Lá an Tobair
9 Meitheamh
Comóradh Cholmcille 597 - 1997

Fuair Colmcille bás ar an 9ú lá Meitheamh 597 agus sa bhliain 1997 bhí comóradh an 1500 bliain ó cailleadh é. Sa pharóiste anseo d'éisigh an scoil, Scoil Colmcille na Tulaí iriseán ag céiliúradh na hocáide. Seo mar a scríobh an Sagart Paróiste ag an am


Cludach na irise!

    "Tá muide - Pobal Cholmcille na Tulaí - chomh suimiúil le cat siopa go bhfuil a leithéid de mhór-phátrún again - file, scríobhneoir, scéalaí, tír-grathóir, Críostaí, deoraí Chríost, misinéir, naomh, togha treoraí is eiseamláir i gcúrsaí dúchais, cultúir, teanga agus creidimh. Ná tóg orainn ár suimiúlacht as a leithéid de Naomh-Phátrún. Níl neart again air!

    Tá eolas ar phearsantacht Cholmcille agus tá cionn agus grá do naomh ag Pobal na Tulaí fós idir óg agus sean. Chuidigh na scéalta faoin gcapall bán, an chorr-éisc, tobar nach dtriomaíonn, an bád cloiche agus an craiceann a cuireadh ortha go mór le cáil agus cuimhne Cholmcille a choinneáil úr I n-intinn an phobail."
    Micheál Ó Flannabhra S. P. 1997

Agus seo dán deas a scríobh cailín i Rang 3:

    Lá breá gréine a bhí ann
    Is mé ag imeacht liom ar fán
    Chonaic mé fear I gclócha bán,
    A raibh litir ina lámh.

    Tháining sé chomh fada liom
    Agus chuir an litir i mo láimh
    Séard a dúirt an litir liom
    "Téigh go Conamara ar ball."

    Ar maidin lá ar na mhárach
    D'éirigh mé leis an lá
    Síos liom go dtí an aill
    Agus is as a rinne mé mo bhád.

    Ar aghaidh liom go Conamara
    I mo bhaidín alainn cloich.
    Ós cionn na dtonnta bána
    Go dtáining mé slán sa mBanrach

    Kate Nóra Ní Chonfhaola, Rang 3 1997

Scoil Cholmcille, An TulaĆ­, Conamara
Tá Scoil Cholmcille na TulaĆ­ ag céiliúradh 50 bliain ar an saol sa bhlian 2012!
Baile

1684
1816
1963
1995
1997
2010
2011