Iml 01: Eag 15


Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht na Gaeltachta


Clár RnaG Inniú

Innéacs
Chonamara &
árann


Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire

culeisteoir@read-out.net
anghaeltacht.net/ce/


rua teleafón

An Cúléisteoir!

Anocht FM

3/5/2005: Cuireadh tús aréir le seirbhís nua don óige, Anocht FM, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Don chéad uair ó thosaigh an stáisiún ag craoladh, cloisfear liricí i mBéarla ar an tseirbhís nua.


An chaint sa Chathair!
28/5/2005: I Lár Sráide san nGalway Advertiser tá na cinn teideal seo leanas: Bua do Choinníoll Pleanála Teanga sa Ghaeltacht
Amhráin Béarla ar Raidió na Gaeltachta agus Cláracha Ceoil nua Anocht fm
mar aon le Dátaí don Dialann Brú ar an bpictiúir thuas chun leagan pdf de Lár Sráide fháil 118k.
Fáilte gan Fháilte!

26/4/2005: Ní i bhfad go mbeidh Boird Réigiúnacha Turasóireachta na tíre faoi bhráid Fáilte Ireland má éiríonn leo cur ina luí ar dhaoine go bhfuil siad ábalta cúrsaí a reachtáil níos éifeachtaí ná na heagraíochtaí atá ag feidhmiú i láthair na huaire.
"Níl cúis ar bith ann eagraíocht a chur díot muna bhfuil rud inteacht níos láidre le teacht ina háit. Níor cheart glacadh leis seo," a dúirt Líam Ó Cuinneagáin, Cathaoirleach an Údaráis agus Príomh-fheidhmeannach Gaelsaoire.
Bhí cruinniú éigeandála ag Údaráis Thurasóireachta an IarThuiscirt lies an cheist seo a phlé.
Tháinig an cruinniú éigeandála seo sna sála ar mholtaí tuarascáil Bhord Fáilte ina luaitear gur chóir do ionadaíocht a bheith ag baill den phobal, ionadaíocht ag eagraíocht an tionscail féin agus baill ó Fáilte Ireland iad féin ar bhoird réigiúnacha.

  • An scéal i Lá
  • Beartas Forbartha seolta ag ag an Údaráis
    Tosaíochtaí nua ó thaobh na Gaeilge de agus béim ar leith ar na ceantair thearcfhorbartha agus na hoileáin Ghaeltachta

    3/5/2005: Chuir Príomhfheidhmeannach nua an Údaráis Pádraig Ó hAoláin beartas forbartha anÚdaráis do 2005-2010 os comhair na meán inniu. I measc na bpríomh-nithe atá luaite tá réimse tosaíochtaí leagtha síos ag an eagraíocht le tacaíocht a thabhairt don Ghaeilge ionas gur féidir í a bhuanú agus a athfhás mar theanga phobail na Gaeltachta. Ag labhairt dó ag seoladh Beartas Forbartha 2005-2010, dhearbhaigh an Príomhfheidhneannach gurb é príomhaidhm an Údaráis ná forbairt a dhéanamh ar shaol eacnamaíoch agus sóisialta na Gaeltachta ionas gur féidir leis na pobail láidre, labhartha Gaeilge a bpoitéinseal iomlán a bhaint amach.
    Ráiteas ón Údarás


    Caint thréan faoi chóras pleanála

    2/5/2005: Tá an Comhairleoir Contae, Séamus Breathnach ag cur go láidir in aghaidh moladh a rinne an ceannasaí pleanála, Pól Mac an Iomaire - sin go gcuirfí deireadh leis an deis a bhíonn ag Comhairleoirí Contae eolas a fháil roimhré faoin gcinneadh atá le déanamh i gcás iarratais phleanála.
    An scéal i bhFoinse


    Gracias Espana!
    Tacaíocht iomlán ón Spáin don Ghaeilge!

    29/4/2005: Tá tacaíocht iomlán rialtas na Spáinne ag feachtas na hÉireann ar son stádas mar theanga oifigiúil oibre a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach, thug an Taoiseach Bertie Ahern le fios, agus é ag labhairt tar éis casadh le Príomh-Aire na Spáinne Zapatero, i Maidrid, inné. Ar bharr chlár an chruinnithe, bhí ceist stádas don Ghaeilge nó bhí an chosúlacht ar an scéal ar feadh tamaill go raibh an Spáinn chun cros a chur ar iarracht na hÉireann stádas a fháil don Ghaeilge.
    Breis i Lá
    Gwynfor Evans
    1912-2005
    25/4/2005: Fuair Gwynfor Evans bás i rith na seachtaine. B'é an chéad feisire ag Plaid Cymru na Breataine Bige i bParlaimint Westminster é i 1966. Agus bhagair sé dul ar stailc ocrais "go bás" chun seirbhís Breathanaise Teilifíse a éileamh ó Rialtas Mhaggie Thatcher sna hochtódaí. Bunaíodh S4C dá bharr, blianta roimh TG4 na hÉireann! Fear lách Chríostiúil a bhí ann. Ar dheis Dé go raibh sé.
  • An Scéal iomlán ón mBBC (Breatnais)

  • Conradh nua sínithe idir Foras na Gaeilge agus Móinéar Teo
    Foinse slán ar feadh ceithre bliana eile!

    28/5/2005: D'fhógair Foras na Gaeilge inniu go bhfuil conradh nua ceithre bliana sínithe aige le Móinéir Teo., an comhlacht a fhoilsíonn an nuachtán Seachtainiúil Gaeilge Foinse. Is faoi Sceim Nuachtáin Seachtainiúil Ghaeilge 2005 - 2008 a bronnadh an conradh ar fiú €1.28 milliún é thar treimse 4 bliana.
    Breis


    Ó Árann go Meiriceá?

    Tá Aer Árann ag fiosrú na bhféidearthachtaí a bhaineann le heitiltí tras-Atlantacha as iarthar na hÉireann go Meiriceá, dhearbhaigh úinéir na haerlíne, Pádraig Ó Céidigh (ar chlé), is é ag caint le Lá.
    "Ní bheadh sé ar ár gcumas féin tabhairt faoin tseirbhís sin linn féin ag an bhomaite ach tá spéis againn comhfhiontar a fhiosrú idir Corcaigh agus Meiriceá nó idir Cnoc Mhuire agus Meiriceá," ar seisean.
    "Ní dóigh liom go dtarlóidh sé i mbliana ach seans go bhfeicfimid a leithéid ar an bhliain seo chugainn."
    An scéal in Lá


    Cathy Ní Ghoill ar an mBórd arís
    Ceapaithe ag an Aire

    28/5/2005: Bhí Cathy Ní Ghoill ar Bhord an Údaráis sa dtréimshe deireadh,. Tá sí ar Choiste Chomhdháil na nOileán agus is bainisteoir Chomharchumainn Árainn í. Tá Comharchumann Árainn ar cheann de na comharchumainn a roghnaíodh le déanaí le tabhairt faoi phleanáil teanga. Dúirt an Aire "Tá Cathy lárnach san obair fíor-thabhachtach seo le pobal an oileáin. Is bean í le fís do thodhchaí na n-oileán agus na Gaeltachta agus tá mé cinnte go gcuirfidh sí go mór le hobair Bhord an Údaráis."
    Breis


    Slandáil don Aosach sna hOileáin

    26/4/2005: Tá Comhairle Ceantar na nOileán ag cur tacaíocht ar fáil do dhaoine aosta i gCeantar na nOileán atá ag iarraidh cur isteach ar scéim tacaíochta pobail do dhaoine scothaosta atá fógraithe ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe & Gaeltachta. Deir Bainisteoir Comhairle Ceantar na nOileán, Trevor Ó Clochartaigh gur deis iontach é seo don aosach le sásamh intinne a thabhairt dóibh agus iad ag cónaí astu féin.

  • Breis!
    Seirbhís nua don aos óg

    25/4/2005: Seolfar seirbhís nua don óige - Anocht fm - ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar an Luan, 2 Bealtaine 2005. Beidh Anocht fm ar an aer idir 9pm agus 1am, seacht lá na seachtaine. Ag éirí as comhráití agus taighde a rinne RTÉ Raidió na Gaeltachta i measc daoine óga le blianta beaga anuas, is léir go bhfuil bearna sa bhfreastal atá á dhéanamh ar an aos óg. Tá an cinneadh seo beagáinín chonspóideach mar beidh cead ag amhráin Béarla a casadh ar Raidío na Gaeltachta ó bunaíodh í.