siúl le linn na deireadh seachtaine in ionaid éagsúla ar fud an bhaile, ina measc beidh taispeánta ealaíona le ealaíontóir áitiúil Nuala Ní Fhlathúin, ceolchoirmeacha chomh maith le Comóradh Tom Pháidín Tom áit ina mbeidh sár na n- amhránaí i láthair ar an oíche daoine ar nós Jimmi Cannavan, Máire Uí Dhroighneáin, Lilis Ó Laoire, Seán Ó Liatháin agus Máire Ní Chéilleachair.


IRL nó ÉIR?
Cad a bheidh ar do charrsa?



GLAC LEIS!
CUIR CEIST!
Fadhb agat le seirbhís Ghaeilge a fháil ón earnáil phoiblí?
An Coimisinéir Teanga


Leabhair ó Choiscéim
Díreach foilsithe!

Cúigear Ros Dumhach
Troid Ros Dumhach