Ceol na Mara

Iml 01: Eag 09


Nuacht
TG4


Nuacht na Gaeltachta


Clár RnaG Inniú

Innéacs
Chonamara &
Árann


Cartlann

Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire

culeisteoir@read-out.net
anghaeltacht.net/ce/


Seachtain na Gaeilge

An Cúléisteoir!

Beannachtaí na Féile Phádraig dár gcuairteoirí uile.
Fearg faoi chlár Prime Time faoin nGaeilge
"Na daltaí iad féin ar buile faoin rud."

15/3/2005: Ba 'as comhthéacs' a cuireadh i láthair na tuairimí i leith na Gaeilge a bhí ag daltaí Choláiste Chroí Mhuire, An Spidéal ar Prime Time, dar le Príomhoide na scoile Tríona Uí Mhurchú. "Cuireadh na ceisteanna ar bhealach ar leith ar na daltaí le go bhfaighfí freagraí diúltacha uathu.
Ghlac daltaí an Choláiste páirt i vox pop a rinne an tuairisceoir Keelin Shanley mar chuid de thuairisc a rinne sí ar an nGaeilge do Prime Time oíche Dé Máirt seo caite. "Bhí na gasúir iad féin ar buile faoin rud," adúirt Tríona Uí Mhurchú. "Cuireadh na ceisteanna orthu i mBéarla agus, mar gheall ar sin, d'fhreagair siad na ceisteanna i mBéarla. Dúirt siad gur dhúirt siad go leor rudaí difriúla, ach nuair a rinneadh eagarthóireacht air tháinig sé amach go raibh siad an-diúltach i leith na Gaeilge. Dar leis na daltaí, bhí na ceisteanna curtha ar bhealach le go bhfaighfí freagraí a bheadh diúltach."
Cheapfá ó bheith ag éisteacht leo nach raibh duine ar bith sa scoil ag labhairt Gaeilge."
Féach an scéal iomlán i bhFoinse
Féach ar an gclár féin

TOGHACHÁN '05
Rás don
Údarás san Iarthar!
Tionscal Gnéis faoi rialú rialtas!
Parlaimint na nÓg le plé a dhéanamh ar tionscail an ghnéis

16/3/2005: Beidh athchóirú an tionscail ghnéis faoi chabideal inniu ag Parlaimint na nÓg atá ag teacht le chéile i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh an tseachtain seo. Tá Micléinn triú leibhéal ó dhá thaobh de Sruth na Maoille ag teacht le chéíle i Coláiste na hOlscoile, Corcaigh, chun plé a dhéanamh ar ábhair conspódach. Beidh an diospóireacht ag tárlú go hiomlán trí mhéain Gaeilge na hÉireann agus Gaeilge na hAlban.
Breis


Scór le bheith páirteach sa toghcháin i nGaeltacht na Gaillimhe.
Glasach sa rás

14/3/2005:Dheimnigh Diarmuid Mulcahy ón gComhaontas Ghlas go bhfuil sé ag glacadh páirt i dtoghchán don Údarás.
Fagann sé sin gur scór duine a bheith páirteach sa toghcháin ar an 2ú lá Aibreán. Tá seisear as Fianna Fáil, triúr ag Fine Gael, beirt san Páirtí Daonlathach, duine amháin i Sinn Féin, aqn Comhaontas Glas, agus i Sinn Féin Poblachtach mar aon le seisear nach bhfuil cláraithe in aon pháirtí.
Bhí ar gach éinne de na daoine nach raibh cláraithe leis na páirtithe aithnaithe cúigear déag a thabhairt leo chuig Áras an Chontae chun an ainmniucháin a dhéanamh. Bhí sé i bhfad níos simplí ag baill na bpáirtithe politiúla ach nfheadair an raibh sé chomh daonlathach. Seans go gcloisfaí níos mó faoi seo amach anseo!

Córas Creidiúnaithe d'Aistritheoirí Gaeilge

15/3/2005: Tá iarrtha ag an Roinn Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ar Fhoras na Gaeilge córas creidiúnaithe d'aistritheoirí Gaeilge a bhunú ar mhaithe le tacaíocht a thabhairt do na comhlachtaí a bheidh ag feidhmiú Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Táthar ag súil leis freisin go dtacóidh an córas creidiúnaithe seo le hearnáil an aistriúcháin i gcoitinne agus go gcosnóidh sé cáil aistritheoirí gairmiúla ardchaighdeáin.
Breis faoi seo!


Tuarascáil Tionscnaimh an Choimisinéara Teanga
"An bhfuil an Stát ag fáil luach a chuid airgid ar an infheistíocht?"

14/3/2005:Tá amhras léirithe i dtuarascáil tionscnaimh an Choimisinéara Teanga faoin toradh atá á fháil ag an Stát ar an infheistíocht atá á déanamh i múineadh na Gaeilge.
Deir an Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin ina chéad tuarascáil bhliantúil go bhfuil beagnach 1,500 uair a chloig de theagasc sa Ghaeilge á gcur ar fáil do dhaltaí scoile thar thréimhse 13 bliana, ach fós féin go dtéann cuid mhór acu tríd an gcóras oideachais gan líofacht bhunúsach a bhaint amach sa teanga.
I measc na gearáin bhí 15% dóibh as Co na Gaillimhe. Bhí 26% dóibh as an Ghaeltacht ar fad.

An scéal go léir!


"Ba Chóir Tithe Bhearna a Cheangal leis an Líne Nua Séarachais"

12/3/2005: "Ba chóir tithe, gnónna agus scoil Bhearna a cheangal leis an líne nua séarachais láithreach", arsa Tomás Ó Curraoin, iarrthóir do Shinn Féin Poblachtach i dtoghcháin Údarás na Gaeltachta.
"Bhí ar mhuintir Bhearna cur suas leis an dtrácht ar fad anuraidh nuair a leagadh an píopa séarachais nua amach as Cnoc na Cathrach - ba chóir anois go mbéidís in ann a dtithe, a gcuid gnónna agus a scoil féin a cheangal leis an bpíopa séarachais"


Is coir don Údarás oifigeach óige a ainmniú.
Mícheál Ó Ceannabháin

12/3/2005: Cailleadh Mícheál Mhaire an Gabh ón Árd Thoir i rith na seachtaine. Bá amhránaí den scoth é agus an-eolas ar an sean-nós aige. Ghlach sé páirt go minic i gcomortais Sean-Nós ag an Oireachtas. Bhí bua an cheoil ag a mháthair leis. Fagann sé a bhean, Nóra, iníonacha, deirféar agus neart gaolta agus cairde.

Ar dheis Dé go raibh sé.

12/3/2005: Tá gá le Oifigeach Óige sa Ghaeltacht dár le Sinéad Ní Neachtain (Fianna Fáil). Cabhródh an té seo le áiseanna a sholáthar don aois óg.
Tá sí tar éis scríobh chuig an Aire Ó Cuív ag iarraidh air an smaoineamh seo a chuir leis na haighneachtaí eile atá faoi caibidil aige ar athstruturú an Údaráis.


Stair á dhéanamh ag Sinn Féin?

12/3/2005: Tá Colm Ó Ceannabháin agus a fhoireann i mbun feachtais anois le roinnt seachtainí anuas agus is tuar dóchais agus misneach dóibh an fáilte atá dá chur rompu ar dhoirse Chonamara. Beidh said ag obair leo go tréan i nGaeltacht na Gaillimhe as seo go dtí an 2 Aibreán chun stair a dhéanamh agus ionadaíocht a fháil do Shinn Féin don chéad uair riamh ar bhord Údarás na Gaeltachta.


Ó Cuaig ag seasamh don Údarás arís

10/3/2005: D'fhógair Seosamh Ó Cuaig go raibh sé ag dul ar aghaidh don Údarás. Is ball den Údarás é ó 1992 agus dúirt sé go bhfuil sé ag troid le airgead atá geartha siar ar an Údarás a fháil thar n-ais. Toghadh ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe i mí Meithimh seo caite é.
B'eiseann an ball as Chonamara a fuair an marc is airde sa léarmheas a rinne Breandán Delap i mBeo na míosa seo.


Líon mór vótaí soir á lorg ag beirt

10/3/2005: Tá beirt iarrthóirí do toghchán ag lorg vótaí sna ceantairachaí is laige sa cheantair. Tá 41% de na vótóirí sna háiteacha seo atá ar an Acréidh agus i gcathair na Gaillimhe. Siad Val Hanley (FF) agus Seán Creavan (PD). Tá 33046 vótóirí i nGaeltacht na Gaillimhe agus timpeal 19000 ó Chnoc na Cathrach soir.


Árainn ag caitheamh vótaí ar an lá céanna.

10/3/2005: Comh fada agus is féidir beidh vótáil ar an trí oileaán Árainn ar an lá céanna leis an chuid eile den Gaeltacht na Gaillimhe ar an 2 Aibreán 2005.

Liricí Béarla ar RnaG

15/3/2005: Dúirt urlabhraí thar ceann an Aire Pobail Tuaithe is Gaeltachta, Eamon Ó Cuív go bhfáiltíonn sé go mór roimh fhógra Raidió na Gaeltachta go mbeidh seirbhís nua don aos óg á chur ar fáil acu agus go mbeidh liricí Béarla á gcasadh, Dúirt Ceannaire Raidió na Gaeltachta na dtiocfadh aon athrú seachas sin ar pholasaí teanga an stáisiúin.


Aeróg Raidió na Gaeltachta agus Vodafone

15/3/2005: Tá coiste timpeallachta sásta go gcuirfí treallamh Vodafone thuas ar aeróg Raidió na Gaeltachta ar choineall go ndéanfar taisteál rialta ar léibhéal radaíochta ag teacht ón dtreallamh.


Aighneacht maidir le feidhmeanna agus structúr Údarás na Gaeltachta

11/3/2005: Tá Donncha Ó hÉallaithe tar éis a chuid mholtaí faoin Údarás a fhoilsiú ar an idirlíon. Chuir sé ós comhair An Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag deireadh mí Feabhra.
"Do réir na fianaise atá ar fáil tá teipithe ar Údarás na Gaeltachta an fheidhm sin a chomhlíonadh. Ó bunaíodh an tÚdarás is ag cúlú atá an Ghaeilge 'mar phríomh-mheán cumarsáide sa Ghaeltacht' agus tá obair an Údaráis ag cuidiú leis an gcúlú sin, tré deontais fostaíochta a chur ar fáil gan chúinsí teanga a chur san áireamh," dár leis.
Tá seacht moltaí ginearalta aige agus dosaen eile moltaí don mbórd.
Leigh an aignneacht iomlán.


"Bunscoil ró-bheag dúinn!"

11/3/2005: Tá 112 daltaí ag freastail ar Scoil Bhríde sa Mhion Loch agus níl go leor spás dóibh. Dúirt Seán Creaven, iarrthóir i dtoghcháin an Údarás, nach bhfuil sé seo sásúil ar chor ar bith. "Tá cúrsaí sláinte agus sabháltacht i gceist anseo," a dúirt sé, "agus tá gear gá le méadú ar an fhoirgneamh fhéin nó ar a laghad pre-fab." Cé gur aontaigh ailtire na roinne le plean mar seo ní raibh aon airgead i mbuiséad na roinne dó.


Údarás agus Éircom cáinte

11/3/2005: Fagadh Ros Muc agus áiteanna eile "iargúlta" sa ráitisí deireannach i dtaobh sholáthair choras leathan bhánda i gConamara le déanaí, dár le iarrathóir Shinn Féin, Colm Ó Ceannabháin.


Droch chumadh ar Ghalf Chúrsa

10/3/2005: Tá roinnt de bhaill Ghailf Chumain Chonamara in Eanach Mheáin an-mhíshásta leis an gcrut ar an gcúrsa. Tá moill ar obair ar an gcúrsa toisc nach bhfuil cuid de na baill sásta na táillí a íoch.