2: Banda Leathan i nGaillimh Thiar?
Dáta: Máirt, Iúil 25, 2006 11:51 rn
Ábhar: Fwd: Banda Leathan i nGaillimh Thiar?

Scríobh mé an píosa thíos libh i mí Feabhra.
Fuair mé freagra ó Sheosamh Ó Cuaig, Éamon Ó Cuív (Gaeilge amháin - gura maith agaibh), Jim Higgins, Pádraic McCormack (Gaelge ar dtús agus ansin d'iompaigh siad ar an mBéarla), agus Noel Grealish (Béarla amháin). Ní fhuair mé oiread is focal amháin ó éinne eile i mBéarla, Gaeilge nó teanga ar bith eile.
Go bhfios dom níl éinne seachas Seosamh Ó Cuaig ag déanamh rud faoi agus fuair sé amach gur féidir gach cheantair a chlúdach ach an toil a bheith ann.
Chuir an Aire cóip de litir ón Údarás chugam i mí Aibreán ach is cosúil nach bhfuil aon rud tárlaithe ó shin. Deireann sé go bhfuil sé ag coimeád súil air.
Scríobh mé chuig an Aire Cumarsáide ach go dtí seo níor fhreagair sé mé.
Rinne mé fhéin iarracht córas saitilíte a fháil ar phraghas a bhí réasúnta go mór. Córas "asymetric" a bheadh ann ach is cosúil go bhfuil deachreachtaí leis sin mar tá Caorán na gCearc ar imeall réimse chraoladh na saitilíte. Fiú má éiríonn leo an córas seo a chuir isteach anseo ní bheidh sé comh maith le córas ceart "symetric" mar beidh mé i ndán rudai a íoslódáil ach bheit mé ag brath ar an chóras teileaphóin neamhsheasamhach le rudaí a chuir amach.
Chuala mé go ndúirt an Aire nach bhfuil sé ag tabhairt cead don Údarás níos mó airgead a caitheamh ar seo agus tuigim an dearcadh atá aige. Is obair don Roinn Cumarsáide é. Ach ó mo thaithí féin den roinn sin níl go leor spéis acu sa ceist fiú chun litreacha faoi a fhreagairt.
Tá an easpa seirbhís ag cuir isteach orm go mór anois mar tá na seirbhíse idirlíon ag éirí níos foirleathaine in aghaidh an lae. Idir cúrsaí bhaincéireachta, cursaí chánach agus eile - rudaí nach féidir liomsa a úsáid. Tá sé deachair rudaí simplí a dhéanamh mar ticéad taistil traenach nó eitileáin a cheannach.
Is mí bhuntáiste mór gan an banda leathan a bheith agam ná ag mo leithéad-sa ach is cosúil gur cuma leis na comhlachtaí cumarsáide nó an Roinn Cumarsáide faoi. Níl an toil ann!
Nil fhios agam céard is ceart dom a dhéanamh anois. An féidir leatsa comhairle a thabhairt dom?


1: Banda Leathan i nGaillimh Thiar?
Cuireadh an ríomh phoist seo chuig na daoine seo leanas:
Seán Ó Neachtain; Jim Higgins; Marian Harkin; Éamon Ó Cuív; Frank Fahey; Noel Grealish; Micheál D. Higgins; Pádraig McCormack; Seosamh Ó Cuaig; J Conneely; Connie Ní Fhatharta; Seán Kyne; Séamus Breathnach
A Mallaghan; C McQuillan; A Farrell;
John Glynn

A Chara

Seans gur chuala tú ar "Chursaí an Lae" mé ag caint le Neasa Ní Chualain ar an ábhar seo (10/2/2006).

Tá mé ag lorg seirbhís bhanda leathan le breis is dhá bhlian anuas.
Ceartúchán
22 Feabhra 2006

A chara

Bhí mí-thuiscint san teachtaireacht a chuir mé chugat ar an deichiú lá den mhí seo.

Tá soiléiriú faighte ón Údarás nár thugadar aon airgead chuig COM 1 agus is ón Roinn Cumarsáide a bhí pé cabhair a fauir COM 1.

Seo tógtha ó preas ráiteas ag an Roinn féin ar an 6ú Lá Iúil - i mBéarla amháin go bhfios dom.

    "The Minister for Communications, Marine & Natural Resources, Mr Noel Dempsey, T.D., has announced the first 16 rural broadband projects to be approved under the County & Group Broadband Scheme (GBS). Under these projects, broadband service providers have been offered grant aid of over €480,000 to part-fund the roll-out of broadband network in these areas. Today's sixteen approved projects represent an overall investment of over €1,000,000, and they will cover 27 communities with an overall population of over 20,000 people.
    The GBS initiative is targeted at rural and low population areas that would be unlikely to get broadband services in the near term. The first 16 projects are located in the counties of Clare, Galway, Kerry, Leitrim, Limerick, Mayo, Meath, and Tipperary. The approved projects are:
    .... Cois Fharraige Gaelteacht, Co. Galway (includes Bearna, Na Forbacha, An Spidéal, Indreabhán, An Tullach and Baile na hAbhann) ....
    While announcing the first group of approved projects, the Minister said that he was 'delighted with the overwhelming response from towns and communities across Ireland. Over 130 applications have been received by my Department, which cover more than 200 towns and villages and another 150 rural areas'. The Minister added that 'over 300,000 people live in the areas covered by these rural broadband proposals'. "
Nuair a chuala mé an nuacht seo scrí mé chuig an roinn ag an am ag lorg eolas agus fuair mé an freagra seo:

"Mar a iarradh, sonraí faoi Ghaeltacht Cois Fharraige, Co. na Ghaillimhe

    Grúpa Pobail: Udaras na Gaeltachta.
    Soláthraí Seirbhíse: COM1
    Teicneolaíocht Leathanbhanda: FWA
Le gach dea guí,
Eilish Ruddle, Press Office
Department of Communications, Marine and Natural Resources"

Maith dhom gur thóg mé míniú mícheart as seo.

Ach fós níl seirbhís bhanda leathan faoin scéim seo siar ón Spidéal.

Mise le meas ort.

Eoin Ó Riain

I lár na bliana seo caite chuala mé go raibh an Roinn Cumarsáide tar éis deontas a thabhart d'Údarás na Gaeltachta córas raidío a sholathar do cheantair Chois Fharraige. Bhí comhlucht(COM1) chun aeróg a chuir suas ar Shliabh Ealbha chun comhartha a sholathar don cheantair.

Is cosúil go raibh fadhb leis an suíomh sin agus cuireadh aeróg thuas i gCinn Mhára ina ionad. Deirtear go dtugann sé seo seirbhís d'oirther an cheantair ach fagann sé iarthar an cheantair gan sheirbhís.

Creidim go bhfuaradar airgead ón Údarás chun chóras bhanda leathan a sholathar do Chois Fhairrige ar fad agus ní h-amáin don cuid de atá comhgarach do chathair na Gaillimhe.

Deirtear go bhfuil Éircom chun seirbhís a sholathar ach ní mór don chustiméar a bheith cóngarach don malartán. Agus tá mé ag ceapadh go bhfuil mé ró fhada amach anseo ar an gCaorán.

Fagann sé sin fós gan seirbhís mé ach an córas neamhmhuiníneach fón.

Níl duine ar bith sásta a rá an mbeidh an seirbhís le fáil riamh!

Bhí mé ag caint le duine le déanaí a dúirt go raibh sé ag smaoineamh ar imeacht isteach go Gaillimh muna thárlaíonn rud éigin go luath.

An bhfuil an Údarás, an Comhairle Chontae, an Rialtas féin dairíre faoin leathan bhanda a chur ar fáil ar chostas réasúnta don tír uilig nó an amhlaigh go bhfuil siad sásta an seirbhís a fhágáil sna cathaireacha agus sna bailte?

Tá mé ag lorg an seirbhís seo le dhá bhliain anuas agus anois is cosúil go bhfuil mé thar n-ais san áit ina raibh mé - nó b'fhéidir níos measa - sular thosaigh mé.

An féidir leatsa rud ar bith, aon bhrú, a thabharfadh dóchas éigin dom?

Mise le meas ort

Eoin Ó Riain
Caorán na gCearc
Baile na hAbhann
Conamara

Ní raibh seoladh ríomhphoist ag na hionadaí/oifigí seo leanas agam agus tá cóip de seo curtha ar aghaidh agam trén gnáth phoist.

Seán Ó Tuairisc, Comhairleoir & Ball Tofa ÚnaG
Tom Welby, Comhairleoir
Val Hanley, Ball Tofa ÚnaG
Seán Crevin, Ball Tofa ÚnaG
Treasa Uí Lorcáin, Ball ÚnaG
Cathy Uí Ghoill, Ball ÚnaG


Pádraic Ó hAoláin, Príomh Fheidhmeanach UnaG

Freagraí

4/9/2006: Nuair is leor 'nód' don eolach!

31/8/2006: Comhfhreagras le hÉamon Ó Cuív TD, Aire Pobal, Tuiaithe agus Gaeltachta

2/8/2006: Comhfhreagras le Pádraic McCormack TD

27/7/2006: Comhfhreagras le Seán Ó Neachtain Feisire Eorpach

17/7/2006: Seosamh Ó Cuaig

10/7/2006: Litir i Lá

9/6/2006: Litir san Chúradh Chonnachtach

13/4/2006: Comhfhreagras le Pádraic McCormack TD

23/3/2006: Comhfhreagras leis an Seanadóir Jim Higgins Feisire Eorpach

22/3/2006: Comhfhreagras le Noel Grealish TD

9/3/2006 Comhfhreagras leis an Aire Dempsey agus an Roinn Cumarsáide

14/2/2006: Comhfhreagras le hÚdarás na Gaeilge

10/2/2006: Seosamh Ó Cuaig - glaoch tacaíochta teileafóin.



Cuan Chasla (Tim Robinson)-380kb
Dílís don Ghaeilge!