Lá an Tobair
9 Meitheamh
Cérbh é Colmcille? Éarlamh Éireann

Rugadh ar an 7 Nollaig sa bhliain 521 é i nGartán i dTír Chonail. Bhí pór uasal ann, agus gaol aige leis na hUí Néill - le sliocht Néill Naoighiallaigh, ríthe Gaelacha Uladh. Is é Criomhthann nó Criomhachán an chéad ainm a baisteadh air, ach ós rud é go raibh sé ina aifreannach díograiseach dúthrachtach, agus é ag tarraingt ar an eaglais ó bhí sé óg, thosaigh na daoine ag tabhairt Colm na Cille air.

Naomh Colmcille
Naomh Colmcille (Fuinneoig i nDún Éidean, Alba!
Bhí Colm Cille ar thóir Dé agus an léinn, agus tharraing sé air idir léann na Críostaíochta agus léann dúchasach na nGael sna scoileanna ar ar fhreastail sé i gContae an Dúin agus i gCúige Laighean. Nuair a bhí an scolaíocht críochnaithe aige, chuaigh sé ag déanamh misinéireachta in Uladh. Is iomaí mainistir agus scoil a bhunaigh sé.

Ba dhóbair do Cholm Cille, áfach, nárbh é a shaint i léann a chaill é. Fuair sé iasacht leabhair ó Fhíonán, a bhí mar mhúinteoir aige i scoil na sagart, i Maigh Bhile, Baile Nua na hArda, Co. an Dúin, agus nuair a thug sé an leabhar ar ais, fuair Fíonán amach go raibh cóip den leabhar breactha síos aige. Bhí Fíonán ag éileamh go dtabharfaí an macleabhar dó chomh maith leis an mbunleabhar. D'éirigh ina chogadh dearg idir lucht leanúna na beirte eaglaiseach, agus troideadh cath mór i gContae Shligigh sular tháinig an scéal chun réitigh.

An Cathach
An Cathach - an scríbhinn is sine in Éirinn ón 6ú/7ú Aois - san Acadamh Ríoga i mBaile Átha Cliath!

Fuair Fíonán an leabhar ar ais sa deireadh - ón lá sin, thugtaí "An Cathach" ar an gcóip sin den leabhar - agus chuaigh Colm Cille ag misinéireacht in Albain mar bhreithiúnas aithrí. B'ansin a bhunaigh sé an mhainistir in Oileán Í (Í Cholm Cille), agus b'ón áit sin a chuaigh an Chríostaíocht agus an Ghaeilge i bhfairsinge ar fud na hAlban.

Fuair Colm Cille bás ina mhainistir féin in Í ar an 9 Meitheamh, 597.

N Colmcille Naomh Colmcille le Risteard Ó Cionga (1907 - 1974)

Baile

1684
1816
1963
1995
1997
2010
2011