Nuacht Chonamara
Má tá nuacht agatsa a bheadh oiriúnach - .i. sa, nó faoin, gceantair nó a bheadh tioncar aige ar an gceantair - chur chugainn ag eor@read-out.net é.
Níl na haicmhainí aistriú teangan againn dá bhrí sin níl mórán seans ráiteas i dteanga seachas Gaeilge a bheith foilsithe!
Iml 03:Eag 17

Tearman
Smaoineamh don lá!

Visit the Widget Gallery

éire
An Aimsir


Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTé an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/
An
Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige,
Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach

Suíomh nua ag nós*

25/3/2009: Sheol nós* suíomh nua ag tús na míosa seo agus deireann siad go bhfuil níos mó daoine ná riamh ag tabhairt cuairte anois ar nosmag.com gach lá. Cuirtear ábhar úr ceoil, scannáin, teicneolaíochta, faisin, taiseal & eile ar an suíomh ar bhonn rialta agus is féidir le léitheoirí nótaí tráchta a fhágáil, mar aon le síniú suas le haghaidh a bhfotha RSS.

Beidh eagrán 9 den iris ag teacht amach ag tús mhí Aibreáin agus istigh ann beidh agallamh leis an gceoltóir óg spleodrach Dáithí Ó Drónaí, léirmheas ar CEOL 09, cuid de na grianghraif is fearr ó SnaG, an focal taobh istigh ar Gaelspell/Ceart, amharc ar an India agus go leor iontas eile!

Buaiteoirí Scléip! 2009

24/3/2009: Ghlac 18 iar-bhunscoil lán-Ghaeilge páirt sa chomórtas tallainne seo i mbliana agus chuaigh rannpháirtithe ó 13 scoil chomh fada leis an gCraobh Ceannais a reáchtáladh ar Shatharn seo caite i mBaile Munna, Baile Átha Cliath.
Se na buaitheoirí as Gaillimh:
Buaiteoir an Grand Prix: Trí Lasadh, Scoil Phobail Mhic Dara, Gaillimh (Rannóg Grúpaí Ceoil).
Buaiteoirí Rannóige:

  • Rannóg B: Amhránaíocht Aonair Breda Ní Cheannabháin, Scoil Phobail Mhic Dara, Gaillimh.
  • Rannóg C: Rince Cruthaitheach (Aonair) Heather Ní Chaisín, Gairmscoil na bPiarsach, Gaillimh.
  • Rannóg F: Grúpaí Ceoil Trí Lasadh, Scoil Phobail Mhic Dara, Gaillimh.
  • Oíche siamsaíochta ag SF

    24/3/2009: Tá Sinn Féin ag eagrú oíche cheoil agus spraoi ar an gCeathrú Rua ar an Aoine 3/4/09 ag a 9 a chlog in Óstán an Dóilín. Ticéidí €10 & €5 do dhaoine gan pá. Ceol blues, Gaelach & eile, spotdhuaiseanna go leor. Ag bailliú airgead don bhfeachtas toghchánaíochta atá siad. Tá ticeidí le fáil ó Trevor Ó Clochairtaigh, ó Tigh Liam ar an gCeathrú Rua agus ar an doras ar an oíche. Féach an postaer leis seo agus scaipigí an scéala le bhur dtoil!

    Gúna nua ar an gCeathrú Rua?

    20/3/2009: Tá cúrsa gúnadóireachta ar siúl ar an gCeathrú Rua, áit go mbeidh deis ag mná agus fir an cheantair foglaim chun gúna a dhéanamh ó thús go deireadh! Mairfidh an cúrsa cúig seachtainí, ag tabhairt na foglaimeoirí ó bhun eolas ar na meaisíní fuála, go gúna a dhéanamh dóibh féin. (Galway Independent)
    Chun cur isteach ar an gcúrsa is féidir glaoch a chur ar 087 6592405.

    Deis do pháistí na Cathrach Gaeilge a fhoglaim sa nGaeltacht

    20/3/2009: Tá Coláiste Aodáin ar an gCeathrú Rua tar éis a fhógairt go bhfuil siad ag cur fáilte roimh pháistí ó Chathair na Gaillimhe chun freastal ar an gColáiste i rith an tsamhraidh, ar bhonn laethúil . Beidh bus curtha ar fáil ón bhFaiche Mhór go dtí An Cheathrú Rua agus ar ais arís (ag fágáil ag a 9rn agus ag filleadh ag a 6in), Luan go hAoine, uair go mbeidh páistí na cathrach in ann páirt a ghlacadh in imeachtaí an Choláiste in éineacht leis na páistí eile ó ar fud na tíre. (Galway Independent)

    Lucht Féachana iontach Lá 'le Pádraig 2009

    19/3/2009: Thuill beochraoladh lá 'le Pádraig ar an gCluiche Ceannais Chraobh Club AIB lucht féachana ollmhór do TG4. Léiríonn na figiúirí a d'eisigh AMG Nielsen an miosúr oifigiúil ar lucht féachana teilifíse in Eirinn, go raibh 250,000 duine ag féachaint ar na cluichí ceannais peile inar thug Na Crócaigh/Cill Mhochuda an chraobh leo in aghaidh Raonaithe Chrois Mhic Lionnáin sa pheil agus inar thug Port Omna an lá leis ar De la Salle sa iomáint.
    D'fhéach 1.1m duine ar TG4 uair éigin i rith an lae agus bhí scair fhéachana náisiúnta 8.4 % ag TG4 don lá ina iomláine agus ba leor sin lena chur sa tríú ait san ord tosaíochta náisiúnta laethúil teilifíse den chéad uair riamh.
    Suíomh TG4

    Easpa sagart i dTuama

    19/3/2008: Ní bheidh ach thar ar 70 sagairt san Árdeoise ina bhfuil an chuid is mó de Ghaaeltaacht na Gaillimhe and Muigheó - Árd Deoise Thuama. De réir thauirsce atá ag an Árdeaspaig Michael Neary tá fadhb mór roimh an Eaglis agus beidh ar an tuataigh i a bheith páirteach in an-chuid de chuid an oibre a bhí ar siúl ag an sagart go dtí seo.
    Chean féin tá comhairle pháróiste bunaithe in an-chuid de na páróistí agus tá an triú babhta de thraenáil do na comhairle seo ar siúil ar an gCeathrú Rua ar an 2 Aibreán sa Acadamh. Sé an tAth Pat Faragher (ar dheis) atá ainmnithe ag an Árd Easpaigh mar a ionadaí sa clár seo sa deoise.
    Árd Deoise Thuama (an cuid is mó i mBéarla)

    Tuarascáil 2008 an Choimisinéara Teanga

    18/3/2009: Chuir Oifig an Choimisinéara Teanga tuarascáil bhliantúil 2008 faoi bhráid an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar an 3 Feabhra 2009 le leagan os comhair Thithe an Oireachtais. Nuair a bheidh an tuarascáil bhliantúil leagtha os comhair gach Tí den Oireachtas faoi mar atá leagtha amach in alt 30 d'Acht na dTeangacha Oifigiúla, foilseofar go poiblí í.


    Des ag léimnigh thart san Astráil!

    18/3/2009: Ní hí Eire an t-aon áit amháin áfach ina bhfuil an tiúin ag mealladh aird an phobail mar bhí sé le feiceáil ar an chlár Astrálach Spicks and Specks nuair a bhí Mac an Easpaig ar cuairt 'thíos faoi' le déanaí da réir tuairisc le déanaí i nos*.

    Lá le Phádraig faoi lán tseoil
    Moncaithe ag rinnce


    An ceann is fearr ag Árainn
    16/3/2009: Bhí an bua ag an triúr as Árainn Padraig, Eamonn agus Seán Ó Maol Chiaráin san comortas uile Éireann "All Ireland Talent Show." Is rinnceoirí angus ceolteoirí tradisiúnta iad.
    Bhí duine amháin eile ón taobh seo tíre sa craobh chomortas freisin, Daithí Ó Dronaí, fidléir leictreoineach. (Seo ar Utube é)
    An barr 20 ceoltóir Éireannach is mó san aois seo

    16/3/2009: Tá a chuid obair bhaile déanta ag Raidió Rí-Rá, atá ag craoladh ar FM i mBaile Átha Cliath, i gCorcaigh, i Luimneach agus i nGaillimh le linn Sheachtain na Gaeilge 2009, agus tá an Barr 20 Ceoltóir Éireannach Is Mó San Aois Seo Oifigiúil aimsithe acu.
    Ainneoin go nglacfadh formhór againn go mbeadh U2 ag barr an liosta, bhí siad buailte go maith. Tá slam dochreidte de naoi amhrán déag curtha ag Westlife sa Bharr 10 ó 2000 i leith, le naoi gcinn acu siúd ag baint barrspóta Uimhir a hAon amach. Fágann sin ceithre amhrán déag U2 sa Bharr 10 agus a sé Uimhir a hAon chun deiridh ar fad.
    An scéal seo san Druma Mór
    Bíonn Raidío Rí Rá ar siúl i rith na bliana ar an idirlíon ar ndoigh.

    "Chomh gar 'gus Féidir"
    14/3/2008: Seoladh "Chomh gar 'gus Féidir" leabhar nua filíochta le Andreas Vogel ar an Aoine seo caite ag ocáid i dTigh Chualainn, An Coill Rua. Tá an leabhair seo foilsithe ag Coiscéim.
    Fear Libertas don Eoraip?

    14/3/2008: Tá sé fógartha ag Declaan Ganley go bhfuil sé ag seasamh sa toghcháin Eorpach don síocháin sa ceantair toghcháníochta Thuaidh Thiar (ó Tír Chonail ó dheas go Co an Chláir). Thosaigh sé an feachtas san Ostán Glenlo Abbey ar an Sathairn. Is eiseann a bhí taobh thiar de eagraíocht Libertas i Refreann Lisbóin anuireadh. Deireann sé go ndéanfadh sécúirt ar gach baile sa cheantair idir seo agus a lá vótála 5 Meitheamh 2009. Beidh sé spéisiúil fháil amach cé chomh maith is atá a chuid Gaeilge nuair atá sé ar chuairt ar na ceantrreacha Gaeltachta is mó so tír!
    Libertas EU Ireland (Béarla amháin!)
    Siad na feisirí Seán Ó Neachtain FF), Jim Higgins (FG) agus Mary Harkin (N) i bPairlimint na hEorpa faoi láthair.

    Dráma sa príomh cathair fadó

    14/3/2008: Bhí an Damer lonnaithe ar Fhaiche Stiabhna agus í ina cuid lárnach de shaol sóisialta phobal na Gaeilge san ardchathair ó 1955 go 1976.
    Insíonn Máiréad Ní Chinnéide stair an Damer mar thionscadal agus na daoine a bhí bainteach leis ina leabhair "An Damer," foilsithe ag Cló Iarchonnachta.
    Taifead luachmhar atá againn sa leabhar seo ar ré órga na drámaíochta amaitéaraí.

    5 Saothar bolscaireachta TG4 ar ghearrliosta Promax 2009
    13/3/2008: Beidh ionadaíocht líonmhar ag