Lá an Tobair
9 Meitheamh
Johnny Chóil Mhaidhc agus Lá an Phatrúin!

Johnny Chóil Maidhc Ó CoistealbhaSeo athscríobh focal ar fhocal de phíosa a bhí ag Seán Ó Coistealbha (Johnny Chóil Mhaidhc) in "Ar Aghaidh" i mí na Samhna, 1963.

An Tairngireacht:
Daoine adéarfadh nach ndearna Colm Cille aon Tairgneacht riamh ach gur cuireadh ina ainm í le díol a fháil ar an leabhar. Fear eile adéarfadh gur b'shin bréag mar nach mbeadh aon duine eile indon a leitheid de chaint a rádh ach an Naomh féin.

Nár dhúirt sé go dtosnófaí Séipéal trí huaire idir dhá dhroichead i gCois Fharraige agus nach gcríochnófaí choidhchín agus nár tosnaíodh? Nár dhúirt sé nach n-aithneofaí an Samhradh thar an Geimhreadh ach go mbeadh an lá níos fuide.

Ach a dhiabhail nach é Máirtín Ceannaí adeir é sin?

Seadh, agus go dtiocfadh an lá fós go mb'fhearr stoca min choirce ná stoca óir.

Go dtiocfadh Fómhar na mBan Fán agus go ndéarfadh an iníon le na máthair: feicim fear.

Go mbeadh athrú mór ar Chonamara fós go mbeadh céibh ins gach crompán, droichead ar gach sruthán agus slinn ar gach bothán -

Cén mhaith dhuit a cainnt, nach Béarla ins gach bothán adeir sé?

Sin é chreidfinn. Nach bhfuil sé gar dó cheana?

Mar sin chaithfidhe Lá an Tobair le míle agus cheithre chéad bliain ach bhí athrú mór i mbliana air i ngeall ar an Aifreann.

An tAifreann:
Ní raibh an Sagart tagaithe fós. B'álainn an radharc é faoi shúile Dé agus faoi shoals lonnrach na gréinne. Bhí carranaí ar an tráigh ann. Bhí rothair na gcarnaín ann agus bhí daoine ina sluaite ann. Sheas na páistí go ciúil I mbéal na trá, ag comhaireamh na sliogáin ag faire na míola críonna sa snáth mara. Ní raibh dor ná dar asta fiú an cogan féin. Bhí na sean mhná ar a gcorageamh ós comhair na hAltóra. Cuid acab ara leath-ghlúin, cuid na seasamh agus cuid acab ina síos. Sheas na daoine óga ar gcúl le ómós agus áit a thabhairt dóibh siúd bhí goite in aois agus a raibh a n-ainm anois glaoite ar rolla deireannach an bháis.

Aifreann ar Lá an Phatrúin
Pic: Raymonde Standún

Sheas an slua de phlimp, bhí an Sagart tagaithe agus an tAifreann ar tí tosuighe. Thosuigh an tAifreann, chuaigh an pobal ar a nglúine sa ngainimh. Thuit ciúineas sa sluagh. Ní raibh fuaim dá laghad le clos ach corr ghéim bó I bhfad ó chéile agus fuaim uaigneach na Laidne ag imtheacht leis an ngaoith.

Imeasg an tsluaigh bhí sean fhear, é críon liath, a ucht leigthe isteach ar an sgonsa dó a bhí idir an roilig agus an fharraige. Ba é an dath tréigthe céanna a bhí ar a chulaith liath ghlas flainín agus ar chlocha coiléir an sgonsa. Bhí a shúile ar dhath na mara agus iad sluigthe siar ina chloigeann, reic ina éadan, agus mannt ina dhrad. Thiúrfá an leabhar gur ball den sgonsa é marach an chaoi a raibh a bhéal ag corraí le gach cloch den Pháidrín dá raibh sé chur thairis third na méartha tanaí snaite. Thugadh sé súil thairis siar amanntaí ar chúinne amháin den roilig mar a raibh a bhean agus a thriúr mac curtha. Suil uaigneach brónach mar bheadh sé a rá leis féin "tiúrfaidh mé cuairt eile aríst orraibh, aon chuairt amháin, an chuairt dheire ar Thobar na ndeór, seoladh deireannach na marbh".

Leig crotach sgread as ar fheiscint an tsluaigh dó agus é ag dul thart de sgiotán. Thosaigh rún ag caoine sa gCuan. Shuidh na daoine ag an tSeanmóir, bhí an tAifreann thart. B'áluinn an tSeanmóir a thug an Sagart uaidh ar Cholm Cille, a shliocht, a shaol, a uaisleacht, a dhiagantacht, agus torad a shaothair.

Scaip an sluagh go dtí nach raibh fanta anois, ach an taoille ag síor imeacht, isteach agus amach, amach is isteach mar bhí ó thus agus mar a bhéas go deire. Thosuigh Seáinín an Fhéir ag caoine imeasg na marbh.
Le caoincead Chlainn Sheáin Uí Choistealbha

Baile

1684
1816
1963
1995
1997
2010
2011