Má tá nuacht agatsa a bheadh oiriúnach - .i. sa, nó faoin, gceantair nó a bheadh tioncar aige ar an gceantair - chur chugainn ag eor@read-out.net é.
Níl na haicmhainí aistriú teangan againn dá bhrí sin níl mórán seans ráiteas i dteanga seachas Gaeilge a bheith foilsithe!
Iml 03:Eag 18

Tearman
Smaoineamh don lá!

Visit the Widget Gallery

éire
An Aimsir


Clár RnaG Inniú

Ait go leor is cuid de seirbhís Bhéarla RTé an leathanach seo!

Innéacs
Chonamara&
árann

Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
éire
eor@rád-out.net

anghaeltacht.net/ce/
An
Cúléisteoir! Gaeltacht na Gaillimhe: An Achreidh,árainn, Cois Fharraige,
Conamara, Duiche Sheoigháach, Iorras Aithnách, Cántair na nOileán
An Eagrán Deireannach

Gradam do Mhicheál Ó Conghaile

9/1/2009: Bronnadh Gradam Shean-Nós Cois Life ar Stiúrthóir Chló Iar-Chonnachta, Micheál Ó Conghaile, as an saibhriú atá déanta aige ar an amhránaíocht dhúchasach thar na blianta ag ócáid speisialta i le linn Fhéile Sean-Nós Cois Life i gClub na Múinteoirí i mBaile Átha Cliath le déanaí. (Galway Independent)

Aonad Ceardaíochta

9/4/2009: Tá aonad ceardaíochta 50 méadar cearnach le ligean ar léas i gCeardlann an Spidéil, An Spidéal, Co. na Gaillimhe. Iarrtar tairiscintí ó dhaoine a bhfuil taithí acu i reáchtáil gnó ceardaíochta. Tabharfar tús áite do thograí a bhfuil taithí ábhartha, d'ardchaighdeán acu san earnáil seo agus a dhéanfadh comhlánú ar dhea-íomhá Cheardlann an Spidéil.

Ní ghlactar le scéimeanna Gaeltachta

9/4/2009: De bharr líon na n-iarratas faoi Scéimeanna Tithíochta na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta atá ar lámh agus méid na ndeontas atá ceadaithe, tá sé fógartha ag an Aire Éamon Ó Cuív T.D., nach mbeidh an Roinn ag glacadh le tuilleadh iarratais faoin Scéim don chuid eile den bhliain seo. Déanfar próiseáil, áfach, ar na hiarratais atá idir lámha agus ceadófar deontais bunaithe ar na hiarratais seo ar an ngnáth-chaoi.


Scéim tacaíochta pobail do dhaoine breacaosta ar fionraí

9/4/2009: "I bhfianaise an ghnímh phráinnigh a bhfuil gá leis chun an t-airgeadas poiblí a dhaingniú agus an cheanglais atá orainn as tosaíocht a thabhairt do mhaoiniú chun gníomhaíocht eacnamaíoch agus fostaíocht a athnuachan, is oth liom go raibh orm roinnt cinntí crua a dhéanamh," a dúirt an tAire John Curran nuair a d'fhogair sé go raibh an Scéim le cur ar fionraí le héifeacht láithreach.

Ciorraithe Móra!

Is é €443.7m an leithdháileadh glan athbhreithnithe a bheidh ann don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta don bhliain 2009, figiúr a léiríonn laghdú €47.4m ar an leithdháileadh measta tosaigh a fógraíodh i mí Dheireadh Fómhair 2008.
Baineann €11.8m den laghdú sin le caiteachas caipitil. Áirítear air sin, aistriú €2.5m chuig Oifig an Aire Leanaí agus Gnóthaí Óige a bheidh baint aige leis an gCiste Saoráidí agus Seirbhísí do Dhaoine Óga. Léiríonn an t-iarmhéid oiriúnuithe i gcaiteachas caipitil a rinneadh mar chuid de phacáiste beart a d'fhógair an tAire Airgeadais ag deireadh mhí Eanáir 2009.


Féach leis ar Concubhar Ó Liatháin ar Buiséad Breise '09 - ciorruithe agus dushlán!.

Gradam do Stáisiún Raidió na Bliana ag RnaG

9/4/2009: Tá an gradam do stáisiún raidió na bliana ag Féile na Meán Ceilteach buaite ag RTÉ Raidió na Gaeltachta. Fógraíodh an buaiteoir oíche Dé hAoine ag an bhféile i gCaernarfon na Breataine Bige.
Ag glacadh an ghradaim idirnáisiúnta thar ceann na seirbhíse, dúirt Edel Ní Chuireáin, Ceannaire RnaG, gurbh iontach an onóir don tseirbhís an gradam seo a bheith bronnta orthu. Rinne sí comhghairdeachas leis an fhoireann sna ceithre hairde a chuireann scoth seirbhíse ar fáil do na héisteoirí gach lá. Dúirt sí gur aitheantas ar a gcuid oibre agus ar a ngairmiúlacht i saol iomaíoch na craoltóireachta an gradam seo.
Suíomh Féile na Meán Ceilteach (Béarla)


Ról na teanga in athbheochan Gheilleagar na tíre.

6/4/2009: Is é an téama atá roghnaithe d'Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge i mbliana ná Ról na Gaeilge in Athbheochan Gheilleagar na hÉireann toisc an cúlú eacnamaíochta a bheith ina bhagairt ar eagraíochtaí deonacha, agus ar an bpobal trí chéile, fud fad na tíre. Tionólfar Ard-Fheis an Chonartha 2009 ar an Aonach, Co. Thiobraid Árann ón 8 - 10 Bealtaine 2009.


60 bliain ar an saol agus 40 bl ar an aer
2/4/2009: Tá Seán Bán Breathnach ag ceiliúradh 60 bliain ar an saol an tseachtain seo agus 40 bliain den tréimhse sin ar an aer. In agallamh le hÁine Ní Churráin ar Raidió na Gaeltachta inniú (Déardaoin), labhair sé faoina shaol craoltóra, ó Popseó na Máirte i 1969 go dtí an chéad chlár le Raidió na Gaeltachta i 1972 go SBB ina Shuí sna hochtóidí go "Charity You're a Star" i 2007, agus gach ar tharla idir eatarthu.
R336 Bearna go Scríb - Tuarascáil an Staidéir Féidearthachta

2/4/2009: Bóthar réigiúnach sainithe is ea an R336 ó Bhearna go Scríb a bhfuil líon áirithe d'fheidhmeanna iompair ag gabháil leis lena n-áirítear é a bheith ina bhealach comaitéireachta, ina bhealach turasóireachta, ina bhealach a bhfuil tithe cónaithe air agus is é an príomhbhealach é d'iompar tráchtála a dhéanann freastal ar líon áirithe d'eastáit thionsclaíocha, feirmeacha éisc agus calaidh, calafort Ros an Mhíl, aerfort Chonamara, stiúideonna raidió agus teilifíse agus an iliomad gnóthaí beaga príobháideacha.


Clár Nua Iompair Tuaithe BEALACH Seolta

2/4/2009: Ag ócáid in Óstán an Connemara Gateway inniu sheol Príomfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin, clár nua 3 bliana BEALACH - Páirtnéireacht Iompair Áitiúil Chonamara Teo. Déanann BEALACH, a bhfuil a n-oifig riaracháin lonnaithe i gCarna, bainistiú ar an Chlár Iompar Tuaithe i gceantar Chonamara agus Árann.
Cuireann BEALACH seirbhís iompair tuaithe ar fáil do dhaoine atá ina gcónaí i gceantair iargúlta ar fud Chonamara agus Chontae na Gaillimhe. Tá sé mar aidhm ag BEALACH córais iompair a chur ar fáil do dhaoine chuig seirbhísí áitiúla agus ceangal le seirbhís réigiúnacha poiblí bus.

Beidh Féile Phléaráca in Inis Meáin i mbliana

1/1/2009: Tá Clár Féile Phléaráca Chonamara 2009 le feiceáil ar suíomh Phléaráca Tá moltaí á lorg do Ghradam Phléaráca na bliana seo chomh maith acu! Dátaí: 30 Aibreáin - 04 Bealtaine 2009.


M.A. san Ateangaireacht Chomhdhála

1/4/2009: Ag seoladh oifigúil an MA san Ateangaireacht Chomhdhála in Acadamh na hOllscolaíochta, An Cheathrú Rua bhí: Susan Folan, OE Gaillimh; Seán Ó Neachtain, Feisire Eorpach; agus Brian Fox, Ceannasaí na Rinne

Ciorrú pá 10 faoin gcéad d'fhoireann Foinse
Duais ag Seacht
1/4/2009: Thug eagrán de shraithdhráma téisiúil Seacht, le TG4 Duais na hÓige leis ag Féile na Meán Ceilteach 2009 i gCaernarfon na Breataine Bige le déanaí. Saol agus siamsaíocht buíon macléinn atá ag freastal ar choláiste tríú leibhéal i mBéal Feirste is ábhar don tsraith seo a bhfuil dhá shéasúr de coimisiúnaithe agus craolta ar TG4 go dtí seo.

1/4/2009: Tá foireann bhuan an nuachtáin sheachtainiúil, Foins e, i ndiaidh glacadh le ciorrú pá 10 faoin gcéad. Déanfar gearradh 10 faoin gcéad fosta ar tháillí saoririseoirí an nuachtáin. (Scríobhaimse colún don nuachtán mar shaoririseoir.) Thug bainistíocht an nuachtáin le fios gur ghá gearradh siar de bharr titim i gcúrsaí fógraíochta agus an nuachtán bheith ag cailleadh airgid dá thairbhe sin. (Pól Ó Muirí Irish Times)

Maoiniú do Thionscadal Na mBád Farantóireachta Oileáin

1/4/2009: Tá deontas ó Aontas na hEorpa os cionn €230,000 bronnta le haghaidh comhpháirtíocht speisialta teasteorann chun a dheimhniú conas is fearr cabhlach bád farantóireachta beag a chruthú chun freastal a dhéanamh ar phobail iargúlta amach ó imeallbhord na hAlban agus na hEireann.

Rinceoir Cónaitheach Sean-nóis ceaptha

1/4/2009: Tá sé fógartha ag Ionad an Léinn Eireannaigh, go bhfuil Seosamh Ó Neachtain ón Spidéal ceaptha mar an chéad Rinceoir Cónaitheach Sean-Nóis riamh san Ollscoil. Léiríonn a cheapachán an bheocht atá sa damhsa ar an sean-nós i gConamara faoi láthair agus an cumas iontach atá ag Ó Neachtain mar dhuine de na damhsóirí is fearr dá bhfuil ann.


Tionscnamh Aircív Raidió na Gaeltachta

1/4/2009: Tá fógartha ag Eamon Ó Cuív T.D., Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta go bhfuil deontas €29,295 ceadaithe aige d'Acadamh Ríoga na hEireann chun cur ar a gcumas Céim a hAon den tionscnamh Aircív Raidió na Gaeltachta a chur i gcrích mar chuid de thionscnamh Fhoclóir na Nua-Ghaeilge.


30 Aibreáin - 04 Bealtaine 2009 Inis Meáin


IRL nó ÉIR?
Cad a bheidh ar do charrsa?



GLAC LEIS!
CUIR CEIST!
Fadhb agat le seirbhís Ghaeilge a fháil ón earnáil phoiblí?
An Coimisinéir Teanga


Leabhair ó Choiscéim
Díreach foilsithe!

Cúigear Ros Dumhach
Troid Ros Dumhach