TOGHACHÁN
2005

Rás don
Údarás san Iarthar!

Iml 01: Eag 12


Cartlann


Nuacht
TG4


Nuacht na Gaeltachta


Clár RnaG Inniú

Innéacs
Chonamara &
Árann


Foilsithe ag
Foilsitheoirí Read-out
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara
Éire

culeisteoir@read-out.net
anghaeltacht.net/ce/


rua teleafón

An Cúléisteoir!

Rabhadh ón Aire

12/4/2005: Dá ndíbreofaí ceantair i gcathair na Gaillimhe is an Achréidh ón nGaeltacht, b'amhlaidh go laghdófaí an líon ionadaithe atá ar Bhord Údarás na Gaeltachta ó Ghaillimh. Sin an rabhadh a thug an tAire Gnóthaí Tuaithe, Pobail is Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, tar éis gur tógadh ceist faoin bhealach ar toghadh beirt ionadaithe ar Bhord an Údaráis le vótaí a caitheadh go mór mór i gceantair laga Ghaeltachta ar nós Chnoc na Cathrach, ar imeall iartharach na cathrach, agus an Achréidh.
An scéal i Lá


Éigse an Spidéil

12/4/2005: Beidh Éigse an Spidéil, féile ealaíne an Spidéil, ar siúl ó 14 - 17 Aibreán. Beidh imeachtaí ceoil agus liteartha ar siúl mar chuid de chlár na féile, an seoladh leabhair thuas san áireamh. Tá tuilleadh eolais le fáil ó Chaitríona Ní Oibicín

Buíochas ón Aire

6/4/2005: Thug an Aire Éamon Ó Cuív, T.D., Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta aitheantas do na Cinn Chomhairimh a rinne éacht mhór i reáchtáil an toghcháin d'Údarás na Gaeltachta ar an 2 Aibreán 2005, le tacaíocht leis na réamhullmhúcháin ó oifigigh dá Roinn féin. Is cúis mhór sásaimh don Aire go ndearnadh rud stairiúil ar an ócáid seo sa mhéid is gur reáchtáladh an toghchán ar na hoileáin Ghaeltachta ar an lá céanna is ar an mórthír. Rinne an tAire suntas chomh maith gurb í seo an chéad uair a bhí na socruithe don toghchán á ndéanamh in oifig na Roinne Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta sna Forbacha.
An scéal iomlán


Dochar déanta ag an mbanc

6/4/2005: Tá dochar mór déanta i sráidbhailte in iarthar na Gaillimhe agus Mhaigh Eo ag imeacht an Bhainc Taistil bliain go ham seo. In Aibreán, 2004 a chuir Banc na hÉireann deireadh leis an tseirbhís seo in áiteanna go leor i gConamara agus in iarthar Mhaigh Eo. Bhí feachtais i chaon áit acu ag iarraidh go gcoinneofaí an tseirbhís, ach níor ghéill Banc na hÉireann.
An scéal i bhFoinse


Toghchán 2005
Pádraig Ó	Biadha
Pádraig Ó Biadha
Fianna Fáil
Colm Ó	Ceannabháin
Colm Ó Ceannabháin
Sinn Féin
Aine Ní	Chiarragáin
Aine Ní Chiarragáin
Fine Gael
Trevor Ó	Clochartaigh
Trevor Ó Clochartaigh
Neamh Spleách
Seán 'ac Coistealbha
Seán 'ac Coistealbha
Neamh Spleách
John Bhaba Jeaic
John Bhaba Jeaic Ó Conghaile
Neamh Spleách
Seán	Creavan
Seán Creavan
Páirtí Daonlathach
Seosamh Ó Cuaig
Seosamh Ó Cuaig
Neamh Spleach
Tomás Ó	Curraoin
Tomás Ó Curraoin
Sinn Féin Poblachtach
Connie Ní	Fhatharta
Connie Ní Fhatharta
Fianna Fáil
Val Hanley
Val Hanley
Fianna Fáil
Seosamh Ó	Laoi
Seosamh Ó Laoi
Fine Gael
Jimí Ó	Lorcháin
Jimí Ó Lorcháin
Páirtí Daonlathach
Diarmaid Mulcahy
Diarmaid Ó Mulcahy
Comhaontas Ghlas
Éamon Ó 	Méalóid
Éamon Ó Méalóid
Fine Gael
Sinéad Ní	Neachtain
Sinéad Ní Neachtain
Fianna Fáil
Mossie Joyce
Mossie Joyce
Neamh Spleách
Séagh Mac	Siúrdáin
Séagh Mac Siúrdáin
Neamh Spleách
Seán Ó	Tuairisc
Seán Ó Tuairisc
Fianna Fáil
Séamus	Walsh
Séamus Walsh
Fianna Fáil
Torthaí sa deireadh
Beirt nua as an oirthear agus Fine Gael gan áit.

5/4/2005: Ghéill Seosamh Ó Laoi inné agus mar sin siad seo na baill nua den Údarás i nGaeltacht na Gaillimhe. Seán Ó Tuairisc (FF), Seosamh Ó Cuaig, (NS), Connie Ní Fhartharta, Val Hanley, Séamus Breathnach, (FF ar aon) agus Seán Creaven. Fagann sin Fine Gael gan suíochan agus beirt don chéad uair ag an Acraidh agus Cathair na Gaillimhe (Hanley agus Creavan).


Eoin Pól II
1920-2005


Cathair na Vaticáine
Athchhomhaireamh!

4/4/2005: Aréir go déanach socraíodh ar athchomhreamh ar torthaí Thoghchán an Údarás i nGaillimh ag an scoil cuimsitheach ar an gCeathrú Rua. Is cosúil go mbeidh suíochán ag Seán Ó Tuairisc (FF), Seosamh Ó Cuaig,(NS) Val Hanly,(FF) Connie Ní Fhatharta,(FF) Seamus Breathnach agus Seosamh Ó Laoi nó Seán Creavan (PD).


Maoiniú breise ceadaithe chun Scéim na gCúntóirí Teanga a leathnú go 5 scoil bhreise anseo

2/4/2005: Cheadaigh an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív T.D., maoiniú breise inniu de €8,378.37 faoi Scéim na gCúntóirí Teanga do CUMAS Teo., a riarann an scéim i nGaeltachtaí na Gaillimhe, Mhaigh Eo agus na Mí. Leis an maoiniú seo, beidh CUMAS Teo. in ann cúig scoil bhreise a chuimsiú sa Scéim.
An scéal iomlán


Conspóid pleanála i gCill Chiaráin

1/4/2004: Ainneoin go bhfuil An Bord Pleanála ag seasamh le cinneadh Chomhairle Chontae na Gaillimhe faoi chead pleanála do chóras cóireála eisilte éisc i gCill Chiaráin i gConamara tá bean as an áit, Katie McGrath le dul chun cúirte faoin gcinneadh. Tá an dabhach cóireála ag freastal ar mhonarcha de chuid Údaráis na Gaeltachta agus dúirt leas phríomhfheidhmeannach de chuid an Údaráis go bhfuil stádas an chead pleanála anois soléir.


Dearcadh Shinn Féin ar an dtoghchán

1/1/2004: "Ba mhaith liom an forógra toghcháin seo a mholadh do chách a bhfuil suim acu i gcosaint agus i bhforbairt na nGaeltachtaí in Éirinn. Is le fada an lá anois a mbíonn Sinn Féin i mbun toghchán ag gach leibhéal sa tír seo, ó thuaidh agus ó dheas. Anois, sna toghcháin seo d'Udarás na Gaeltachta tá an páirtí - tríd ár dtriúr iarrthóir - ag tabhairt faoin dúshlán ionadaíocht chuí a dhéanamh ar son muintir na Gaeltachta." Mar sin a labhair Gerry Adams inné.
An ráiteas iomlán