Lá an Tobair
9 Meitheamh
Tá an píosa scríofa faoi Lá an Tobai is leabhair a scríobhadh sa Seachtó Aois Déag ag Ruairí ó Flatharta a foilsíodh i Londain, Sasanaa sa bhliain 1684. Seo píosa a scríobh Tim Robinson (aistrithe ag Liam Mac Con Iomaire sa bhliain 2002.

    Tá an ceantar a dtugtar Maighros air, ar an gcósta díreach taobh thiar den Tulaigh, luaite ag Ruairí ó Flatharta ina West or h-Iar Connaught mar seo:

    Séipéil an Tulaí
    Séipéil na Tulaí
      "At Maerras is an altar of St Columb-Kille by a brooke, and his well within the sea shore. His feast is celebrated on the 9th of June."

    Ceiliúrtar an fhéile anseo mar is é an "well within the sea shore" an tobar is cáiliúla de na toibreacha beannaithe éagsúla atá tiomnaithe don naomh seo ar chósta theas Chonamara, agus tá scoil na Tulaí agus séipéal na Tulaí ainmnithe i ndiaidh Naomh Colm Cille.

    Séipéil an Tulaí
    Bád Choilm Cille
    Go deimhin ní tobar amháin ach dhá thobar beannaithe atá sa gcladach anseo. Tá ceann acu suas le 150 slat taobh thíos den snath mara agus ó dheas-siar-ódheas ón tseanreilig, agus tá an ceann eile 150 slat eile soir-ó-dheas ón gcéad cheann agus níos do thaobh nas Cloiche Móire den chuan. Poll coire mór atá i chaon cheann acu, i gcarraig a dtagann an taoille uirthi (ní toibreacha fíoruisce iad) agus ní féidir teacht orthu ach nuair atá bhíonn an taoile amuigh.

    De réir an tseanchais tháinig Colm Cille i dtír anseo as árainn agus tá an chloch mór ar sheol sé anall uirthi, Mullán Cholm Cille, a bhfuil déanamh tosach báid Uirthi, le feiceáil i mbarr an chladaigh, díreach thíos faoin tseanreilig.

Camchuairt Chonamara Theas (c)Tim Robinson/Liam Mac Con Iomaire
Baile

1684
1816
1963
1995
1997
2010
2011