Lá an Tobair
9 Meitheamh
Féile Lá'n Phátrúin 2023 - Colm Cille (Lá an Tobair)
9 Meith 2023
I mBliana beidh Aifreann ar an dtrá ar 19.00 agus beidh muintir na h-áite ag déanamh na toibreacha go ciúin agus go traidisiúnta sa lá.


Freascó de Bhád Choilm Cille ar bhalla Scoil Choilm Cille na Tulaigh!

Ag na toibreacha!
>Lá'n Phátrúin. Daoine ag déanamh turas ar an tobar mór.

Tá tradisiún a théann fada siar ag muintir Chonamara turas nó oilthreacht a dhéanamh chuig Toibreacha agus Bád Choilm Cille ag Reilig Mhuighreas. Tá tagairt deanta ar chomh fada siar leis an seachtú aois deag.

PostaerTá tagairt eile deanta i litir ó báille an Tiarna Talún chuig Fear Ionad an Rí i mBaile átha Cliath sa bhliain 1816.

Níos deanaí fós tá cúntas ar an lá scríofa ag Johnny Choil Mhaidhc Ó Coistealbha, beannacht Dé leis, ar a thárla sna seascaidí san aois seo caite. Tá Johnny anois curtha san reilig láimh leis an trá ann anois! (Tá súil againn é seo a fhoilsiú níos déanaí, LCD!)

cúntas eile ag fear áitiúil eile Coilimín a' Fhátharta, a scríobh i nochadaí na haoise seo chaite.

Is mar seo a deinadh turas na toibreacha i gcuimhne na daoine sular thosaigh an nós an tAifreann Naofa a céiliúradh ar an lá ar an dtrá. San lá atá inniú ann bíonn sé deachair sagart a fháil chun Aifreann a rá.

Sa bhliain 1997 bhí comóradh ar cúig mbliana déag míle ó fuair Colmcille bás i 597 ar oileán Í ar chosta na hAlbain. Foilsíodh leabhrán ag Scoil Cholimcille na Tulaí agus tá píosaí ón leabhair seo anseo idir pictiúirí, dánta, páidreacha agus eile bailithe anseo freisin.

Le déanaí bhí nós Aifreann a rá ag an trá ach ní raibh sé sin mar a thárla sé ó thús agus tá Muintir na háite dílis don oilthreacht ar an lá sin i gcónaí.

Sa bhliain 2011 d'éirigh leis an gcoiste, fo-chuiste de chuid Coiste Phobal na Tulaigh, duais spéisialta, Duais Chumann na Sagart, a fháil.


Na píosaí ealaíona a rinne gasúir SN na Tulaí leis an ealaíontóir Nuala Ní Fhlathúin sa bhliain 2013

An Naomh ar a bhád - Fuinneog i Séipéal na Tullaigh

Gaelscél

Alt faoin bPátrún i nGaelscéal 30/6/2012 (pdf)

Foinse
Alt faoin Lá ar líne ag Foinse
6/6/2012


Bronnadh Duais Chumann na Sagart
Bronnadh Duais Chumann na Sagart Glór na nGael 2011 ar Coiste an Phatrúin na Tulaí sa Bhliain

Cérbh é?

1684
1816
1963
1995
1997
2010
2011

Comortas na Scoileanna
Pictiúirí
2012