|
Ceannaire nua ag Comhhairle Ceantair na n-Oileán
24/3/2005: Tá bainisteoir nua ceaptha ag Comhairle Cheantair na n-Oileán. Fógraíodh Trevor Ó Clochartaigh mar bhainisteoir nua agus tá Caroline uí Ráinne ceaptha mar bhainisteoir cúnta. Is duine den fiche iomatheoirí don sé suíochán ar bhórd an Údaráis é Trevor. Seas Caroline don Chomhairle Chontae anuireadh.
|
Mary agus Enda i gConamara
24/3/2005: Tá ceannaire an Phairtí Daonlathach, An Tánaiste Mary Harney, agus ceannaire Fhine Gael, Enda Kenny, le bheith i gConamara inniú ag stocaireacht ar son iarrathóirí a bpártaithe éagsúla do toghchán.
|
Laoch ar lár
Pól Ó Foighil 1928-2005
22/3/2005: Cailleadh Pól Ó Foighil inné.
Bhí sé an ghníomhach i nGaeltacht na Gaillimhe ó na seascaidí, i gColáistí Gaeilge, Comhair Chumain in Inis Meáin, Inis Bhigil, ins na hOileán. Ba bhall de Fine Gael é agus chaith sé seal mar Seanadóir, agus bhí sé sa Chomhairle Chontae agus ar Bhórd Údaráis na Gaeltachta go dtí anuireadh.
Fágann sé bean, Chris, agus seisear clainne.
Ar dheis Dé go raibh sé.
Ráiteas ó cheannaire Fhine Gael (Béarla amháin)
Ritheadh rún comhbhrón ag cruinniú Choiste Phobal an Cheathrún Rua aréir.
|
Tine i mBaile na hAbhann
Duine san oispidéal
23/3/2005: Dódhadh oifig an Phoist i mBaile na hAbhann aréir. Bhí dhá aonad den briogáid dóiteán ag an láthar agus togadh fear amháin chuig oispidéal ach nach bhfuil sé go dona. Tá oifig Bhaile na hAbhann dúnta le roinnt mhaith míosa agus níl fhios ag éinne cén uair a nosclófar arís í. Tá an Garda Síochána sásta gur timpist a bhí ann.
Tá na páipéar dá saghnail!
Tony Murphy, oifigeach le Comhairle Chontae na Gaillimhe, agus John Bhaba Jeaic ag clarú don toghcháin.
|
"Is leor post amháin do dhuine amháin!" deireann John Bhaba Jeaic
23/3/2005: Tá sé soiléir go mbeadh buntáiste mór don phobal ann dá gcuirfidh cosc ar dhaoine a bheith ar an Údarás agus ar an gComhairle Contae. Thabharfaidh sé seo deis do dhaoine nua theacht isteach sa chóras pholaitíocht chun oibriú ar son na daoine agus bheadh na comhairleoirí contae in ann díriú isteach ar obair an chomhairle contae. Seachas an chaoi a bhfuil rudaí faoi láthair áit atá sé dodhéanta ag duine amháin obair an chomhairle Contae agus obair an t-Údarás a dhéanamh go sásúil.
An ráiteas iomlán
Ceist scoile mar a bhí sé deich mbliana ó shin
23/3/2005: Tá comhfhreagras faighte ag Ó Clochartaigh ón Aire Gnóthaí Pobail Tuaithe & Gaeltachta, Éamon Ó Cuív a léiríonn nach bhfuil aon dul chun cinn déanta maidir le scoil nua a thógáil san Áird Mhóir. Sé an chomhairle a chuireann an Aire ar Chathaoirleach na scoile ná nach bhfuil an láthair ar a bhfuil an scoil lonnaithe feiliúnach le haghaidh uasghrádú agus go gcaithfear suíomh nua a chuartú má tá scoil nua le thógáil. 'Tá muintir na hÁirde Móire san áit céanna is a bhí siad deich mbliana ó shoin, anois', dár le Ó Clochartaigh de bharr mí-éifeacht agus easpa cumarsáide na Roinne Oideachais.
An ráteas iomlán
Triathlon Chonamara ar mhaithe le Bád Tárrthála Charna agus na nOiléan
22/3/2005: Sheol an tAire Éamon Ó Cuív, TD agus an Réalt Teilifíse Hector Ó hEochagáin Triathlon Chonamara inné. (Agus ón bpictiúir seo níl fhios againn an "seol" an focal ceart ar a rinneadar!!!)
Le cuidiú le Bád Tárrthála Charna agus na nOiléan, tá sé i gceist an chéad Triathlon ariamh a eagrú i gConamara. Beidh 750m snámh sa rása i dtosach agus ansin 40km rothíocht agus ansin ar deireadh 8km rith. 'Sé an Satharn 2 Iúil'05, 'LÁ TRIATHLON CHONAMARA'
I mí Méan Fómhair anuireadh bhuail trágóid uafásach Ceantar Charna i gConamara. Báthadh ceathrar fear den trálaer An St. Oliver agus í ar a bealach as Leitir Ard go Ros a’ Mhíl, nuair a caitheadh i dtír í ar Oiléan Lachan amach de Chósta Mhuighinse. Ní ar Charna amháin a ghoill an tragóid seo ach ar phobal an chósta fré chéile ón gCloigeann go hÁrainn. agus soir go Gaillimh féin.
Is as comhbhrón, comhbhá, agus comhoibriú an phobail le linn an chuardaithe do choirp na bhfear sna laethanta fada i ndiaidh na tragóide a tháinig an smaoineamh gur theastaigh seirbhís thárrthála farraige go géar sa gceantar. Níorbh é a céad uair é, ag an bhfarraige ag éileamh a coda ar na carraigeacha sceirdiúla seo.
Is fiú breathnú ar an suíomh acu!.
Ocht bpointe déag i bpolasaí Sheosaimh!
21/3/2004: "Má éiríonn liom an iarraidh seo bainfidh mé úsáid as an Údarás, as an gComhairle Contae agus as Údarás Forbartha an iarthair le 18 pointe polasaithe a bhaint amach," a dúirt Seosamh Ó Cuaig agus é ag seoladh iad ar a shuíomh idirlíon.
Tá dhá théarma caite aige ar an Údarás anois. Ba é an dara duine as Conamara a toghadh ar an gComhairle Contae anuraidh é.
Tá sé sa gComhaontas Teicniúil a bhfuil ceannas acu ar an gComhairle Contae. Is ball ceaptha freisin ar Údarás Forbartha an Iarthair, agus ar choistí eile.
Léigh na pointe duit féin!
Ait go leoir níl suíomh idirlíon ach ag beirt de na hiarrathóirí i gConamara, Seosamh Ó Cuaig agus Tomás Ó Curraoin
|
Grúpscéim uisce Ghleann an Mháma, Co. na Gaillimhe le fhorbairt
18/3/2005: Tá fograithe ag Éamon Ó Cuív T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta go bhfuil deontas forlíontach Gaeltachta de €35,433 ceadaithe aige chun ghrúpscéim uisce Ghleann an Mháma, a fhorbairt. Tógann sé seo go €249,154 an deontas ar fad atá ceadaithe don sceím seo idir CLÁR agus deontais Ghaeltachta. Tá 93 teach anois ceangailte leis an scéim. Is €960,326 costas iomlán na Scéime agus is ón Roinn Comhsaoil, Oidhreachta agus Rialtas Áitiúil agus ó ranníocaíochtaí príobháideacha a íocfar an t-iarmhéid.
Suíochán faoi leith ag Árainn
18/3/2005: Dúirt Jimí Ó Lorcáin , iarrathóir PD i dtoghcháin ÚnaG, gur ceart ionadaí faoi leith a bheith ag na trí oileain Árann ar bhoird an Údaráis chun cothram na féinne a thabhairt dóibh.
|
Coinníollacha Teanga Dleathach agus Dlisteanach
Tuairisc feicthe ag TG4
17/3/2005: Níl na coinníollacha teanga atá leagtha síos maidir le cúrsaí pleanála sa Ghaeltacht ag sarú an Bhunreachta ná ag sarú dhlíthe na hEorpa. Tá seo tugtha le fios i dtuarascáil úr ó Chumann Dlí na hÉireann agus atá feicthe ag Nuacht TG4. Bhí tógálaithe agus ceanntálaithe ag bagairt dúshlán na gcoinníollacha teanga a thabhairt sa Chúirt mar go gciallaíonn na coinníollacha, a deir siad, go gcaithfidh siad céadatán dá bhforbairtí sa Ghaeltacht a dhíol le daoine a bhfuil caighdeán sásúil Gaeilge acu.
An bhfuil sé á fheidhmiú? An tAcht Pleanála 2000 agus an Ghaeltacht - Páipéar le Donncha Ó hÉallaithe
|
|