Iml 01: Eag 06
|
TG4 |
![]() Clár RnaG Inniú |
Chonamara & Árann |
Foilsithe ag
Caorán na gCearc Baile na hAbhann Conamara Éire |
Bhfuil tusa páirteach san athbhreithniú seo?
Helena O'Brien, An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Na Forbacha, Co. na Gaillimhe hobrien@pobail.ie
Seisear ag Fianna Fáil An gcoimeadfaidh siad a gceithre suíocháin?
12/2/04: Bhí coinbhinsiún ag Fianna Fáil ar an Aoine ar an gCeathrú Rua. Roghnaíodar seisear le dull ar aghaidh i dtoghchán Údarás na Gaeltachta. Deireann siad go bhfuil siad níos mó na dóchasach gur féidir leo na ceithre síocháin atá acu a choimead.
Tiománaí cúsaithe tar éis timpiste 12/2/2005: Gabhadh tiománaí lorraí tar éis timpiste ina maraíodh fear agus a bhean 5km soir ó Úarán Mór ar an bpríomh bóthar idir Gaillimh agus Baile Átha Cliath. Shay English agus a bhean Teresa as Knocknacarra i nGaillimh an beirt a maraíodh sa tionóisc. Éileamh Phobal Bhearna
11/2/2005: Ag a cruinniú de Phobal Bhearna ar an gCéadaoin tógadh coiste 13 ón gceantair chun an ceantair a chosaint. Séard atá ó Phoball Bhearna
11/2/2005: D'fhreagair an Feisire Seán Ó Neachtain, BPE an méid a dúirt Trevor Ó Clochartaigh le déanaí faoin a fhreagaracht in athrú i gcúrsaí pleanála a cinneadh ag cruinniú ar an gClochán i 2002 (Iml1Eag05). Ráiteas "mí chruinn agus mailíseach" a bhí ann, dár leis, a bhí i measc na hionsaithe is measa in a shaol pholitiúla. Ní raibh aon bhaint leis an cinneadh sin le cúrsaí i mBearna, a dúirt sé.
10/2/2005: Ta an Pápa tar éis oispidéil Gemelli a fhágáil go poiblí agus is cosúil go núsáidaigh sé an charaghas le teacht chuige féin ina iomlán.
10/2/2005: Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Nollaig Ó Gadhra gur drochlá a bhí sa lá inné ós rud é go bhfuil Príomhoifigeach Chonradh na Gaeilge ag éirí as a post de bharr neamhéifeacht agus easpa tacaíochta Fhoras na Gaeilge. Dúirt Aoife Ní Scolaí go raibh machnamh fada déanta aici faoin gcinneadh seo agus gur ghoill sé uirthi éirí as a post ach gur mhothaigh sí nach raibh an dara rogha aici. Dúirt sí nach raibh sí sásta fanacht in eagraíocht nach raibh airgead ar bith acu le rud ar bith a chur i gcrích seachas a bheith ann, go díreach.
Scéim Phobail Gaeilge 2005-2007 11/2/2005: Ag ócáid i mBaile Átha Cliath ag deireadh na míosa seo caite d'fhógair an áisínteacht Gaeilge Thuaidh-Theas, Foras na Gaeilge, sonraí "Scéim Phobail Gaeilge 2005 - 2007" scéim nua leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc an phobail ar fiú €3 mhilliún í thar trí bliana. Chomh maith leis sin d'fhógair Foras na Gaeilge eolas faoi 20 tionscadal pobal ar éirigh leo maoiniú a fháil faoin scéim nua seo, 10 gcinn lonnaithe sa tuaisceart agus 10 gcinn ó dheas. Eolas breise Trúir iarrathóirí as Árainn do Choiste na nOileán An gá toghcháin? 10/2/2005: Inniú an lá deireannach le hainmneacha a chlárú don toghcháin do bhaill ar Choiste na nOileán den Chomhairle Chontae. Tá trúir anois ann, Séamus Ó Flathairtigh a bhí ar an gcoiste cheanna, Mattie Seoigh, iarrthóir i dtoghcháin don Údarás agus Gerry Crawford, Oifig an Phoist in Árainn. Tá trí áiteanna le líonadh agus níl cintacht ann an mbeidh gá le toghchán ann. Má tá toghchán le bheith ann beidh sé ar siúl ar an 19ú Márta. Rabhadh ón nGárda 10/2/2005: Goideadh treallamh ríomhaireachta agus rudaí eile as teach i gCois Fharraige inné. Thug an Garda Síochána rabhadh do dhaoine bheit ar a aire agsu súil a choimeád ar carranaí stoinséara sa cheantair. |
Seachtain na Gaeilge i nGaillimh
![]() 15/2/2005: Tá Clár na Gaillimhe fógraithe ag Choiste Seachtain na nGaeilge 2005. Beidh sé ar siúl 5 - 17 Márta 2005. Baineann an nasc seo leis an gcontae ar fad mar aon leis an gcathair. Cuirfear leis an liosta seo do réir mar atá ócáidí nua fógraithe. Beirt Daonláthaigh sa rás 14/2/2005: Roghnaíodh beirt as an bPairtí Daonlathach ag coinbhinsín an phairtí sin aréir. 'Siad Jimí Ó Lorcáin as Ros a Mhíl agus Seán Creaven as Mionlach iad. Beidh an toghchán ann ar an 2ú lá Aibreáin 2005. Damhsóir Chois Fharraige i Riverdance 14/2/2005: Tá cailín as Indreabháin, Caitlríona Ní Chadhain ag dul isteach so complacht cáiliúl Riverdance le páirt a ghlacadh sa rinnce cáiliúil sin ag tosú in Albain ag tús na seachtaine. Tuilleadh cainte?
12/2/2005: Tá an tAire GPT&G, Éamon Ó Cuív tar éis moladh a dhéanamh go dtabharfaí le chéile cruinniú idir pholaiteoirí Ghaillimh Thiar agus Údarás na mBóithre Náisiúnta le plé a dhéanamh ar cheist an bhóthair nua as Chonamara go Gallimh. Míshástacht ar na hEagrais Deonacha Gaeilge
12/2/2005: Ag cruinniú ar an gCéadaoin 9ú lá Feabhra; Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, an lárchomhairle ar eagraíochtaí deonacha Gaeilge, pléadh ábhair thromchúiseacha atá curtha i leith Fhoras na Gaeilge. Léiríodh an-mhíshástacht faoin a chur chuige "míshásúil agus míphroifisiúnta".
Léiríodh míshástacht na n-Eagras Gaeilge trína pointí seo a leanas:
éileamh an Fhorais ar thrédhearcacht nuair nach bhfuil tuairisc, plean, nó cuntais foilsithe acu féin ó bunaíodh an Foras i 1998 .
nach bhfuil sé inghlactha córais nua a bhunú maidir le hiarratais/íocaíochtaí ar bhunmhaoiniú na n-eagras deonacha gan aon inchur i bhfoirm páirtíochta nó fiú plé leis na heagrais dheonacha roimh ré.
gur léir go bhfuil neamhspleáchas agus cearta féinriaradh na n-eagras deonacha á mbaint díobh de réir a chéile.
nach bhfuil sé inghlactha go mothódh aon fhostaí d'aon eagras, gan trácht ar phríomhfheidhmeannach, gur gá éirí as a bpostanna mar gheall ar mhíshástacht leanúnach le cur chuige Fhoras na Gaeilge
nach léir cén critéir a bhí in úsáid i roghnú na scéimeanna pobail. Bunaithe ar an méid sin thuas tá cruinniú práinneach iarrtha ar an Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D.
|