Ceol na Mara

Iml 01: Eag 08


Nuacht
TG4


Clár RnaG Inniú

Innéacs
Chonamara &
Árann


Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire

culeisteoir@read-out.net
anghaeltacht.net/ce/


Seachtain na Gaeilge

An Cúléisteoir!

Ní bheidh bóthar ann go deo?
Naonar déag san iomaíocht
Rás don
Údarás san Iarthar!
Ní ghlacann cathaoirleach bóthar agus iompar le ráiteas.

8/3/2005: Níor ghlac an Comhleoir Seosamh Ó Cuaig, atá ina cathaoirleach ar an gCoiste Iompair & Bóthar, leis an méid a dúirt innalteoir Chomhairle Chontae na Gaillimhe nach ndéanfaí an bóthar nua nach cuirfidh airgead go deo le bóthar go Scríob agus Iarthar Chonamara. Sampla den "dearchadh diúltach" atá sa roinn innealtóireacht den Chomhairle Chontae i dtaobh an taobh seo tire atá ann, a deir se agus ní polasaí Comhleoirí Chonamara nó na Comhhleoirí an Chontae ar fad agus nár pléadh fiú é ag an comhairle go dtí seo.


An breithiúnas deireanach

9/3/2005: Tá iniúcadh ar conas mar éirigh le baill Údarás ó 1999 i leith. Féachann Breandán Delap in eagrán na Márta de Bheo, siar ar an téarma atá curtha isteach ag na comhaltaí tofa agus bronnann marc ar gach duine acu as an obair atá déanta aige nó aici.
Ionaid Timpistí agus Éigeandála

7/3/2005: Cuirfear tús inniu leis an gcéad aonad príomháideach timpistí agus eigeandála sa stát i gclinic na Gaillimhe.
Scór ball a bheas ar an bhord úr - toghfar seacht nduine dhéag agus ainmneofar triúr eile (an Cathaoirleach san áireamh).
Seo hiad na marcanna a fuair na baill as an gceantair seo:

  • Seán Creavan (Ball ainmnithe, an Páirtí Daonlathach) - Marc: E
  • Pádhraic Ó Biadh (FF) - Marc: D
  • Seosamh Ó Cuaig (Neamhspleách) - Marc: B
  • Connie Ní Fhatharta (FF) - Marc: C-
  • Pól Ó Foighil (FG) - Marc: B-
  • Seán (Jackie) Ó Droighneáin (AMICUS) - Marc: D
  • Cathy Ní Ghoill (Ball ainmnithe, Neamhspleách) - Marc: C+
  • Seán Ó Neachtain (FF) - Marc: C
  • Seán Ó Tuairisc (FF)- Marc: C
Na torthaí iomlán
Míbhuntáiste ag an iarrthóir neamhspleach

8/3/2005: John Bhaba Jack Ó Conghaile. ag tacu le Séagh Mac Siúrdáin in iarracht chun an coinneal go gcaithfeadh 15 nduine dul isteach go Gaillimh chun iarrathóir neamhspleach a ainmniú don toghchán.


Brúscar níos daoire
8/3/2005: Tá málaí brúscar le dul níos costasaí as so amach. €5.00 a bhéas ar mála glas agus €2.50 ar na málaí gorm agus bán.,Ardú 25% atá i gceist.
Cá bhfuil an tAirgead?
Freagraíonn an Aire.

An tAire ag imirt cluiche!
(Pic ó Suíomh na Roinne)

5/3/2005: Bhí an cruinniú deireannach d'Údarás na Gaeltachta ar an Aoine agus bhí an tAire Éamon Ó Cuív i lathair. Pléadh cúrsaí airgead ann.
Níor thuig Seosamh Ó Cuaig cén fáth a rinne an Aire roinnt de na socraithe i dtaobh mhaoiniú an Údaráis. Arb é nach raibh meas aige ar an Údarás, nó nach raibh sé sásta le polasaithe an Údaráis,; ar cheap sé go raibh an cinneadh a rinne sé ar maitheas leis muintir na Gaeltachta nó an raibh airgead chomh gann ina roinn go chuir sé roint den airgead a bhí á lorg ag an Údarás chuig tionscnaimh eile so Roinn Gnóthaí Phoball, Tuaithe and Gaeltachta?
D'admhaigh an tAire go mbíonn cinnithe an chrua le déanamh aige ag dáileadh amach airgead ina roinn-se. Uaireanta bíonn ar airgead atá luaite le forbairt amháin a chuir le tionscnamh eile, fiú tionscnamh nach bhfuil baint díreach aige le forbairt na Gaeltachta.
Beidh toghchán don Údarás nua ar an 2ú lá Aibreán.


Cabhair á lorg do chumhacht!

4/3/2005: Tá iarrathóir Fianna Fáil don Údarás, Sinéad NÍ Neachtain, ag iarraidh cabhair do cheantair Gaeltachta ón Aire Comhshaol, Dick Roche, chun foinse aicmhuinní nádúrtha chumhachta a fhorbairt.

Duine eile sa rás

7/3/2005: Tá Seán Ó Coistealbha as an Spidéal ag seasamh mar iarrathóir neamhspleach i dtoghcháin don Údarás. Ag cuir béim ar méadú cumhachta an Údaráis agus ar forbairt tionscal thradasiúnta sa cheantair a bheidh sé.


Iarrthóir i dtoghchán an Údarás ag lorg comhairle dlí maidir le clárú iarrthóirí

7/3/2005: Tá Séagh Mac Siúrdáin as Casla, iarrthóir i dtoghchán Údarás na Gaeltachta, ag lorg comhairle dlí maidir le rialachán a bhaineann le clárú iarrthóirí neamhspleácha do na toghcháin. Tá sé ag éileamh go bhfuil an rial, go gcaithfidh iarrthóir neamhspleách 15 aontaitheoir a bheith aige a bheadh sásta dul chomh fada le hoifigí an údaráis áitiúil chun aontú lena pháipéar ainmniúcháin, leatromach.


Fáilte roimh deontas Scoil Charna ó Trevor
"Ach Céard faoi Scoil na hÁirde Móire?".

4/3/2005: Tá fáilte curtha ag an Iarrthoir Pobail i dToghchán Údarás na Gaeltachta, Trevor Ó Clochartaigh roimh an deontas atá ceadaithe le obair fhorbartha a dhéanamh ar Scoil Náisiúnta Mhuire i gCárna, rud a theastaíonn go géar dár leis, agus d'fháilteódh sé chomh maith, roimh scéala de shaghas éicint ón Aire Oideachas maidir le cás Scoil na hÁirde Móire, atá sa bParóiste chéanna, a deir sé.
'Tá Scoil na hÁirde Móire i ndroch chaoi le blianta fada agus ainneoin mór-iarrachtai pobail le leigheas a fháil ar an gcruachás, níl tacaiocht ar bith faighte acu ón Roinn ná ón Rialtas. Baineadh Scoil na hÁirde Móire den liosta scoileanna ar theastaigh obair thógála uirthi tamall de bhlianta ó shoin agus níl míniú sásúil faighte ariamh cén fáth. Tá siad i liombó ó shoin ainneoin cuid mhaith iarrachtaí fáil amach cá seasann an scoil leis an Roinn Oideachas' dár le Ó Clochartaigh.
Deir sé nach bhfuil freagra ar bith faighte aige féin, ná ag an Scoil, ón Aire ar chomhfhreagras a sheol sé chuici ar an 3ú Eanair i mbliana ná níl scéala ar bith faighte ón Roinn maidir le cás na Scoile. Is mór an náire don Aire é, go háirithe ó tarraingíodh anuas an scéal sa Dáil ar an 6ú Deireadh Fómhair anuraidh, áit ar gheall sí i bhfreagra scríofa, go mbeadh freagra faoi chás Scoil na hÁirde Móire aice roimh deire na bliana. Tá Trevor Ó Clochartaigh ag impí ar an na hAirí Éamon Ó Cuív agus Frank Fahey, a bhfuil an scoil seo ina ndáilcheantair teangbháil a dhéanamh láithreach lena gcomhleacaí Rialtais Máire Ní Ainifín, féachaint le scéala a fháil faoi chás na scoile chomh luath agus is féidir. Is náireach an chaoi atá caite le muintir na hÁirde Móire ag an Rialtas seo', a deir sé 'agus níl sé sách maith ar chor ar bith'.
Breis

Bua ag Bananaphoblacht!


Prionsias Bean Uí Ógartaigh le Alex Hijmans, úinéir Café Bananaphoblacht, leis an trófaí>
4/3/2005: Bronnadh Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2004 ar Café Bananaphoblacht, caifé clúiteach i gCathair na Gaillimhe, ag ócáid speisialta in Óstlann an Ardoileáin le déanaí Thréaslaigh an Dr. Peadar Ó Flatharta, Cathaoirleach Ghaillimh le Gaeilge, le Café Bananaphoblacht faoin mbealach ar cuireadh an Ghaeilge san áireamh mar ghné lárnach dá ngnó. D'fhreastal níos mó ná 80 den lucht gnó ar an searmanas chun ceiliúradh a dhéanamh leis an mbuaiteoir agus lucht an ghearrliosta araon agus chun na taispeántais a bhí acu a fheiceáil.
Bhí buaiteoirí an ghradaim, Café Bananaphoblacht, ar an ngearrliosta anuraidh, agus bhí na moltóirí an-tógtha leis an méid dátheangachais atá sa chaife beag seo, áit a bhfuil gach rud ó bhiachláir go míniúcháin sa leabharlann bheag i mBéarla agus i nGaeilge.
Bhronn an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D. Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh ar Alex Hijmans, úinéir Café Bananaphoblacht.


'Parlaimint na nÓg' do Chathair Chorcaí

4/3/2005: Reachtáilfear 'Parlaimint na nÓg', ócáid idirnáisiúnta do mhicléinn as Éire agus Alban i gCorcaigh seachtain na Féile Pádraig. Is ócáid bhliantúil a bhíonn i bParlaimint na nÓg, a eagraíonn Iomairt Cholmcille, le Gaeil óga a thabhairt le chéile. Reachtáladh an chéad Parlaimint i 1999 ar an Oileán Sgitheanach agus tá ceann na bliana seo, an séú ceann dá leithéad, á eagru i gcomhair le 'Celtfest' i gCorcaigh ón 13ú-16ú Márta.


TG4 le bheith ar fáil i mBéal Feiriste ar deireadh

4/3/2005: Ón Aoine seo beidh fáil ar TG4 i gcathair Bhéal Feirste agus sa cheantar maguaird nuair a thosófar ag tarchur chomhartha TG4 ó chrann cumarsáide ar bharr shliabh Duibhnis taobh amuigh den chathair. Tosófar ar thrialacha tarchuir ar an Aoine. Bhí craoladh TG4 sa Tuaisceart ar cheann de fhorálacha Chomhaontú Aoine an Chéasta. Inniu i mBaile Átha Cliath síneoidh an tAire Gnóthaí Eachtracha Dermot Ahern agus Rúnaí Stáit an Tuaiscirt Paul Murphy meamram le bonn foirmiúil a chur faoin gcraoladh.

Ceoltóir mór le rá ag canadh

4/3/2005: Tá roinnt de na ceoltóirí is mó le rá in Éirinn tar éis amhráin den scoth a chur ar fáil do thionscnamh a d'eagraigh Seachtain na Gaeilge le ceirnín a chur ar fáil as Gaeilge darb ainm SnaG '05. Beidh an dlúthdhiosca ar díol ón 4 Márta 2005 ar fud na tíre. Is iad na daoine a cheolann ar an dlúthdhiosca ná: The Devlins, Paddy Casey, The Frames, Mundy, Kíla, The Walls, Liam Ó Maonlaí, Iarla Ó Lionáird, John Spillane, Nina Hynes, Caliban, Bowsie, agus Morgan the Bouncer.
"Bailíonn an dlúthdhiosca seo roinnt mhaith de na ceoltóirí Éireannacha is cáiliúla le chéile chun ceirnín sainiúil a chur ar fáil as Gaeilge. Bhí mé an-tógtha le hardchaighdeán na n-amhrán ar fad. Tá súil agam go meallfaidh sé daoine eile le hamhráin Ghaeilge a scríobh agus a thaifead amach anseo. Creidim go mbeidh an dlúthdhiosca an-tarraingteach, do dhaoine óga ach go háirithe."
Breis
Eolas faoi Seachtain na Gaeilge


Foth-thoghcháin na Mí

4/3/2005: sóir ar chearta aithreacha, Liam Ó Gogáin, inniu ar an rialtas aire a cheapadh do fhir. Bheadh cúram sláinte na bhfear, Aithreacht, easpa dul chun cinn á dhéanamh ag buachaillí sa chóras oideachas, féin mharú i measc n bhfear, coiriúlacht i measc na bhfear, ciontacht na bhfear óig, bochtaineacht i measc na bhfear agus araile ar an Aire nua.
Breis eolais ag www.liamog.com/pressrelease8g.htm