TOGHACHÁN
2005

Rás don
Údarás san Iarthar!

Iml 01: Eag 11


Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht na Gaeltachta


Clár RnaG Inniú

Innéacs
Chonamara &
Árann


Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire

culeisteoir@read-out.net
anghaeltacht.net/ce/


Cuaig, Seosamh Ó Uimhir 1

An Cúléisteoir!

Lán tacaíocht ó McDowell

31/3/2005: Ar chúirt dó chuig Teach an Phiarsaigh inné thug an Aire Dlí agus Cirt, Michael McDowell lán tacaíocht do ionad oidhreachta ann. Ní raibh fhios aige cén cúis atá leis an mhoill. Bhí an Aire I gConamara ag tacú le iarracht Jimí Ó Lorcáin I dtoghchán an Údaráis. Thug sé cúirt ar an gCnoch agus ar Ros a'Mhíl.
Inné d'iarr Séosamh Ó Cuaig ar an Aire, miniú ar an mhoill ar obair ar an ionad ag dTeach an Phiarsaigh


Lagan ar phobal Chamuis

Imní faoin bPápa

Eoin Pól II ar an gCéadaoin.
30/3/2005: Tá lagan mór tagtha ar sheirbhísí pobail í gceantar Chamuis le roinnt blianta anuas agus taispeánann na figiúirí is deireanaí go bhfuil an líon gasúr sa scoil ansin ag laghdú as éadan freisin.
An scéal i bhFoinse


Toghcán an Údarás
Réamhmheas ar thoghchán Údarás na Gaeltachta le hÁine Ní Chiaráin I bhFoinse.
Banda leathan de dhith
Cruinniú I gCois Fhairrige

31/3/2005: Bhí cruinniú sa Sean Scoil Sailearna aréir ag breathnú ar an éileamh ar chóras leathna bhanda I gConamara. Is cosúil go bhfuil cabla snáthoptaice curtha ag Éircom a sníonn amach ó Ghaillimh anoir go Chasla, ó thuaidh go dtí an Teach Dóite agus thar n-ais go Gaillimh agus go bhfuil siad chun na malartáin ar an line sin a chuir in oiriúnt I gcionn bliaina. Siad na malartáin atá I gceist ná An Spidéal, Indreabhán, Casla, Uachtair Árd agus Maigh Chuileann.
Breis faoi seo


Cuireadh seachtain a chaitheamh leis an Aire Gnóthach Gaeltachta
"Má cheapann sibh go bhfuil saol bog agamsa, caith seachtain liom!" - Ó Cuív

30/3/2005: Sin an cuireadh atá tugtha ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, d'iriseoirí a mhaíonn go mbíonn an iomarca laethanta saoire ag Teachtaí Dála. Sheol an tAire an cuireadh go dtí na meáin náisiúnta an tseachtain seo caite tar éis gur facthas dó go raibh borradh tagtha arís faoin "media sniping" mar a thug sé fhéin air. Agus a chuireadh tugtha, rinne an tAire cur síos ar an obair a dhéanann sé.
Breis ó Fhoinse


Bhfuil do cháin suas chun data agat!

30/3/2005: Briseadh isteach chuig Oifig Chánach Bhéthiclí ar an gCeathrú Rua I rith na deireadh seachtaine fada. Nuair a thánaig an foireann thár n-ais ar an Máirt fuaireadar amach gur éirigh leis na robálaithe an taisceadán san oifig a oscailt. Tá an oifig dúnta go dtí go bhfuil fiosrúchán na nGárdaí thart.

Ó Clochartaigh i gcoinne díol maoine an Údaráis

29/3/2005: Tá sé ráite ag an iarrthóir pobail i dtoghchán Údarás na Gaeltachta, Trevor Ó Clochartaigh go bhfuil neart go bhféadfaí a dhéanamh le sochmhainní an Údaráis seachas a bheith dhá ndíol le costaisí reatha na heagraíochta a chlúdach.
An tUachtarán ag teacht Máire Mhic Giolla Íosa

29/3/2005: Tá Máire Mhic Ghiolla Íosa le oifig an Choimisinéara Teangan a oscailt go hoifigiúil i lár na míosa seo chugainn.


Bheadh seisean i bhfábhar an tÚdarás a bheith ag dul i bpáirt leis na Comhairlí Condae, an Roinn Comhshaoil agus an pobail áitiúil le tacú le bunú Comharchumainn tithíochta le áiteanna cónaithe ar phraghas réasúnach a chur ar fáil do óige na Gaeltachta agus le áiseanna spraoi a chur ar fáil.
An scéal iomlán


Vótáil FF an Sathairhn seo ar son muintir na Gaeltachta - Ó Cuív

29/3/2005: i ráiteas (a fuair poiblíocht ar suíomh Fhianna Fáil - an chéad píosa i nGaeilge le fada ar an suíomh áirithe sin!), mhol an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív TD, vótóirí Fhianna Fáil sna seacht áiteanna Ghaeltachta sa tír tacú a thabhairt d'iarrthóirí an pháirtí i dtoghcháin Údaráis na Gaeltachta an Sathairn seo.
An scéal iomlán

Duine as Tuar Mhic Éadaigh! a Aire!

29/3/2005: Toisc nach bhfuil éinne as an gceantair tá muintir Thuar Mhic Éadaigh ag iarraidh ar an Aire Ó Cuív duine ón gceantair a ainmniú ar an bhórd an Údaráis. Beidh ar an Aire triúir a ainmnú nuair atá an cómhraimh thart. Beidh an toghchán ar an 2 Aibreán agus an comhaireamh ar an lá dar gcionn.


Scéal mór Seachtain na Gaeilge

25/3/2005: Tá Lá 'le Pádraig imithe arís do bhliain amháin eile agus muid uilig tagtha slán as, buíochas mór le Dia. Sé an scéal is mó ó thaobh Seachtain na Gaeilge i mbliana ná SnaG '05. Seo an albam nua, i nGaeilge, a eisíodh i gcóir Sheachtain na Gaeilge i mbliana. Tá cuid de na ceoltóirí is mó cáil sa tír seo le cloisteáil ar an albam céanna. Leithidí Paddy Casey, John Spillane, Liam Ó Maonlaí, The Devlins, Kila, The Frames, Mundy, Caliban, The Walls, Nina Hynes, Bowsie agus Morgan the Bouncer. Is léir go bhfuilim féin ag dul in aois agus ag éirí neamh-fhaiseanta nuair a deirim nár chuala mé roinnt mhaith acu siúd riamh cheana. Ach táim chun an scéal sin a réiteach láithreach agus ní tharlóidh sé dom arís choíche.
An scéal sa Connacht Telegraph


An ceol seinnte!
Seán McGuire - 1925-2005

24/3/2005: Chaill muid roinnt cháirde cheoil le déanaí, Donncha Ó 0uineacháin an rinnceoir, Mícheál Mhaire an Gabh agus anois tá an nuacht faighte againn go bhfuil fear mó an fhidil, Seán McGuire imithe ar shlí na fírine. Bhí mór mheas ag veidhlideoirí an domhain ar an fear chiúin seo as Béal Feiriste, daoine mar Fritz Kreisler agus Yahudi Menuhin. Bhí stíl faoi leith aige nach bhfuil a leithéad le fail anois. Cineál pósadh idir ceol na hÉireann, ceol claisiceach agus snag ceoil a shein sé agus bhí fhios ag an éisteoir go raibh sé ag baint sult as a gcuid cheoil i gcónaí. Go seinfidh sé ceol na naingeal i gcónaí ar neamh as so amach!

Deireadh le Spiddal!
Stádas logainmneacha na Gaeltachta i bhfeidhm

28/3/2005: Tá ordú chun logainmneacha oifigiúla Gaeilge do na limistéir Ghaeltachta dearbhaithe le cur i bhfeidhm,inniú - Luain Chasca.
Ní cheadaíonn Acht na Teangacha Oifigiúla an leagan Bhéarla a úsáid feasta in Achtanna an Oireachtais nó in Ionstraim Reachtúla, nó ar chomharthaí bóthair nó sráide nó ar Léarscáileanna Suirbhéireachta Ordanáis (tá mionsonraí faoi na léarscáileanna a bheidh clúdaithe faoin bhforáil seo le leagadh amach i rialacháin).
Féach ar an liosta ar suíomh An Coimisiún Logainmneacha


Cuid den aon faoin gcéad!
Ráiteas Éamo ar an nGaeilge sa Dáil

25/3/2005: Is mar seo a chriocnaigh Éamon Ó Cuív a ráiteas sa Dáil ar an nGaeilge ar an gCéadaoin:"Caithfidh mé a rá go bhfuil áthas orm mo chuid comhleacaithe a chloisteáil inniu ag úsáid an Ghaeilge ina gcuid cainte inniu. Cé go núsáidim í go minic sa Dáil, is ábhar díoma dom a fheiceáil i dTuarascáil an Choimisinéara Teanga nach núsáidtear an Ghaeilge ach 1% den am i díospóireachtaí Dála. Níl a fhios agam an neamhaird na mór mheáin Béarla ar óráidí i nGaeilge is cúis le seo ach tá súil agam gur tús mhaith inniu é ar an obair atá amach romhainn an fhigiúr sin a árdú go mór."
An ráiteas iomlán


Moladh ón Irish Times do RnaG!

25/3/2005: i dTuairascáil an Irish Times deirtear: "Molaimis Raidió na Gaeltachta as cinneadh cróga a dhéanamh agus seirbhís bhreise a bhunú a bheidh dírithe ar dhaoine óga go príomha agus ina mbeidh cead ag láithreoirí amhráin Bhéarla a chasadh."
An alt iomlán


Téir siar ó thuaidh! "Go Connemara!"

24/3/2005: Seoladh suíomh nua turasóireachta d'iarthuaisceart Chonamara aréir. Glaoghtar an "Connemara Loop" ar an turas seo agus síneann sé ón dTeach Dóite siar go Renvyle. Tá suíomh an mhaith agus thar a bheith proifisiúnta ag "Go Connemara" (Béarla amháin)


Bunreacht na hEorpa ar líne

24/3/2005: Tá suíomh nua ag Bhunreacht na hEorpa ag http://www.europeanconstitution.ie/, D'fhógair Noel Treacy, Aire Gnóthaí Eorpacha é seo níos túisce sa tseachtain. Cé go bhfuil sé soiléar go bhfuil an suíomh dírithe ar Bhéarléoirí tá téacs na bunreachta, agus leabhrán minithe le híoslódáil i nGaeilge ann leis.