Colmcille i seanchas na ndaoine
Seo píosa a scríobh Coilimín an Fhárthara as Indreabhán (An Bhánrach ó dhúchas) faoi lá an phatrúin, ach níl aon dáta air, ach gur brandáiliú in Aras Mháirtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua i mí Iúil, 1995.
"Bhí an dá ainm air - Lá an Phatrúin a thugadh 'muid a bhí cúngarach' don tobar air, 'agus Lá an Tobair a thugadh muintir an taobh amuigh ar fud Chonamara air', adeir Coilimín.
An trá le "Bád Choilmcille" beagnach sa lár agus an sean reilig "An sean reilig is aosta sa tír.." ar dheis
Seo é an méid eile a bhí le rá aige:
Ba lá mór a bhíodh ann dúinne ar chaoi ar bith mar is iomaí sin eachtra a bhíodh ann nach bhfeicfeadh muide arís go dtí bliain ón lá sin. Bhíodh chuile rud socraithe an oíche roimhe - chaitheadh na tithe bheith geallta le aos agus stócáilte agus reitigh toabh istigh agus taobh amuigh. Chuirtí tornóg aoil thrí lasadh i mbeagnach chuile theach sa mbaile, le h-aghaidh an oiread seo aoil bheith ann a dhéanfadh le h-aghaidh lá an phatrúin.
Anois, thagadh na sluaite ar an bpatrún agus thagadh na sluaite ag an tobar le turas a thabhairt ar dhá thobar Cholmcille. Tá siad píosa síos ansin sa gcladach agus bhídís socraithe an tráth le h-aghaidh an turais a thabhairt - le trá rabhartha. Anois, bhí na sluaite ag déanamh ar na toibreacha sin ar maidin agus ag dul timpeall orthu. Théadh siad seacht n-uaire timpeall agus paidreacha á rá acu, agus thógaidís seacht gcinn go fhaochain nó cloche le ceann a chaitheamh isteach sa tobar, le mar a bhí siad ag dul timpeall. Ní bhíodh smid ná smaid ná caint le cloisteáil an fhad is bhíodh an turas á thabhairt, ach chuile dhuine ag guí go tréan agus iad ag breathnú an-déamhóideach.
Bhí dhá thobar ann, agus thugtaí an turas ar an dá thobar ina mbunaíochaí, agus thugadh an triú turas i sean reilig Mhaighris. An sean reilig is aosta sa tír ná is aosta ar an mapa in aon áit. Tá an sean reilig chomh sean, b'fhéidir tá dátaí ann a thabharfadh siad tú go dtí cheithre chéad bliain nó b'fhéidir níos moiche. B'shin é an áit a gcríochnaíonn an turas; agus ansin thagaidís aníos ag crossbhóthar a raibh ansin a mbíodh an patrún ann.
Bhíodh na sluaite ansin cruinnithe le chéile. Bhíodh ceol agus spoirt agus amhráin agus is íomaí sin eachtra a bhíodh ar siúl ann. Bhíodh chuile theach oscailte go balla agus fíor chaoin fáilte roimh chuile dhuine le tae a réiteach ins na tithe in aisce agus fáilte ag muintir an bhaile roimh chule dhuine ba chuma coimhthíoch ná muinteartha é agus bhí an lá sin uilig tugtha suas acu do naomh Colmcille.
Maidir leis an dá thobar sin anois, tá ceann acu ansin, tá sé thíos sa strapa, agus níl sé chomh mór leis an gceann eile, agus bhíodh cloch thíos ina chroí agus deirtear, bhí sé ráite sa tairngreacht go n-imeódh an chloch sin as an tobar, le linn rud a cinnt tarlú, agus tharlaigh sé. D'imigh an chloch sin as an tobar roimh chogadh 1914 agus d'fhan sí píosa imihte as, agus tar éis tamaill chonacthas í agus í ceangailte i sclaip, píosa beag uaidh, agus ní mórán achair go bhfacthas arís go dtáinig an chloch trasna; go dtáinig sí síos sa tobar; agus ní raibh fhios ag duine ar bith cén chaoi a dtáinig sí ann. Chaith sí téama ansin ann agus arís thárla an rud céanna; d'imigh sí as an tobar le linn cogadh a tháinig in 1939. Chaith sí tearma imithe as sul má facthas arís í; mar bhí sí suantasach - ba cloch aithrid a bhí inti agus tháinig si thar n-ais arís sa tobar agus tá sí ann anois arís le fada, agus is dóigh liom go mbeidh sí ann go dtarlóidh b'fhéidir rud a cinnt suntasach arís den tsórt sin.
Bhuel Lá an Phatrúin a bhíodh againn riamh air, agus ba mhaith an lá an phatrúin dúinn é, mar bhí muid inár ngasúir agus ní morán airgid a bhí againn, ach an méid a bhíodh ann, bhí sé luachmhar agus bhíodh 'sweets' agus milseáin agus brioscaí agus rudaí le fáil againn nach raibh a leithidí le fáil againn roimhe sin in aon áit.
Bhuel bhíodh oíche agus lá patrúin ann. Bhíodh an oíche ansin ann a mbíodh spóirt agus greann agus damhsa agus amhráin agus ól ann. Bhíodh cabáin ar an bpatrún, ní fhaca mise iad, ach bhí siad ann le ól a thabhairt amach; agus bhíodh damhsa ann agus thagadh píobairí ann as chuile cheáird agus bhíodh amhráin ar siúl ann ar feadh na hoíche - go maidin. Caranna capaill is mó a bhíodh ann, mar ní raibh a mhalairt ann; thagaidís as chuile cheáird an uair sin; ó Chonamara, ó Uachtar árd agus tharr barr na Gaillimhe agus taobh amuigh; agus taobh thoir do Ghaillimh ag tabhairt turas ar an tobar.
Agus anois taréis na mblianta - tá an turas anois, tá sé beagnach imithe chun déigh nó bhíodh. Ach d'éirigh Dia leis go dtáinig sagart anseo againn sa bpobal, an tAth. Tadhg ó Móráin agus thosaigh seisean arís le aifreann a léamh ag an trá agus tá an t-aifreann sin anois coinnithe ar bun leis na blianta, b'fhéidir go bhfuil sé scór blianta anuas agus is beag nár raibh sé imithe an tráth sin; agus tá sé tagtha thar n-ais arís - an turas agus an t-aifreann agus lá an phatrúin; agus níor imigh sé ariamh fós, agus tá súil agam nach n-imeoidh le cúnamh Dé. An Aos óg atá ag teacht suas tá súil agam go gcoinneoidh sibh suas an patrún agus an turas; agus go gcoinneoidh sibh suas in onóir é do naomh Colmcille mar is maith leis go mór an turas sin a choinneál suas.
Bhuel tá bád ansin anois nó cloch báid - cloch atá déanta i bhfoirm báid agus deirtear go dtáinig sé trasna an chuain as árainn go ndeacaidh sé i dtír ansin, agus bhí lorg a láimhe - a láimh mhór mhillteach - díreach i gcroí na cloiche agus deirtear nuair a d'éirigh sé as an mbád sin - nuair a chuaigh sé i dtír gur chuir sé a láimh go trom ansin agus gur fhág sé lorg ann. Tá daoine go leor ann a thugadh turas ar an mbád sin freisin, agus is iomaí píosa de a chuaigh i gcéin go Meiriceá agus go Sasana agus áiteacha eile. Daoine a thugadh píosaí leo mar phíosa cuimhneacháin nó souveniers nó rudaí mar sin a thug go Meiriceá é agus chuir anonn ag daoine eile é a bhíodh ag dul trasna go Meiriceá, ach anois maidir leis na daoine óga, ní chuireann siad aon suim ansin agus tá an obair sin beagnach imithe uilig; agus ní bhacann siad leis mar ní chreideann siad ina leithid; anois faoi láthair tá an t-athrú mór tagtha, ach tá súil agam fhéin go gcoinneoidh an patrún agus an turas agus an t-aifreann anois a tháinig ansin agus go dtabhairfear chun cinn arís é agus go mairfidh sé.
A ghlúin óig ná ligí síos é.
Pic Dubh & Bán thuas: Raymonde Standún
|