Nuacht Chonamara
Má tá nuacht a'tsa a bheadh oiriúnach - .i. sa nó faoin gceantair nó a bheadh tioncar aige ar an gceantair - chur chugainn ag eor@read-out.net é.
Níl na haicmainí aistriú teangan againn dá bhrí sin níl mórán seans ráiteas i dteanga seachas Gaeilge a bheith foilsithe!
Iml 03:Eag 15

Tearman
Smaoineamh don lá!

Visit the Widget Gallery

éire
An Aimsir


Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTé an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/
An
Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige,
Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach
Raidió Rí Rá ón Idirlíon go FM
3/3/2009: Tá seirbhís FM de chuid Raidió Rí-Rá seolta ag ógfhoireann Rí-Rá i dteannta aíonna speisialta ag ceithre phreasócáid éagsúil ar siúl ar fud na tíre mar chuid de Sheachtain na Gaeilge. Tá an chéad chairt-stáisiúin raidió Gaeilge don aos óg beo ar an aer ar i m; i nGaillimh (99.1 FM); ón 1 - 22 Márta 2009.
B'í Linda Breathnach, aisteoir cláracha mór le rá Gaeilge Ros na Rún agus Seacht, a sheol an tseirbhís FM i nGaillimh ag ócáid i nGaelscoil Mhic Amhlaidh agus deir sí: "Mar gheall go bhfuil áit chomh mór sin ag na meáin chumarsáide inár sochaí, agus i saol daoine óga go háirithe, is cóir go mbeadh an Ghaeilge mar chuid lárnach de sin. Déanann Raidió Rí-Rá freastal ar Ghaeilgeoirí óga na tíre tríd an gceol is fearr leo a sheinm gan stad leis an gcaint ar fad trí Ghaeilge ar an stáisiún."
Siad na tonnfhaid in áiteacha eile sa tír: Baile Átha Cliath (100.3 FM); i gCorcaigh (106.7 FM )i Luimneach (105.5 FM )
Seoladh Seachtain na Gaeilge

3/3/2009: Sheol Síle Ní Bhraonáin Clár na Gaillimhe do Sheachtain na Gaeilge ar an Luain i gClub Arus na nGael ag 1.00i.n. I gcuideachta Shíle bhí lucht eagraithe na Féile agus cuid den dream a bheidh ag glacadh páirte sna himeachtaí éagsúla. Bhí an ócáid oscailte don phobal agus os rud é go raibh sé ar siúl ag am lón tthug sé deis do phobal na cathrach tús breá a chur le Seachtain na Gaeilge na Gaillimhe.

4 Leabhair den scoth ó Chló Mhaigh Eo

3/3/2009: Éisíodh ceithre leabhair ag Cló Mhaigh Eo le déanaí. Siad:
Eachtraí Róló le Aoife Ní Ghuairim: Is iontach go deo iad na heachtraí a bhíonn ag Róló nuair a théann cailín beag ar strae nó nuair a bhriseann gadaí isteach i siopa.
Brionglóidí agus Aistir Eile le Aine Ní Ghlinn: Céard a tharlaíonn nuair a théann páistí ar thuras scoile go Mars? Nó ar cuairt chuig taispeántas na ndineasár?
Tá Béar Bocht Tinn! le Karma Wilson & Jane Chapman (Aistrithe go Gaeilge ag Eithne Ní Ghallchobhair): Istigh sa choill tá an béar bocht tinn...
Tá Eagla ar Bhéar! le Karma Wilson & Jane Chapman (Aistrithe go Gaeilge ag Eithne Ní Ghallchobhair): Go domhain i lár na coille tá an béar bocht imithe ar strae...


Reachtaíocht nua maidir le hÚdarás na Gaeltachta taobh istigh de dhá bhliain

3/3/2009: Dhearbhaigh an tAire Ó Cuív don chéad uair do Foinse an tseachtain seo caite go mbeidh athruithe le déanamh ar Bhille Údarás na Gaeltachta ag eascairt as an Staidéar Teangeolaíochta Gaeltachta. Ní raibh an tAire sásta a rá cad iad na hathruithe atá beartaithe nó fiú go bhfuil na hathruithe uilig pléite go dtí seo ach dúirt gur cinnte go mbeidh athruithe i gceist agus go mbeidh an reachtaíocht nua ar fáil taobh istigh de dhá bhliain agus in am don chéad toghchán eile do bhaill an Údaráis. Dá mbeadh reachtaíocht ar na bacáin áfach agus é ag dul tríd an Dáil, dheimhnigh an tAire go bhféadfadh sé síneadh ama a fháil agus an toghchán a chur siar 6 mhí le go mbeadh dlíthe nua i bhfeidhm don chéad toghchán eile. (Foinse)


Cruinniú den Údarás

3/3/2009: Tionóladh cruinniú de Bhord Údarás na Gaeltachta sna Forbacha ar an Aoine.. Siad na príomh nithe a pléadh ná: Óige na Gaeltachta Teo, Comhar Naíonraí na Gaeltachta Teo, Ionad Cúram Leanaí i gCarna agus Comharchumann Ráth Chairn Teo, Ráth Chairn.

€31,997 do Choiste Forbartha Seanscoil na Trá Báine

3/3/2009:D'fhógair Éamon Ó Cuív, T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, go bhfuil deontas de €31,997 ceadaithe aige do Choiste Forbartha Seanscoil na Trá Báine, An Trá Bháin, mar chabhair chun íoc as athchóiriú ar an gcóras teasa sa seanscoil agus stór a thógáil in aice léi. Tá deontas €26,664 á cheadú faoin Scéim Feabhsúcháin agus deontas €5,333 á cheadú faoin Scéim CLÁR.


Gorlann na Gaeilge oscailte go hoifigiúil

3/3/2008: Ag ócáid a bhí ar siúl i gComharchumann Shailearna Teo inniu (20 Feabhra), d'oscail Pádraig Ó hAoláin, Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Gorlann na Gaeilge, togra de chuid an Chomharchumainngo hoifigiúil.

Ciorruithe an Údaráis
Teachta Fhine Gael míshásta ar fad

3/3/2009: Deir an Teachta Dinny Mc Ginley go bhfuil sé iontach buartha go bhfuil ciorruithe ar luach €1.3m le cur i bhfeidhm i mbliana ag Údarás na Gaeltachta agus nach mbeidh leathoiread luach ar na socmhainní atá le díol ag an Údarás i mbliana agus a bhí dreim leis. (An Druma Mór)

Féile Joe Éinniú

27/2/2009: Reachtáilfear Féile Chomórtha Joe Éinniú na bliana seo i gCarna, Conamara, Co. na Gaillimhe, 1 - 3 Bealtaine 2009 (comóradh ceathrú céid).
Tá clár leathan imeachtaí leagtha amach don fhéile deireadh seachtaine, ar a mbeidh ceolchoirm, ceardlanna, seisiúin, comórtais don aos óg agus ócáid ómóis don amhránaí Dara Bán Mac Donnacha a bhásaigh anuraidh.
Suíomh Facebook Féile Chomórtha Joe Éinniú



POD cralolta Foinse
Omós "Foinse" do Chiarán

26/2/2009: An tseachtain seo chuir foireann PodFoinse gearrscannán nua faoi shaol agus faoi shaothar Chiaráin Uí Chon Cheanainn ar líne; scoláire agus amhránaí óg 27 bliain d'aois a fuair bás go tobann le déanaí. Ba é an duine ab óige riamh le Corn Uí Riada a bhaint as amhránaíocht ar an sean-nós agus tugann an podchraoladh léargas ar an ghaisce sin. (Irish Times)

Samsung chun tuarthéacs a leathnú

24/2/2009: Tá Samsung le tuarthéacs trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil fud fad na hÉireann.
Sheol Samsung tuar-théacs as Gaeilge ar an ghuthán Tocco in 2008 ach níl an tseirbhís ar fáil taobh ó thuaidh den teorainn mar go bpléitear leis an tuaisceart mar chuid de mhargadh na Ríochta Aontaithe go fóill. Tar éis fiosriúcháin ó Glór na nGael, áfach, tá Samsung anois ag glacadh céimeanna leis an scéal a chur ina cheart. (nos*)
Tá Glór na nGael chun Trofaí na gComhlachtaí 2009 a bhronnadh ar Samsung as a chuid iarrachtaí tuarthéacs a chur ar fáil i nGaeilge.
Glór na nGael

Beidh Seachtain na Gaeilge ar siúl ón 2 - 17 Márta 2009.

Siopa ar líne ag Futa Fata

23/2/2009: Tá siopa nua ar líne ag Futa Fata in am do Sheachtain na Gaeilge a deireann Tadhg Mac Dhonagáin (ar dheis!) linn. Tá fáil ann ar phictiúrleabhair, closleabhair (idir scéalta agus cheol) agus dlúthdhioscaí Futa Fata ar fad. Tá lacaisní maithe ar fáil ann - 5% ar orduithe de luach €25 no os a chionn, 10% ar luach €50, 20% ar luach €100 agus 30% ar luach €150. Tabhair cuairt ortha inniu.
Futa Fata.


Scéim nua bóithre fógartha ag O Cuív

23/2/2009: Tá scéim nua Gaeltachta ar a dtugtar Scéim Bóithre Pobail fógartha ag an Aire Éamon O Cuív T.D., Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta. Tagann an scéim nua seo i gcomharbacht ar Scéim na mBóithre Portaigh a bhí ann go dtí seo. Beidh Scéim na mBóithre Pobail teoranta do bhóithre nach bóithre contae iad; bóithre siúlóide, bóithre rothaíochta, bóithre cois cladaigh, bóithre go céanna beaga, go reiligeacha agus bóithre go portaigh sna ceantair Ghaeltachta.
Údarás na Gaeltachta agus an scéim nua

Dianchúrsaí do Bhéaltriail na hArdteistiméireachta 2009
23/2/2009: Tá sé fógraithe ag Gaelchultúr Teo., an comhlacht chomhairleacht agus oiliúint Ghaeilge, go bhfuil sé ag eagrú Dianchúrsaí Ullmhúcháin do Bhéaltriail na hArdteistiméireachta i 15 ionad timpeall na tíre an t-earrach seo. Is fiú 25% den mharc iomlán í an bhéaltriail agus mar sin tá an t-éileamh ann cúrsaí mar seo a reáchtáil chun cabhrú le daltaí atá ag tabhairt faoin scrúdú tábhachtach seo. D'fhógair an tAire Oideachas, Batt O'Keefe, le déanaí go bhfuil sé chun an céatadáin seo a ardú go 40% ó 2012 ar aghaidh.


IRL nó ÉIR?
Cad a bheidh ar do charrsa?



GLAC LEIS!
CUIR CEIST!
Fadhb agat le seirbhís Ghaeilge a fháil ón earnáil phoiblí?
An Coimisinéir Teanga


Leabhair ó Choiscéim
Díreach foilsithe!

Cúigear Ros Dumhach
Troid Ros Dumhach