Lá an Tobair
9 Meitheamh
Radharc ar Árainn ón mBánrach Radharc ar Árainn ón mBánrach

An Turas

Máirín Mhic Lochlainn
Máirín Mhic Lochlainn
Tá an tobar beag in uachtar cladaigh, agus is ar an tobar seo a dhéanann duine an chéad turas, naoi n-uaire timpeall an tobair, ag rá naoi ár nAthair, naoi Sé Do Bheatha Mhuire, agus naoi nGlóir don Athair le linn an turais. Ba ghnáth le daoine ocht gcinn déag de shliogáin bheaga a bhailiú sul a dtósodh siad ar na turais, ag caith ceann do na sliogáin san tobar ag deireadh chuile thimpeall. Nuair a bhíonn turas an tobair bhig thugtha, tugann duine a n-aghaidh ar an tobar mór, agus déanann siad an cleas céana, ag timpeallú an tobair naoi n-uaire agus ag úsáid na sliogán lena dhéanamh. Má éiríonn leat lorg an tslabhra a fháil is féidir leat é a leanacht, agus tabharfaidh sé díreach ag ceann thoir an tobair mhóir thú. Ní bhíonn sé éasca an lorg a fheiceál go minic, mar go bíonn sé clúdaithe le feamainn. Tá sé i bhfad níos éasca an tobar mór a fháil ná an tobar beag, mar go bhfuil sé suite díreach ar chlé ag bun an tsrutháin ag dul i bhfarraige. Má éiríonn le duine cuairt a thabhairt ar na toibreacha le linn rabharta, bheadh thart ar dhá uair a cloig ann idir an t-am a mbíonn an fharraige amuigh, agus sul má thosaíonn sí ag timpeallú an tobair ath-uair. Is ar éigin gur féidir é thimpeallú le linn malluair. Bád Cholmcille

Nuair a bhíonn na turais déanta thart timpeall na dtoibreacha, tugann duine a aghaidh ar an tsean-roilig, atá taobh thiar-thuadh den trá agus den tsrutháin. Ar do bhealach go dtí cloch na hofrála atá istigh sa roilig, feiceann tú bád Cholmcille suite ansiúd go díreach is dá gcuirfí ansin in aon turas í. Séard atá inti ná carraig mhór atá suite ar a corr ar bhárr clocha atá i bhfad níos lú ná í, agus scoilt ar dul timpeall uirthi an bealach ar fad. Deirtear gurbh í an scoilt seo lorg an tslabhra a bhí ag Colmcille le h-aghaidh an bháid a cheangal. Tá an charraig seo an-chosúil leis na carraigeacha a d'usáidfí i gcóir uathanna réamh-chríostaíochta, ach ní h-iondúil gur san cladach a fáitear a leithid de uatha. Ní dheirtí aon phaidir ag an mbád cloiche seo, ach dhéanfadh an sean-dream cinnte go mbeadh a fhios ag an dream óg gurbh í seo bád Cholmcille.

Sean Reilig MhaoghreasNuair a théann duine isteach geata na sean-roilige, atá ar an mBántrainn (mBánrach), casann tú ar thaobh do láimhe deise, agus coinnigh siúil amach do leac ar a bhfuil píosaí airgid caite. Leac na h-ofrála a ghlaoitear uirthi seo, agus seo é an áit a gcríochnaíodh daoine a dturas Lá an Phatrúin fadó. Cosúil leis na toibreacha, deirtí naoi Ár nAthair, naoi Sé Do Bheatha, agus naoi Glóir do Dhia ag an leac seo, agus ar deireadh thiar thall, chaite pighin, réal nó leath-réal ar an leac seo mar ofráil ar shon na marbh. Ansin theadh duine ar cuairt chuig uatha a mhuintire, agus ghlanadh siad iad, agus chuirtí cupla paidir le h-anam na marbh.

2012 © Máirín MhicLochlainn
Pic dubh agus bán Raymonde Standún

Baile

1684
1816
1963
1995
1997
2010
2011


Lá an Phátrúin

Scríodh seo ar an 8ú lá Meitheamh, 2010 An lá roimh Lá an Phatrúin agus cuireadh an vearsa deireadh leis i 2012

Sé inniu lá an phátrúin
Lá ceiliúradh Choilm
Nó Columba as Laidne
Ach Colmcille an t-ainm aitheanta.

Bhíodh patrún ar an mBántrainn fadó
Is turas ar na toibhreacha ag sean agus óg
Ach ní bhíonn anois ann ach aifreann
Cois na sean roilige
Ar altóir cloiche.

Tháinig Colmcille isteach a'inn
Ar bhád cloiche as Árainn
Is bheannaigh sé na toibreacha
Théis dó í cheangal le cladach.

Tá lorg an tsliabhra le feiceál go héasca
Ach na toibreacha fhéin
tá siad deacair a aimsiú
Mar a bhfuil sé ina iarthrá
Déan dearmad ar d'aistir.

Dhéantaí turas ar na toibreacha
Nuair a bhí mise i mo ghasúr
Is chun na roilige ina dhiaidh sin
Is ar leac na hofrála d'fhágadh muid ár siúntús.

Thuas ag ceann an bhóthair
Bhíodh na cabáin ann ag fanacht
Go mealladh siad an cúpla pingin uaim
Le bréagáin is milseáin a cheannacht.

Thiar Tí Pheter Mhóir
Bhíodh na daoine fásta bailithe
Ag ól cúpla pionta
Is ag caitheamh siar corr leathcheann.

Bhíodh corr throid
Pléascadh ann agus achrann
Mar gur iomái sin spite feamainne
A réitiú théis an coiricín bheith líonta.

Thoir in sa halla ar an Tulaigh
Bhíodh an Céile an oíche sin
Áit a ndamsoirí an Chaidhp
An Staicín is damhsaí mór na haoise.
Maidin lá ar na mháireach
Bhíodh corr cloigean tinn ann
Mar gur óladh an iomarca
Rud nach mbíodh acu air cleachtadh.

Ach theastaigh ón eaglais
Greim a fháil ar an ocáid
Is leagadar an leac síos
I gcómhar ceiliúradh nua-aimseartha.

(2012)
Ach céad glóire do Rí na nGrásta
Tháinig athrú ar sin anuradh
Nuair a tháinigeamar le chéile
Is thosaigh ar chéiliúradh eile a dhéanamh ar an bhFéile.
Feabhra, 2012.© Máirín Mhic Lochlainn